Fógraíonn an tAire Martin eipeasóid nua i sraith podchraoltaí Mhná 100
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., an dara heipeasóid sa tsraith podchraoltaí Mná 100, dar teideal ‘Touchstone’, mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.
Scrúdaíonn an eipeasóid seo gné de shaol Constance de Markievicz nach bhfuil mórán ar eolas ag daoine faoi, a saol mar ealaíontóir, aisteoir, drámadóir, file agus ceoltóir. Pléifidh 3 banealaíontóirí comhaimseartha de chuid na hÉireann plé ar a cuid buanna ealaíne. Léiríonn cleachtas na mban seo na disciplíní sin inniu. Déanann siad machnamh ar Markievicz mar ‘Touchstone’ idir an t-am atá caite agus an lá atá inniu ann.
Tá an podchraoladh ar fáil ar https://www.mna100.ie/centenary-moments/touchstone/ agus san áit a éisteann tú le do chuid podchraoltaí.
Dúirt an tAire Martin:
“Tá an-áthas orm an dara heipeasóid seo i sraith podchraoltaí Mhná100 a fhógairt. Beagnach céad bliain tar éis a báis, táimid fós ag foghlaim faoi ghnéithe nua de shaol Constance de Markievicz. Spreag a cuid buanna ealaíne an podchraoladh speisialta seo.
“Cuireann triúr buaiteoirí Ghradam Markievicz a léargas agus a n-inspioráidí in iúl sa phodchraoladh seo. Cloisimid guthanna tarraingteacha comhaimseartha an fhile, Annemarie Ní Churreáin; an scríbhneoir, Joanna Walsh; agus an t-aisteoir, stiúrthóir agus scríbhneoir, Barbara Bergin. Déanann siad machnamh ar a gcleachtais ealaíne féin agus ar iarrachtaí ealaíonta Markievicz san fhilíocht, sa scríbhneoireacht agus san aisteoireacht. Tá siad ag súil leis na saothair nua ealaíne a chruthófar, le tacaíocht ó Scéim Sparánachtaí Markievicz mo Roinne i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, faoi Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán agus labhraíonn siad le lucht todhchaí na n-ealaíon in Éirinn.”
Is buaiteoirí Ghradam Markievicz iad na 3 ealaíontóirí a bheidh i gceist;
Is fearr aithne ar Constance de Markievicz mar dhuine polaitiúil agus réabhlóideach mór le rá i stair na hÉireann agus déanann an podchraoladh seo iniúchadh ar ghnéithe dá saol ealaíne nach bhfuil mórán ar eolas ag daoine fúthu, lena n-áirítear a cuid oideachais san ealaín i Londain i Slade, agus in Académie Julian, chomh maith lena páirt i saol amharclainne Bhaile Átha Cliath ag tús an 20ú haois agus bunú The Arts Club.
Scrúdóidh an podchraoladh saothar Markievicz (lena n-áirítear go leor samplaí nach bhfacthas roimhe seo ó na Forais Náisiúnta Cultúir, Amharclann na Mainistreach, Músaem Phríosún Chill Mhaighneann, agus Bailiúchán Lissadell).
Tugann Gradam Markievicz, a bunaíodh in 2019 faoi Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán agus a riarann an Chomhairle Ealaíon, onóir do Constance de Markievicz, an chéad bhean a toghadh chun na Parlaiminte agus a ceapadh chun Comh-Aireachta agus ealaíontóir í féin. Chuir Gradam Markievicz sparánacht ar fáil le trí bliana anuas do fiche ealaíontóir go dtí seo, chun tacú leo saothair nua a fhorbairt a dhéanann machnamh ar eispéiris na mban thar thréimhse Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 agus ina dhiaidh sin.
Tionscnamh nua ban ar líne is ea é Mná100, do thréimhse dheireanach Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, agus leanann sé leis an obair chun róil na mban sa tréimhse réabhlóideach a léiriú. Téigh chuig www.mna100.ie chun tuilleadh eolais a fháil.