Figiúirí Míosúla an Liosta Feithimh – Samhain 2024
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Léiríonn na figiúirí is déanaí ón liosta feithimh ospidéil do mhí na Samhna a d'fhoilsigh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) inniu an dul chun cinn atá déanta trí chur chuige an phlean gníomhaíochta ilbhliantúil chun aghaidh a thabhairt ar amanna feithimh fada le haghaidh cúraim. Taispeánann an tuarascáil ghníomhaíochta ospidéil is déanaí , a d'fhoilsigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), leibhéil mhéadaithe gníomhaíochta maidir le cúram sceidealaithe agus neamhsceidealaithe a sholáthar.
Léiríonn na figiúirí go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ó thaobh othar a bheith ag feitheamh is faide. Tá laghdú thart ar 14% ar líon iomlán na n-othar atá ag feitheamh le níos mó ná 12 mhí ón tráth seo anuraidh, agus laghdú comhfhreagrach thart ar 24% ar an líon atá ag feitheamh le níos mó ná 18 mí.
Tá feabhsuithe maidir leis an bhfad ama atá othair ag feitheamh le bheith feicthe freisin, sa dul chun cinn atá bainte amach i dtreo na spriocanna Sláintecare. Ó bhí buaicphointe na paindéime ann, tá laghdú thart ar 29% tagtha ar an líon daoine atá ag fanacht níos faide ná spriocanna Sláintecare, arb ionann é agus níos mó ná 180,000 duine.
Chabhraigh feabhsuithe leanúnacha ar liosta feithimh na Roinne Othar Seachtrach (OPD) le laghdú foriomlán ar an liosta feithimh iomlán don tríú mí as a chéile. Ag deireadh mhí na Samhna, bhí 685,518 duine ar liostaí feithimh na n-ospidéal géarmhíochaine, laghdú beag i gcomparáid leis an am seo anuraidh.
Tá ár n-ospidéil ghéarmhíochaine ag seachadadh leibhéil níos airde gníomhaíochta agus ag cur cóir leighis ar i bhfad níos mó othar. Sa tuarascáil ghníomhaíochta rollach 12 mhí is déanaí ón ospidéal a d'fhoilsigh FSS, tugtar léargas ar leibhéil ghéarghníomhaíochta, agus déantar na milliúin othar a fheiceáil agus a chóireáil gach bliain laistigh dár seirbhís ospidéil. Leagtar amach sa tuarascáil go raibh thart ar 3.8 milliún duine ag freastal ar OPD, agus thart ar 1.9 milliún duine ag freastal ar IPDC le linn na tréimhse a chumhdaítear sa tuarascáil. I gcomparáid leis na leibhéil ghníomhaíochta a soláthraíodh sa bhliain iomlán 2022, is ionann na figiúirí seo agus méaduithe c. 11% do ghníomhaíocht OPD agus IPDC araon.
Chomh maith leis an gcúram pleanáilte seo, chuir ár gcóras ospidéil cóireáil ar thart ar 1.8 milliún othar le linn na tréimhse céanna i gcúram éigeandála, rud a léiríonn méadú thart ar 8% ar an mbliain iomlán 2022 agus a léiríonn na héilimh leanúnacha ar ár n-ospidéil. In ainneoin na ndúshlán uilig, tá feabhsuithe curtha i gcrích ag ár n-ospidéil, atá ag déanamh fíordhifríochta d’othair.
Tá bearta curtha i bhfeidhm ag go leor ospidéal aonair chun a liostaí feithimh agus a n-amanna feithimh araon a laghdú go suntasach sa bhliain go dtí deireadh na Samhna.
Mar shampla, in Ospidéal Ollscoile Thamhlachta, tá laghdú 19% tagtha ar liosta feithimh néareolaíochta OPD ó thús na bliana, le 920 othar breise feicthe. Baineadh é seo amach trí acmhainn a mhéadú trí WTEanna breise, clinicí dóibh siúd a bhí ag feitheamh le fada, agus coinní OPD.
In Ospidéal San Séamas, tá laghdú 37% tagtha ar liosta feithimh de mháinliacht ghinearálta IPDC, agus tá 161 othar breise feicthe i mbliana. Baineadh é seo amach trí acmhainn a mhéadú trí úsáid a bhaint as seisiúin mháinliachta sa bhreis ar an deireadh seachtaine agus seisiúin mhionmháinliachta lae ar an deireadh seachtaine chun rochtain a fheabhsú.
In Ospidéal Ollscoile na Trócaire, trí sheisiúin faireachais ionscópachta sa bhreis eile, laghdaíodh liosta feithimh gaistreintreolaíochta scóip GI faoi 26%, agus chonacthas 316 othar breise i mbliana.
Cé go bhfuil feabhas tagtha ar amanna feithimh agus ar an leibhéal gníomhaíochta atá á soláthar, tá an líon othar atá ag feitheamh ar liostaí ró-ard i gcónaí mar thoradh ar éileamh méadaithe agus leibhéil bhreise le liostaí feithimh atá níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis.
Cuireadh 1.704m duine le liostaí feithimh na n-ospidéal géarmhíochaine in 2024 go deireadh mhí na Samhna, agus baineadh 1.690m duine sa tréimhse chéanna. Cé go bhfuil tionchar aige ar líon na ndaoine ar ár liostaí feithimh, tá gné dhearfach ag baint le fás ar líon na n-atreoruithe chuig ár gcóras ospidéil mar go léiríonn sé daoine ag teacht ar na seirbhísí a theastaíonn uathu, feasacht mhéadaithe ar sheirbhísí chomh maith le leathnú seirbhísí.
Tá an Roinn i dteagmháil le FSS agus NTPF chun an WLAP a fhorbairt do 2025 chun a chinntiú gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag tógáil ar an dul chun cinn dearfach a baineadh amach le blianta beaga anuas trí chur chuige an WLAP.
Cuireadh maoiniú iomlán €360 milliún ar fáil don WLAP i mbliana agus leagann an WLAP amach 19 ngníomh thar thrí théama, Acmhainn a Sheachadadh, Cúram Sceidealaithe a Athchóiriú, agus Athchóiriú Cúraim Sceidealaithe a Chumasú. Cuireann Plean 2024 leis an dul chun cinn a baineadh amach in 2021, 2022 agus 2023 mar chuid de chur chuige ilbhliantúil an WLAP.
Cinnteoidh an leibhéal maoinithe a chuirfear ar fáil do liostaí feithimh do 2025 gur féidir leanúint leis an dul chun cinn sin an bhliain seo chugainn. Tá maoiniú €420 milliún á leithdháileadh ar an WLAP do 2025, lena gcuimsítear €190 milliún do FSS agus €230 milliún don NTPF. Is ionann sin agus méadú beagnach 17% (€60 milliún) os cionn an mhaoinithe shuntasaigh €360 milliún a leithdháileadh don Phlean Gníomhaíochta i mbliana. Leis an maoiniú suntasach seo do 2025, leanfaimid orainn ag dul chun cinn, chun seirbhís cúraim sláinte phoiblí a bhaint amach, ina bhfuil rochtain thráthúil agus thrédhearcach ag gach duine ar chúram sceidealaithe atá ar ardchaighdeán, san áit agus ag an am a theastaíonn sé uathu.