Faomhann an tAire Martin maoiniú de os cionn €170k do mhúsaeim áitiúla agus réigiúnacha
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sraith deontas beag le haghaidh músaem áitiúil agus réigiúnach timpeall na tíre. Tá maoiniú de €174,434 ar an iomlán á chur ar fáil faoi Scéim Taispeántas na Músaem Réigiúnach 2023.
Tá sé i gceist leis na tionscadail a mhaoinítear faoin Scéim seo tairiscintí cultúrtha músaem a fheabhsú, rochtain níos fearr ar mhúsaeim a chothú agus úsáid mhúsaem mar acmhainní turasóireachta ina gceantar nó a réigiún a chur chun cinn.
Tá sé thionscadal déag ag baint tairbhe as i mbliana, cosúil le Músaem Luimnigh dá thaispeántas Cartaí Poist ó Luimneach agus Músaem Beag Bhaile Átha Cliath dá thaispeántas Droichid Bhaile Átha Cliath.
Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Is acmhainn bharrthábhachtach iad ár músaeim áitiúla agus réigiúnacha maidir le rochtain a fháil ar chultúr agus oidhreacht i mbailte agus sráidbhailte ar fud na tíre, agus tá mé an-sásta le bheith ábalta a n-athnuachan agus a bhforbairt a thacú trí Scéim Taispeántas na Músaem Réigiúnach.
"Leis an mhaoiniú a chuirtear ar fáil faoin scéim seo is féidir le forais áitiúla agus réigiúnacha leanúint ar aghaidh ag forbairt a dtaispeántas, a fheabhsaíonn an tairiscint chultúrtha dá bpobail agus dá gcuairteoirí.
"Mar gheall ar an mhaoiniú atá curtha ar fáil faoin scéim seo thar na blianta tá na forais chultúrtha seo ábalta leanúint ar aghaidh ag forbairt chur i láthair a dtaispeántas agus ag cur feabhais ar an tairiscint chultúrtha ar son na bpobal a bhfreastalaíonn siad orthu.”
Nóta d’Eagarthóirí:
Féach thíos liosta iomlán na dtionscadal rathúil: