Fógraíonn na hairí seoladh na Scéime um Chúnamh Infheistíochta chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt 2025
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD, in éineacht lena chomhghleacaí an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht le freagracht speisialta as Gairneoireacht, seoladh na Scéime um Chúnamh Infheistíochta chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt 2025.
Dúirt an tAire McConalogue:
"Tá áthas orm seoladh na Scéime um Chúnamh Infheistíochta chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt 2025 a fhógairt. Tá an ghairneoireacht ar an gceathrú earnáil talmhaíochta is mó in Éirinn agus leis an Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta 2023-2027 a seoladh anuraidh, leagtar amach treochlár maidir le conas is féidir an earnáil a threorú i leith todhchaí breisluacha atá níos brabúsaí, spreagtha ag an inbhuanaitheacht agus an nuálaíocht.
“Méadú ar earnáil na bprátaí ba ea ceann de spriocanna na Straitéise, agus chun an sprioc sin a bhaint amach teastaíonn rochtain ar phrátaí síl ardghráid ó na saothróirí. Seo dúshlán mór do shaothróirí prátaí tar éis imeacht an RA ón AE, agus chun dul i ngleic leis an éileamh sin, tá áthas orm a fhógairt go mbeidh saothróirí prátaí síl incháilithe anois le hiarratas a chur isteach ar chúnamh deontais le haghaidh saininfheistíochtaí prátaí síl faoin Scéim.”
Leis an Scéim um Chúnamh Infheistíochta chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt, cumhdaítear gach réimse gairneoireachta, glasraí goirt (prátaí síl san áireamh), beacáin, barra bia cosanta, barra taitneamhachta, bogthorthaí, úlla, agus beachaireacht san áireamh.
Dúirt an tAire Hackett:
“Tá an rialtas tiomanta go mór don fhís a leagtar amach sa Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta 2023-2027 le haghaidh earnáil bhreisluacha atá níos brabúsaí, spreagtha ag an nuálaíocht agus an inbhuanaitheacht. Is príomhluamhán í an Scéim um Chúnamh Infheistíochta chun an fhís sin a bhaint amach, agus tá áthas an domhain orm go bhfuilimid in ann cúnamh infheistíochtaí caipitiúla a bhronnadh a rachaidh i bhfeidhm go mór ar shaothróirí na hÉireann. Le go mbeidh borradh agus fás faoi ghairneoireacht na hÉireann, ní mór feirmeoirí óga oilte agus nuálacha a mhealladh isteach agus a choinneáil san earnáil. Chun tacú le feirmeoirí óga, tá na ceanglais incháilitheachta leasaithe againn le rochtain a thabhairt do níos mó feirmeoirí óga ar ráta cúnaimh deontais suas le 50% níos airde.
Tá mé sásta a rá chomh maith go gcuireann an Scéim ráta cúnaimh deontais, atá suas le 50% níos airde, ar fáil d’oibritheoirí gairneoireachta orgánaí ceadúnaithe atá cláraithe le comhlacht deimhniúcháin orgánaigh faofa. Cuideoidh an ráta cúnaimh deontais méadaithe seo, in éineacht leis an Straitéis Náisiúnta i leith Bia Orgánach 2024-2030 a seoladh le déanaí, le fás agus forbairt earnáil na gairneoireachta orgánaí in Éirinn.”
Is é an spriocdháta le hiarratas a fháil faoin Scéim um Chúnamh Infheistíochta chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt 2025 ná an Aoine, 13ú Nollaig 2024.
Tá sé i gceist leis an Scéim um Chúnamh Infheistíochta chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt cuidiú le forbairt na hearnála gairneoireachta, an bheachaireacht san áireamh, trí chúnamh infheistíochtaí caipitiúla a bhronnadh le haghaidh gléasra agus trealamh speisialaithe, fuinneamh inbhuanaithe san áireamh, chomh maith le teicneolaíocht a ghlacadh a bhaineann go sainiúil le táirgeadh tráchtála gairneoireachta.
Is féidir iad a fháil chomh maith trí r-phost a chur chuig horticulturegrants@agriculture.gov.ie
Cuidíonn an scéim seo le táirgeoirí reatha agus iontrálaithe nua in earnáil na gairneoireachta ar ráta suas le 40% le gach infheistíocht faofa, agus suas le 50% den chúnamh deontais ag dul d’fheirmeoirí óga cáilithe agus saothróirí orgánacha ceadúnaithe.
Áirítear le cuspóirí na Scéime cuidiú le teicneolaíochtaí nuálaíochta a ghlacadh, an earnáil gairneoireachta a éascú chun cur chuige spriocdhírithe agus beacht a fhorbairt lena ndírítear ar dhíbhinní comhshaoil, ar éifeachtúlacht agus ar fhás, agus infheistíocht i maolú ar an athrú aeráide a éascú. Tá sé mar aidhm ag an Scéim freisin iomaíochas na saothróirí a fheabhsú agus rannchuidiú le feabhas a chur ar ioncaim thalmhaíochta agus, ar an dóigh sin, ar inmharthanacht fhadtéarmach fiontar gairneoireachta.