Fáiltíonn an tAire Stáit Seán Fleming roimh Rialacháin Acht an Bhainc Ceannais (Maoirseacht agus Forfheidhmiú), 2013 (Alt 48(1)) (Ceanglais Árachais) 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, Seán Fleming TD:
"Fáiltím roimh Rialacháin nua an Bhainc Ceannais chun cosc a chur ar chleachtas siúl praghsanna sna margaí baile agus mótarárachais, rud a fhágann gurb í Éire an chéad Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh chun é sin a dhéanamh. Soláthróidh sé seo cur chuige níos cothroime maidir leis an gcaoi
a bhfuil praghas ar pholasaithe árachais mótair agus tí.
Tá an cosc ar son an tomhaltóra agus bhí sé ina phríomhghné de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais um Athchóiriú Árachais.
Foilseoidh mé an Bille Árachais (Forálacha Ilghnéitheacha) 2022 go luath, a éileoidh ar an mBanc Ceannais sonraí a fhoilsiú faoin gcaoi a bhfuil na hathruithe seo á gcur ar aghaidh chuig tomhaltóirí."
Is féidir tuilleadh eolais faoi rialacháin nua an Bhainc Ceannais a fháil anseo .