Tugann an Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo Áitiúil Taibhithe Áitiúla ó Neart go Neart in 2022
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (an 4 Márta), d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, sonraí na n-imeachtaí beo a chuirfear ar stáitse le maoiniú €5m a leithdháil sí ar údaráis áitiúla don Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo Áitiúil.
Tá sé mar aidhm ag an scéim tacú le téarnamh na hearnála léirithe beo ag leibhéal áitiúil trí chuidiú le húdaráis áitiúla imeachtaí léirithe beo a mhaoiniú a bhaineann úsáid as seirbhísí ealaíontóirí áitiúla, ceoltóirí, teicneoirí, léiritheoirí agus cleachtóirí gairmiúla eile.
Dúirt an tAire Martin:
“Chonaic mé cé chomh luachmhar agus a bhí Scéim 2021 do phobail ar fud na tíre le linn na paindéime agus creidim go dtabharfaidh an tacaíocht leanúnach seo fuinneamh don earnáil áitiúil léirithe ar fud na hÉireann agus go gcinnteoidh sé go mbeidh rath ar ealaíontóirí agus ar chriú anois agus deireadh curtha leis na srianta."
Thacaigh Scéim 2021 le breis agus 350 imeacht i ngach contae in Éirinn. Reáchtáladh margaí na Nollag, geamaireachtaí, seónna cabaret, cóir agus fiú eispéireas Dhaidí na Nollag i mianach – léiríodh éagsúlacht agus cruthaitheacht iontach. Thacaigh an maoiniú le breis is 10,000 lá fostaíochta do dhaoine a oibríonn san earnáil léirithe beo.
Dúirt an tAire Martin:
“Tá cúrsaí ar fud na tíre ina gcíor thuathail le dhá bhliain anuas. D’éirigh go han-mhaith leis an Scéim ó thaobh deiseanna fostaíochta a sholáthar do thaibheoirí agus do chriúnna áitiúla i ngach contae, ag taispeáint taibheoirí cumasacha áitiúla.”
Cibé ar tharla na himeachtaí laistigh, ar líne nó amuigh faoin aer, bhí an t-aiseolas a fuarthas thar a bheith dearfach.
“Tá sé go hálainn a bheith ar ais ar an stáitse tar éis beagnach dhá bhliain. Níl aon rud níos fearr ná an mothúchán sin."
– Comhairle Cathrach Chorcaí
“Tá sé go hiontach beocht a fheiceáil sa chathair arís.”
– Comhairle Cathrach na Gaillimhe
“Tá na ceoltóirí an-bhuíoch as an obair, eispéireas draíochtúil a bhí ann.”
– Comhairle Chontae an Chabháin
Bhain 3472 ealaíontóir agus taibheoir aonair leas as an scéim seo a chuir Roinn an Aire Martin ar fáil anuraidh, rud a chuir le líon na ndaoine agus an caiteachas sna bailte agus sna sráidbhailte áitiúla freisin. Tá sé beartaithe ag an Aire Martin cur leis an rath seo trí €5m a leithdháileadh ar Scéim 2022 le haghaidh imeachtaí a bheidh ar siúl as seo go deireadh mhí an Mheithimh. Tá sé beartaithe ag gach Údarás Áitiúil anois gach contae a shaibhriú le himeachtaí iontacha sna míonna atá romhainn.
Bí ag faire amach do haischlibeanna #BeoÁitiúil chun imeachtaí a chuirfear ar stáitse le maoiniú na Scéime a aimsiú.