Beidh Éire ina ‘Tairseach chun na hEorpa’ – fáiltíonn an tAire Ryan agus an tAire Smyth roimh an gcábla fomhuirí teileachumarsáide ‘IRIS’ idir Gaillimh agus an Íoslainn
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Suiteáladh cábla fomhuirí teileachumarsáide ar a dtugtar IRIS idir Gaillimh agus an Íoslainn. Leis an gcábla nua, a leaindeálann i nGaillimh, soláthrófar naisc dhíreacha ardacmhainne chuig an Íoslainn, agus nascacht ar aghaidh chuig Tuaisceart na hEorpa ann tríd an Danmhairg. Is é an toradh a bheidh ar an gcóras cábla sin ná go méadófar acmhainn agus éagsúlacht na nasc Idirlín chuig Éirinn.
Tá straitéis á saothrú go gníomhach ag Éirinn chun go mbeidh sí ina ‘Tairseach chun na hEorpa’ le haghaidh cáblaí fomhuirí teileachumarsáide. Tá an Stát ar tí a bheith ina phríomh-mhol nascachta idirnáisiúnta idir Meiriceá Thuaidh agus an Eoraip.
Rannchuidíonn feabhsuithe ar nascacht dhigiteach le fás geilleagrach níos gasta, le níos mó post a chruthú, le rochtain fheabhsaithe ar sheirbhísí poiblí agus le margaí leathnaithe. Tá dhá phríomhghné bonneagair mar bhonn agus thaca ag nascacht dhigiteach aon tíre: an gréasán nascachta idirnáisiúnta; agus an gréasán nascachta intíre.
Ag labhairt dó ag an searmanas leaindeála cábla ar thrá Bhaile an Locháin i nGaillimh, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Leis an gcábla IRIS, breisítear nascacht dhigiteach na hÉireann go hidirnáisiúnta, agus é ag soláthar na dtosca riachtanacha a theastaíonn ó ghnólachtaí chun go mbeidh siad in ann dul in iomaíocht go domhanda agus infheistíocht a mhealladh. Leis an ród díreach ardacmhainne seo go dtí an Íoslainn agus ar aghaidh go Tuaisceart na hEorpa, soláthraítear deiseanna do gach gnólacht a gclúdach margaidh a leathnú. Tá sé mar chuid den réabhlóid thionsclaíoch nua – ar réabhlóid í a chomhcheanglaíonn bonneagar digiteach ar ardchaighdeán le teicneolaíocht inathnuaite, le bonneagar agus le scileanna, rud a chabhróidh lena chinntiú go mbeidh Éire chun tosaigh fós ón taobh digiteach de agus ó thaobh na haeráide de agus go gcoimeádfaidh sí a buntáiste iomaíoch mar gheilleagar atá glan, nuálach, slán agus oscailte."
D’fháiltigh Ossian Smith, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach, roimh an infheistíocht sa chábla freisin. Dúirt sé:
"Cor cinniúnach i stair chumarsáid na hÉireann atá ann. Tá Éire ina mol cumarsáide idir ilchríocha ó bhí an bhliain 1858 ann, tráth a ródaíodh trí Éirinn an chéad chábla trasatlantach riamh lena gceanglófaí Londain le Nua-Eabhrac.
"Is é atá sa lá inniu ná an chéad lá ar a bhfuil cábla fomhuirí nach bhfuil nasctha chuig an Ríocht Aontaithe ná chuig Meiriceá Thuaidh ceangailte le hÉirinn. Is é seo tús an chinnidh straitéisigh a rinne Éire go gceanglódh sí go díreach le Tuaisceart agus Deisceart na hEorpa. Tá Éire ar oscailt do thuilleadh cáblaí fomhuirí anois. Méadófar athléimneacht agus laghdófar agaí folaigh mar thoradh ar na naisc nua sin. Soláthraítear leo an bonneagar a theastaíonn le haghaidh na gcéadta mílte daoine atá fostaithe in Éirinn san earnáil TFC agus san earnáil cógaisíochta."
Is é an toradh a bheidh ar straitéis an rialtais sa réimse seo ná go gcinnteofar go mbeidh acmhainn mhéadaithe ann chun freastal ar an éileamh ar sheirbhísí digiteacha agus ar sheirbhísí sonraí as seo amach, mar aon le héagsúlacht mhéadaithe i róid chábla fhomhuirí teileachumarsáide as seo amach – chun athléimneacht an ghréasáin a chinntiú agus chun nascacht idirnáisiúnta a chumhdach i gcás go dteipfidh ar róid.
Maidir le slándáil an bhonneagair chriticiúil san Eoraip, is buntáiste ar leith é éagsúlacht na stáisiún leaindeála in Éirinn toisc go dtagann na róid chábla ó threonna éagsúla, rud a íoslaghdaíonn an riosca go dteipfidh orthu uile ag an aon am amháin.
Tá an cábla IRIS faoi úinéireacht agus faoi oibriú ag Farice (cuideachta atá faoi lánúinéireacht Rialtas na hÍoslainne, a rinne conradh le SubCom, ar cuideachta dhomhanda í a sholáthraíonn córais chábla snáithoptaice fhomhuirí, chun an córas cábla a shuiteáil).
CRÍOCH
Ghlac an rialtas seasamh láidir beartais chun infheistíocht i nascacht fhomhuirí teileachumarsáide náisiúnta agus idirnáisiúnta na hÉireann a spreagadh agus a threisiú. Leagtar béim ar an seasamh sin, agus tacaítear leis, sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 de chuid na hÉireann agus faoi Ghné 2 de ‘Leas a Bhaint as Digitiú – Creat Digiteach na hÉireann’. Cuirtear in iúl sa dá dhoiciméad sin an tábhacht infheistíochta straitéisí don Stát a bhaineann le nascacht atá ar ardchaighdeán, slán agus iontaofa chuig gréasáin dhomhanda.
Chomh maith leis sin, tá uaillmhian mhéadaithe ann ar an leibhéal Eorpach chun nascacht idirnáisiúnta teileachumarsáide an Aontais Eorpaigh a neartú tuilleadh, lena n-áirítear trí cháblaí fomhuirí teileachumarsáide atá ar ardchaighdeán agus láidir a imscaradh. Is le tionscnaimh a seoladh le déanaí a rinneadh an beartas seo de chuid an Aontais a chur ar aghaidh agus a chur chun feidhme. Áirítear leo sin: