Osclaíonn an tAire McConalogue Tonnchosc Chuan an Chaisleáin Nua ar fiú €25 milliún é
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d'oscail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. in éineacht le Leas-Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Gerry McMonagle, Tonnchosc Chuan an Chaisleáin Nua go hoifigiúil.
Tá pobal an Chaisleáin Nua leabaithe go domhain i dtionscal na hiascaireachta agus i dtionscal na mara i gcoitinne le beagnach 200 duine fostaithe go díreach nó go hindíreach. Is calafort suntasach é an Caisleán Nua in Éirinn agus tá cabhlach mór cois cladaigh ann freisin a bhíonn ag gabháil go príomha d'iasc sliogáin agus portán, rud a fhágann go bhfuil sé ina phríomhbhaile in earnáil bia mara na hÉireann. Tá seirbhísí suntasacha tacaíochta iascaireachta ag an gCaisleán Nua lena n-áirítear próiseáil éisc, innealtóireacht mhuirí, tógáil bád agus déanamh líonta.
Agus an Tonnchosc á oscailt go hoifigiúil aige, dúirt an tAire:
“Is cuan tábhachtach geata é an Caisleán Nua do Réigiún an Iarthuaiscirt. Tá an tonnchosc ríthábhachtach d'fhás agus d'inbhuanaitheacht an chuain seo agus ina theannta sin tá sé ríthábhachtach d'fhás agus d'inbhuanaitheacht Leithinis Inis Eoghain.”
Laghdóidh an Tonnchosc 270 méadar leochaileacht soithí laistigh den chuan d'aeráid na dtonnta, feabhsóidh sé sábháilteacht agus éifeachtacht an chuain do gach úsáideoir lena n-áirítear d'úsáideoirí turasóireachta agus fóillíochta a bhaineann leas as áiseanna pontúin. Laghdóidh sé freisin tionchar an tsreafa taoide nádúrtha trí bhéal Loch Feabhail.
Thug an tAire aitheantas dóibh siúd a raibh baint acu leis an tionscadal a sheachadadh ach na nithe seo a leanas a rá:
“Caithfidh mé moladh a thabhairt do chaighdeán agus éifeachtúlacht na hoibre a chuir an príomhchonraitheoir, Stephen McCormick ó Foyle & Marine Dredging Ltd i gcrích a raibh orthu dul i ngleic le sruthanna taoide dúshlánacha ar feadh thréimhse an tionscadail. Caithfidh mé tiomantas Chomhairle Contae Dhún na nGall a mholadh freisin, a rinne an tionscadal seo a bhainistiú agus a sheachadadh leis na comhairleoirí tionscadail Doran Consulting.”
Chuir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maoiniú iomlán €22m ar fáil chun an Tonnchosc a thógáil thar a dhá chéim. Chuir an chéim dheiridh trí Scéim um Choigeartú Breatimeachta Údarás Áitiúil Bonneagair Mhuirí (BALAMI) 2022-2023 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara maoiniú €15.5m ar fáil (agus fuarthas €14.38m de sin ó Chúlchiste Coigeartaithe an Bhreatimeachta). Ba é an tionscadal Tonnchoisc an tairbhí aonair ba mhó faoi Scéim BALAMI agus measadh gur thionscadal suaitheanta na Scéime é.
Dearadh an Scéim chun aghaidh a thabhairt ar thionchair an Bhreatimeachta ar an earnáil bia mara trí thacú le hearnálacha eacnamaíocha, gnólachtaí agus pobail áitiúla agus chun tacú le cruthú agus cosaint post agus éagsúlú deiseanna eacnamaíocha a éascú. Go dtí seo, tá maoiniú os cionn €38.45m curtha ar fáil ag an Scéim chun tacú le 149 tionscadal caipitil a sheachadadh timpeall chósta na hÉireann.
Ghabh Leas-Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Gerry McMonagle buíochas le gach duine a bhí páirteach agus mhol sé an obair a rinneadh. Ag labhairt dó ag an ócáid dúirt sé;
“Tá an infheistíocht a rinne an tAire Charlie McConalogue ar an gCaisleán Nua ar cheann de níos mó ná 25 infheistíocht a rinne an tAire agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inár gcéibheanna agus ár gcuanta thart ar 1,100km de chósta ár gcontae. Tacóidh sé seo mar aon le cómhaoiniú €3M ón gComhairle lenár bpobail chósta agus iascaireachta agus cuirfidh sé ar a gcumas leas a bhaint as deiseanna nua de réir mar a thagann siad chun cinn.”
Tar éis dó an phlaic a nochtadh leis an Leas-Chathaoirleach McMonagle, dúirt an tAire McConalogue mar fhocal scoir:
“Tá dáileadh chistí Chúlchiste Coigeartaithe an Bhreatimeachta tar éis bonneagar cósta agus mara na hÉireann atá faoi úinéireacht phoiblí a fheabhsú, a uasghrádú, a nuachóiriú agus a fhorbairt. I ndeireadh na dála, táim ar bís lena bhfuil i ndán do ghnólachtaí áitiúla agus don phobal áitiúil””
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag riaradh Choigeartú an Bhreatimeachta: Scéim Bonneagair Mhuirí na nÚdarás Áitiúil 2022-2023, agus tá gach údarás áitiúil freagrach as rialachas agus seachadadh a thionscadal féin.
Tá an Scéim deartha chun tacú le hearnálacha eacnamaíocha, gnólachtaí agus pobail áitiúla agus chun tacú le cruthú agus cosaint post trí chistí Chúlchiste Coigeartaithe an Bhreatimeachta (BAR) a dháileadh chun bonneagar cósta agus muirí na hÉireann atá faoi úinéireacht phoiblí a fheabhsú, a uasghrádú, a nuachóiriú agus a fhorbairt chun éagsúlú deiseanna eacnamaíocha a éascú. Is é an príomhchoinníoll maidir le húdaráis phoiblí a aisíoc ná go gcaithfear an tionscadal a nascadh go díreach le cur i gcoinne na n-éifeachtaí díobhálacha a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe.
Is ionstraim éigeandála aonuaire speisialta é BAR. Is é cuspóir BAR tacaíocht a sholáthar chun cur i gcoinne na n-iarmhairtí díobhálacha eacnamaíocha, sóisialta, críochacha agus, i gcás inarb iomchuí, comhshaoil a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas sna Ballstáit, lena n-áirítear a réigiúin agus a bpobail áitiúla, agus earnálacha, go háirithe iad siúd is mó a ndéanann an tarraingt siar dochar dóibh, agus chun an tionchar diúltach gaolmhar ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú. Is í Éire an tairbhí is mó de Chúlchiste Coigeartaithe an Bhreatimeachta agus an chéad Bhallstát a fuair a réamh-mhaoiniú. Tá úsáid BAR á rialú ag rialachán AE. Bhí iascaigh agus pobail chósta ina ngné thábhachtach den chaibidlíocht maidir le leithdháiltí BAR na mBallstát.