Déanann an tAire Martin comhghairdeas le buaiteoir Éireannach ghradam Golden Globe Cillian Murphy
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, comhghairdeas le Cillian Murphy inniu as gradam don Aisteoir is Fearr i Scannán a bhuachan ag 81ú Gradaim Golden Globe in The Beverly Hilton in Beverly Hills, California.
Dúirt an tAire Martin: “Tá an duais seo tuillte go maith ag Cillian dá phríomhról in Oppenheimer agus aithnítear léi an tallann iontach atá aige. Óna chéad ról in Disco Pigs, léirigh sé go bhfuil sé ina mháistir ar a cheird agus tá a áit bainte amach aige le blianta fada anois mar dhuine de na haisteoirí is mó le rá agus is fearr de chuid na hÉireann agus le rath Golden Globes na bliana seo déantar a áit a dhaingniú i stair na scannán agus i measc na n-aisteoirí is fearr ar domhan.”
Rinne an tAire Martin comhghairdeas freisin leis na haisteoirí Éireannacha Barry Keoghan agus Andrew Scott as a n-ainmniúcháin a bhaint amach sa chatagóir chéanna dá róil in Saltburn agus All of Us Strangers, faoi seach.
Bhuaigh Poor Things, a chomhléirigh an comhlacht Éireannach Element Pictures, 2 Golden Globe lena n-áirítear Scannán is Fearr, Coiméide nó Ceoldráma. Rinne an tAire Martin comhghairdeas leis na léiritheoirí Éireannacha Ed Guiney agus Andrew Lowe, chomh maith leis an gcineamatagrafaí Éireannach Robbie Ryan.
Dúirt an tAire Martin: “Ba bhliain an-rathúil í 2023 do léiriú scannáin Éireannacha agus thallann Éireannach. Tá súil agam go dtabharfar tuilleadh aitheantais amach anseo do thallann iontach thionscal scannán na hÉireann le cur leis an ngradam Golden Globe seo."
Dúirt sí freisin, “Ba cheart go gcuirfeadh an t-ardú ar theorainn Chreidmheas Cánach Alt 481 ó €70m go €125m ar chumas an tionscail fiú níos mó léiriúcháin a mhealladh go hÉirinn áit a bhfuil teacht acu ar thallann den scoth taobh thiar agus os comhair an cheamara araon. Ba cheart go dtiocfadh tuilleadh éachtaí i ngach earnáil atá ag obair le scannáin, lena n-áirítear beochan agus VFX, as an teorainn a ardú.”