Tá cuairt le tabhairt ag an Taoiseach ar Dhoire
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tabharfaidh an Taoiseach cuairt ar Dhoire níos déanaí inniu (Dé hAoine) agus seo an dara cuairt oifigiúil atá tugtha aige ó ghlac sé lena oifig.
Tabharfaidh sé cuairt i dtosach ar Phrintísigh Mhúsaem agus Cheanncheathrú Dhoire agus casfaidh sé le baill shinsearacha de na Printísigh, sula dtabharfaidh sé aghaidh ar Ionad na Rátha Móire sa Chreagán, áit a gcasfaidh sé le baill den phobal áitiúil chomh maith le grúpaí atá bainteach in obair i bhFiontair an Chreagáin.
Um thráthnóna, labhróidh an Taoiseach ag Dinnéar Iar-Aontas Scoláirí Naomh Colm in onóir Mark Durkan ag Óstán na Cathrach.
Ag labhairt dó roimh an gcuairt, dúirt an Taoiseach:
“Táim ag tnúth le filleadh ar Dhoire. Tugann cuairt an lae inniu an deis dom casadh le baill den phobal níos forleithne agus éisteacht leo go díreach faoina dtuairimí ar an gcás polaitiúil i dTuaisceart Éireann agus, dar ndóigh, an éiginnteacht a chruthaíonn Brexit.
“Tá acmhainneacht shuntasach fáis i réigiún Iarthuaisceart Uladh-an Iarthuaiscirt agus tá Rialtas na hÉireann tiomanta do na tionscnaimh thrasteorann atá ar bun a bhfuil de chuspóir acu borradh a chur faoi fhorbairt sa réigiún. Táimid tiomanta, ach go háirithe, d’infheistíocht mhéadaithe a dhéanamh i líonra bonneagair an réigiúin, bóthar an A5 a bhfuil géarghá leis, ina measc.
“Is deas liom, chomh maith, go mbeidh mé ag freastal ar an dinnéar in onóir Mark Durkan níos déanaí um thráthnóna agus onóir a léiriú ar a thiomantas don tsíocháin agus don athmhuintearas.”