Fógraíonn an tAire Stáit Chambers Plean Teanga Chaisleán an Bharraigh
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Agus é ar cuairt inniu ar cheantar Iorrais i nGaeltacht Mhaigh Eo, d’fhógair Jack Chambers TD, Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt, gur cheadaigh sé Plean Teanga do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Chaisleán an Bharraigh. Is éard atá i gceist le Baile Seirbhíse Gaeltachta ná baile a chuireann seirbhísí poiblí agus sóisialta ar fáil do phobal Gaeltachta. Baintear stádas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta amach nuair a cheadaítear plean teanga a d’ullmhaigh pobal an bhaile faoi Acht na Gaeltachta, 2012.
Is é Gnó Mhaigh Eo a chuir an plean teanga i dtoll a chéile chun an próiseas pleanála teanga a chur ar bun i gCaisleán an Bharraigh. Fostófar Oifigeach Pleanála Teanga, chun an plean a chur i bhfeidhm faoi stiúir na heagraíochta agus le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Is é seo an seachtú Baile Seirbhíse Gaeltachta a aithníodh go dtí seo faoin bpróiseas pleanála teanga. Cuireann Foras na Gaeilge tacaíocht leanúnach ar fáil do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge seo le pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.
Tá pobail ó Leitir Ceanainn, Gaillimh, Baile Locha Riach, Carn Tóchair, Cluain Dolcáin agus Inis gníomhach san fheachtas seo, ag spreagadh a bpobal an Ghaeilge a úsáid agus páirt á glacadh acu in imeachtaí a bpobal. Ceadaíodh pleananna go dtí seo i dTrá Lí, Dún Garbháin agus anois Caisleán an Bharraigh, agus tá borradh ag teacht ar na pobail Gaeilge seo ar fud fad na tíre agus in Iarthar Bhéal Feirste. ‘Neartóidh sé an ghaoth i do sheolta’- a bheith páirteach, mar a deir siad, i bhfíseán nua náisiúnta a sheol Foras na Gaeilge.
Gaelphobail: Físeán: https://youtu.be/6nXh1XrKMDc
Agus plean Teanga Chaisleán an Bharraigh á cheadú aige dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Ba mhaith liom tréaslú le Gnó Mhaigh Eo - Ceanneagraíocht an Bhaile Seirbhíse Gaeltachta - agus le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile don bhaile. Ach an oiread leis na pleananna eile ar fad atá á bhfeidhmiú cheana féin, tabharfar deiseanna faoi phlean teanga Chaisleán an Bharraigh do phobal an bhaile a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go slán chuig na glúnta atá le teacht. Tacóidh an maoiniú suntasach a d’fhógair mé inniu le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga i gCaisleán an Bharraigh agus ar fud na tíre, ar mhaithe leis an nGaeilge a láidriú.”
D’fhógair sé chomh maith gur cheadaigh sé deontas suas le €75,000 chun tacú le Coláiste Uisce atá lonnaithe san Eachléim chun clár oibre comhaontaithe leis an Roinn a fheidhmiú i ndáil le cur chun cinn na Gaeilge sa cheantar i measc an aosa óig ach go háirithe.
Ag fógairt an deontais do Choláiste Uisce dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Tá taithí 30 bliain ag Coláiste Uisce ar sholáthar cúrsaí do dhéagóirí a chuidíonn leo an Ghaeilge, an fhéinmhuinín agus an cheannaireacht a fhoghlaim. Tá áthas orm go bhfuil sé de chumas ar mo Roinn an deontas seo a cheadú dóibh chun a gclár oibre a chur i bhfeidhm. Tá mé cinnte gur ar leas na Gaeilge a bheidh an infheistíocht seo agus go mbainfidh daoine óga, scoláirí Gaeltachta agus Gaelcholáistí san áireamh, leas agus spraoi as na cúrsaí a chuirfear ar fáil leis an deontas seo."
Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga agus an Phróisis Pleanála Teanga faoi ghníomh 2.14, 2.15 agus 2.21 sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 atá an deontas seo do Choláiste Uisce a cheadú.
Ina theannta sin, tá an tAire Stáit Chambers ag tapú an deis cuairt a thabhairt ar Choláiste Mhaigh Eo agus Páirc Spraoi Comhar Dhún Chaocháin. Casfaidh sé le baill choiste Dhún Chaocháin agus feicfidh sé an pháirc spraoi uileaimseartha nua a bheidh mar áis chun daoine óga a spreagadh agus an Ghaeilge á úsáid ar bhealach taitneamhach, spórtúil agus spraoiúil.
Nóta don Eagarthóir:
• Ceadaíodh pleananna teanga i leith na 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta.
• Ceadaíodh pleananna teanga i leith 7 mBaile Seirbhíse Gaeltachta faoin bpróiseas go dtí seo - Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath, Trá Lí, Dún Garbháin a ceadaíodh ar an 14/07/2022 agus anois Caisleán an Bharraigh.
• Tá 22 Oifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga á bhfostú agus ag cur pleananna i bhfeidhm go dtí seo.
• Maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, tá an próiseas chun pleananna a ullmhú idir lámha i gcás na mbailte Cathair Saidhbhín, Cathair Chorcaí an Clochán agus Baile an Róba.
• Is é Foras na Gaeilge atá freagrach as cabhrú le BSG Chaisleán an Bharraigh chun an plean teanga a chur chun feidhme – ar nós na limistéir eile atá lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht. Is é Údarás na Gaeltachta atá freagrach as cabhrú le Limistéir Phleanála Teanga agus Bailte Seirbhíse Gaeltachta atá lonnaithe sa Ghaeltacht.
• Cuirfear buiséad bliantúil suas le €80,000 in aghaidh na bliana ar fáil thar thréimhse 7 mbliana do phlean teanga Chaisleán an Bharraigh.
• Tugtar léargas cuimsitheach ar a bhfuil ar bun agus beartaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta i bPlean Gníomhaíochta 2018 - 2022 an Rialtais don Ghaeilge - a bhfuil fáil air ag an nasc seo a leanas: https://www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/plean-gniomhaiochta-2018-go-2022/