Ath-Oscailt Raon Lúthchleasaíochta Ollscoil Theicneolaíochta na Mumhan
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ath-Oscailt Raon Lúthchleasaíochta Ollscoil Theicneolaíochta na Mumhan
• Athosclóidh an tAire Thomas Byrne raon lúthchleasaíochta go hoifigiúil ar Champas Chorcaí a fuair breis is €14,300,000 de mhaoiniú Stáit faoin gCiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór
• Áiríodh le céim 1 den fhorbairt giomnáisiam agus airéine cispheile nua Ollscoil Theicneolaíochta na Mumhan - críochnaíodh na hoibreacha seo i mí Lúnasa 2023
• Osclaítear Céim 2 go hoifigiúil inniu – feabhsú an raon lúthchleasaíochta a thugann go grád idirnáisiúnta é
• Áirítear le Céim 3 atá sa chéim phleanála faoi láthair tógáil Ionad Lúthchleasaíochta Ardfheidhmíochta Nua faoi Dhíon
Chuir Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, fáilte roimh uasghrádú an raon lúthchleasaíochta ar Champas Chorcaí Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan inniu, an 8 Iúil 2024.
Chuir an Roinn tacaíocht shuntasach ar fáil don tionscadal lúthchleasaíochta seo, ar luach €14,319,830 san iomlán, faoina Ciste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór. Is éard atá sa tionscadal seo a bhfuil tacaíocht Chiste aige ná an raon reatha a uasghrádú chun é a thabhairt go grád idirnáisiúnta agus áireofar leis freisin forbairt ‘Ionad Ardfheidhmíochta Faoi Dhíon’, ar síneadh molta é ar Airéine Spóirt reatha Ollscoil Theicneolaíochta na Mumhan.
Áireoidh an Lárionad Ardfheidhmíochta seo crios mór il-imeachtaí ina n-áireofar raon ráibe agus saotharlanna traenála den chéad scoth, chomh maith le háiseanna le haghaidh imeachtaí ar nós an léim ard, an léim chuaille, an léim fhada agus na trí léim.
Dúirt an tAire Catherine Martin:
“Mhaoinigh Ciste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór mo Roinnse tionscadal OTM-Lúthchleasaíocht Éireann seo, mar aon le hoscailt Mol Réigiúnach Lúthchleasaíochta Luimnigh anuraidh. Is cloch mhíle eile é chun áiseanna a fheabhsú do lúthchleasaithe de gach aois agus cumas sa réigiún. Faoin gcéad bhabhta den Chiste, leithdháileadh €24,019,701 san iomlán ar thionscadail a bhaineann le lúthchleasaíocht. Gabhaim buíochas le gach duine a chuidigh leis an tionscadal seo a thabhairt chun críche.”
Ag labhairt ag an oscailt oifigiúil i gCorcaigh, dúirt an tAire Byrne:
“Mar Aire Stáit don Spórt, tá lúcháir orm go raibh mo Roinnse in ann maoiniú suntasach a chur ar fáil don tionscadal iontach lúthchleasaíochta seo, a bhfuil tábhacht réigiúnach leis. Tagann oscailt Chéim 2 de thionscadal OTM seo freisin ag am iontach do lucht leanúna na lúthchleasaíochta in Éirinn, tar éis fheidhmíocht stairiúil na hÉireann le déanaí i gCraobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa sa Róimh. Agus muid ag druidim leis na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha, níl aon amhras ach go spreagfar níos mó daoine chun áiseanna mar seo a úsáid. Mar Rialtas, táimid meáite ar infheistíocht a dhéanamh inár mbonneagar lúthchleasaíochta, agus is léiriú breise ar an ngealltanas seo é an maoiniú suntasach a leithdháileadh ar thionscadal seo OTM. Guím gach rath ar na lúthchleasaithe go léir a bheidh ag úsáid na háise seo amárach, mar chuid de thionól Spóirt Idirnáisiúnta Chathair Chorcaí”.
NÓTAÍ EAGARTHÓRA
An Ciste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór
Ciste 2018:
Rinneadh foráil sa Bheartas Náisiúnta Spóirt a foilsíodh in 2018 do Chiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór. Is é aidhm an chiste tacaíocht Státchiste a chur ar fáil do thionscadail agus d’áiseanna spóirt níos mó nuair is mó an infheistíocht Státchiste atá riachtanach ná an t-uasmhéid atá ar fáil faoin gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt. Bronnadh €124 milliún ar 33 togra éagsúil faoin gcéad bhabhta seo.
Babhta Nua: An Ciste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór
D’fhógair Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, maoiniú suas le €120m faoin dara babhta den Chiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór, a osclaíodh le haghaidh iarratas ar an 26 Aibreán 2024.
Nuair a dhéanfar measúnú ar iarratais, ar mhaoiniú idir €600,000 agus €30m, cuirfear san áireamh méid an daonra, inbhuanaitheacht, agus a chinntiú go gcuirtear rochtain chomhchosúil ar fáil chun freastal ar rochtain ag fir agus mná ar shaoráidí atá maoinithe ag an gCiste. Níltear ag glacadh le hiarratais ón 1 Iúil i leith.