Fógraíonn an tAire Rabbitte an chéad ghlao maoinithe eile faoin gCiste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas 2024 ar fiú € 3.5m é
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, an chéad ghlao eile ar iarratais chuig an gCiste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas.
Is é príomhaidhm an Chiste seo tacú le rannpháirtíocht agus cuimsiú dhaoine faoi mhíchumas ina bpobail áitiúla timpeall na hÉireann. Leithdháileadh € 3.5 milliún san iomlán ar an gCiste i mbliana. Tá iarratais á lorg faoi cheithre shnáithe théamacha. Moltar iarratais go háirithe ó eagraíochtaí atá faoi stiúir dhaoine faoi mhíchumas. Chomh maith le deontais airgid, cuirfear tacaíocht neamhairgeadais ar fáil freisin, a chuirfear in oiriúint do gach tionscadal/eagraíocht, agus a bheidh dírithe ar a acmhainn a fhorbairt agus a thionchar a mhéadú.
Snáithe 1
Tacú le rannpháirtíocht phobail, spóirt agus fhisiciúil: Maoiniú a dhéanamh ar thionscadail/eagraíochtaí a fheabhsaíonn agus a spreagann inrochtaineacht agus rannpháirtíocht i saol an phobail do dhaoine faoi mhíchumas.
Snáithe 2
Tacú le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí ealaíon agus cultúrtha: Tionscadail/eagraíochtaí a thacaíonn le gníomhaíochtaí ealaíon agus cultúrtha a mhaoiniú, go háirithe iad siúd a chothaíonn feasacht ar eispéiris mhaireachtála dhaoine faoi mhíchumas agus a thacaíonn le rannpháirtíocht dhaoine faoi mhíchumas sna healaíona agus sa chultúr.
Snáithe 3
Tacú le fostaíocht agus printíseachtaí: Tionscnaimh fiontraíochta sóisialta chun taithí fostaíochta luachmhar a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas.
Snáithe 4
Tacú le tionscadail/tionscnaimh i réimse na néara-éagsúlachta: Tionscadail/eagraíochtaí a mhaoiniú a thacaíonn le rannpháirtíocht leanaí agus dhaoine fásta néara-éagsúla ina bpobail áitiúla.
Is é Rethink Ireland a oibreoidh an ciste thar ceann na Roinne. Is féidir le heagraíochtaí iarratas a dhéanamh faoi na snáitheanna éagsúla trí láithreán gréasáin [nasc-seachtrach https://rethinkireland.ie/ | Rethink Ireland. ] Cuirfidh Rethink Ireland tacaíocht ar fáil d’eagraíochtaí chun iarratas a dhéanamh freisin.
Dúirt an tAire Rabbitte agus í ag fógairt oscailt an chiste:
“ Tá ríméad orm seoladh an chéad bhabhta eile maoinithe faoin gCiste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas (DPAF) a fhógairt. Tá fócas láidir ag an maoiniú seo ar thacú le daoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh ina bpobail trí na healaíona, cultúr, spóirt, fostaíocht agus printíseachtaí.
Ó bhunaigh mé an DPAF, chuaigh caighdeán na dtionscadal agus na dtionscnamh atá á gceapadh agus á stiúradh ag eagraíochtaí ar fud na hÉireann i bhfeidhm orm go seasta. Táim bródúil go raibh an Ciste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas in ann tacú leis an oiread sin den obair iontach seo le roinnt blianta anuas. Táim ag tnúth leis na tionscadail a thiocfaidh chun cinn sa bhabhta maoinithe seo a fheiceáil.
Táimid ag obair i mbliana arís le Rethink Ireland ar an gciste tábhachtach seo, agus molaim gach eagraíocht ar mhian leo iarratas a dhéanamh teagmháil a dhéanamh le Rethink Ireland chun tacaíocht a fháil chun iarratas a dhéanamh. Bíonn tionchar ollmhór ag tionscnaimh faoin gCiste seo i bpobail áitiúla, trí rannpháirtíocht agus cuimsiú fiúntach dhaoine faoi mhíchumas a spreagadh agus a éascú.”
Feidhmeofar an Ciste Rannpháirtíochta agus Feasachta maidir le Míchumas trí Rethink Ireland agus tá sé oscailte d’eagraíochtaí neamhbhrabúis chun tacú le rannpháirtíocht agus cuimsiú dhaoine faoi mhíchumas i bpobail áitiúla, thar cheithre shnáithe éagsúla.
Snáithe 1
Tacú le rannpháirtíocht phobail, spóirt agus fhisiciúil: Maoiniú a dhéanamh ar thionscadail/eagraíochtaí a fheabhsaíonn agus a spreagann inrochtaineacht agus rannpháirtíocht i saol an phobail do dhaoine faoi mhíchumas.
Snáithe 2
Tacú le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí ealaíon agus cultúrtha: Tionscadail/eagraíochtaí a thacaíonn le gníomhaíochtaí ealaíon agus cultúrtha a mhaoiniú, go háirithe iad siúd a chothaíonn feasacht ar eispéiris mhaireachtála dhaoine faoi mhíchumas agus a thacaíonn le rannpháirtíocht dhaoine faoi mhíchumas sna healaíona agus sa chultúr.
Snáithe 3
Tacú le fostaíocht agus printíseachtaí: Tionscnaimh fiontraíochta sóisialta chun taithí fostaíochta luachmhar a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas.
Snáithe 4
Tacú le tionscadail/tionscnaimh i réimse na néara-éagsúlachta: Tionscadail/eagraíochtaí a mhaoiniú a thacaíonn le rannpháirtíocht leanaí agus dhaoine fásta néara-éagsúla ina bpobail áitiúla.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoin gciste a fháil ar [nasc-seachtrach https://rethinkireland.ie/ | Láithreán Gréasáin Rethink Ireland. ]
• Tabharfaidh Rethink Ireland faoi fhor-rochtain ciste chun an phoiblíocht is mó a chinntiú don chiste, lena n-áirítear seimineáir ghréasáin a sholáthar.
• Cuirfear maoiniú ó € 50,000 go € 200,000 in aghaidh an tionscadail ar fáil faoi gach snáithe.
• Tá an ciste seo oscailte d’eagraíochtaí neamhbhrabúis.