Córais ar líne le haghaidh aistrithe Teidlíochtaí Íocaíochta, Cúlchiste Náisiúnta agus tacaíocht ioncaim chomhlántach d'fheirmeoirí óga oscailte anois
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, ghlac an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) céim eile i gcur chun feidhme Plean Straitéiseach an Chomhbheartais Talmhaíochta Éireann 2023-2027 le córais ar líne a oscailt chun teidlíochtaí íocaíochta a aistriú, ag cur isteach ar an gCúlchiste Náisiúnta (Feirmeoir Óg agus Iontrálaí Nua) agus Tacaíocht Ioncaim Chomhlántach d'Fheirmeoirí Óga (CISYF).
Tógann an deis ar oscailt na gcóras don Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim don Inbhuanaitheacht (BISS) agus d'iarratais scéimeanna eile bunaithe ar cheantair ar an 28 Feabhra agus soláthraíonn sé príomhsheirbhísí d'fheirmeoirí a dhéanann a ngnó feirmeoireachta a choigeartú agus ag soláthar tacaíochta d'athnuachan ó ghlúin go glúin.
Agus é an gcéad bhliain den Phlean Straitéiseach CAP nua, tá raon iomlán scéimeanna nua á dtabhairt isteach thar thréimhse ama réasúnta gearr. Tá sé tábhachtach mar sin go mbeadh feirmeoirí agus comhairleoirí ar an eolas mar gheall ar roinnt dátaí pleanáilte seachadta a d'fhéadfadh siad a bheith tábhachtach, mar shampla:
• an dáta deiridh le haghaidh aistrithe Teidlíochtaí Íocaíochta, iarratais chuig an gCúlchiste Náisiúnta, Iarratais CISYF agus BISS, a bheith ar mheán oíche Dé Luain 29 Bealtaine 2023;
• na dátaí le haghaidh íocaíocht an CISYF, chomh maith le íocaíochtaí le haghaidh scéimeanna eile, a mheasfar go dtosóidh é i Nollaig 2023. ”
Tá tacaíochtaí ann a bheidh ar fáil d'fheirmeoirí agus do chomhairleoirí maidir le CISYF, Cúlchiste Náisiúnta agus iarratais eile a chomhlánú. De réir na cumarsáide cuimsitheach agus de réir na rannpháirtíochta atá feicthe go dtí seo ag an RTBM ar ghach gné de Phlean Straitéiseach an Chomhbheartais Talmhaíochta, i bpearsan agus ar líne, cuirfidh an Roinn roinnt tacaíochtaí ar leith le fáil le haghaidh 2023, san áireamh leis sin beidh sraith seimineár gréasáin ar siúl le linn mí an Mhárta, chomh maith le seisiúin eolais i bpearsan agus clinicí d'fheirmeoirí a bheidh ar siúl timpeall na tíre ó dheireadh mhí an Mhárta go lár mhí na Bealtaine.
Cuirfear amach fógraí mar gheall ar na seisiúin eolais agus na clinicí d'fheirmeoirí sna meáin feirmeoireachta agus sna nuachtáin áitiúla go luath. Molann an RTBM do ghach feirmeoir agus do ghach comhairleoir a bheith páirteach sna tograí seo, agus tosú ar an bpróiseas chomh luath agus is féidir seachas fanacht go dtí go bhfuil an spriocdháta beagnach ann.
CRÍOCH
Nótaí do Eagarthóirí
Aistrithe Teidlíochtaí Íocaíochta, Cúlchiste Náisiúnta agus CISYF
Ní mór d'fheirmeoirí iarratas a dhéanamh ar gach íocaíocht agus aistrithe ceantair-bhunaithe de theidlíochtaí ag baint úsáide as saoráid ar líne na roinne (agfood.ie). Beidh orthu logáil isteach ar https://agfood.agriculture.gov.ie/sso-auth-ui-applicant/#/login agus cliceáil ar nasc BISS/scéim eile ceantar-bhunaithe le tosú ar a n-iarratas.
De rogha air sin, is féidir le feirmeoirí dul i dteagmháil leComhairleoir faofa ag an gCóras Comhairliúcháin Feirme (FAS) leis an iarratas a dhéanamh ar a son. Le haghaidh liosta de chomhairleoirí atá faofa ag FAS, féach le do thoil ar https://www.gov.ie/en/publication/b41a6-farm-advisory-system/#find-a-farm-advisor .
Cuirfear gach feirmeoir ar an eolas sna seachtainí amach romhainn chomh maith mar gheall ar luach a dTeidlíocht Íocaíochta.
Seimineár Gréasáin
Reáchtáladh seimineáir ghréasáin poiblí le seachtain anuas agus is féidir iad a fheiceáil ar ais anseo .
Ba iad na seimineáir ghréasáin sin ná:
Dé Máirt 7 Márta @ 19.00 - Teidlíocht Talún, BISS, ANC, CRISS, Scéim Eco, Feirmeoir Gníomhach agus Gníomhaíocht Talamhaíochta
Déardaoin 9 Márta @ 19:00 - Coinníollachas, AMS & Grianghraifeanna Geo-chlibthe, Beart Ionchorpraithe Tuí, Scéim Cúnaimh Próitéin
Dé Máirt 14 Márta @ 19:00 - Teidlíochtaí Íocaíochta, Taisce Náisiúnta agus CIYSF
Teagmháil
Tá na Téarmaí agus Coinníollacha le fáíl ar líne, nó tá cóipeanna crua le fáil chomh maith ar éileamh má dhéanann tú teagmháil le Deasc Cabhrach na n-Íocaíochtaí Díreacha (sonraí thíos).
Tá tuilleadh eolais, Treoracha agus Físeáin san áireamh le fáil ar: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/dba65-biss-and-other-area-related-schemes/
Más mian le feirmeoirí dul i dteagmháil leis an Roinn maidir le Iarratas ar líne, is féidir sin a dhéanamh ag:
• 049 4368288 le ceisteanna faoi clárúchán le haghaidh www.agfood.ie – mar shampla ceisteanna faoi pasfhocail caillte, conas clárú;
• 057 8674422 maidir le ceisteanna faoi iarratas BISS agus scéimeanna eile ceantar-bhunaithe nuair atá tú cláraithe ar www.agfood.ie , nó le cóip crua a fháil de na Téarmaí agus Coinníollacha.