Íocaíochtaí Méadaithe do Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain 2022 Fógartha ag an Aire Humphreys
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, go n-íocfar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua le 124,000 teaghlach, le haghaidh 220,000 leanbh, ón lá inniu ar aghaidh.
Chomh maith leis sin, dheimhnigh an tAire go n-íocfar an íocaíocht bhreise €100 a d’fhógair sí an tseachtain seo caite chun cabhrú le teaghlaigh leis na costais a bhaineann le filleadh ar an scoil, i gcuntais bhainc ón Luan seo chugainn, an 18 Iúil.
Táthar ag glacadh le hiarratais ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua go dtí an 30 Meán Fómhair. Tá €84 milliún curtha i leataobh don scéim i mbliana – méadú €26 milliún.
Ar an iomlán, meastar go mbainfidh 151,000 teaghlach agus 262,000 leanbh tairbhe as an scéim roimh dheireadh Mheán Fómhair.
Soláthraíonn an scéim áirithe seo íocaíocht aonuaire do theaghlaigh incháilithe chun cabhrú leo íoc as éadaí agus coisbheart scoile. Chabhraigh an scéim le breis is 137,000 teaghlach costais Scoile a íoc anuraidh.
D’fhógair an tAire Humphreys go mbeadh an liúntas á mhéadú €10 i mBuiséad 2022, agus go raibh athruithe breise le déanamh ionas go mbeadh níos mó teaghlach aontuismitheora incháilithe. Mar chuid de phacáiste don scoilbhliain nua an Rialtais, luach €67 milliún, a fógraíodh an tseachtain seo caite, chuir an tAire Humphreys in iúl go mbeadh €100 breise á fháil ag gach leanbh.
Ciallaíonn sé seo, in 2022, go mbeidh €260 á íoc le haghaidh gach leanbh cáilithe atá idir 4–11 bhliain d’aois agus go mbeidh €385 á íoc le gach leanbh cáilithe atá 12 bhliain d’aois agus níos sine.
Déanfar an íocaíocht in dhá chéim i gcás na ndaoine a fhaigheann an liúntas inniu. Íocfar an méid bunaidh an tseachtain seo agus íocfar an €100 breise do gach leanbh incháilithe an tseachtain seo chugainn.
Cuimseofar in aon íocaíochtaí a dhéanfar ón lá amárach ar aghaidh an €100 breise do gach leanbh mar chuid d’íocaíocht aonair a dhéanfar leis an teaghlach.
Anuas air sin, bainfidh teaghlaigh de bhunadh na hÚcráine a bhog go hÉirinn mar gheall ar an gcogadh tairbhe as an scéim freisin.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys inniu:
“Cúis áthais dom a fhógairt, ón lá inniu ar aghaidh, go mbeidh an liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua á íoc leis na gcéadta mílte teaghlach ar fud an Stáit.
“Is aitheantas é an scéim seo ar an mbrú atá ar theaghlaigh le leanaí atá in aois scoile an tráth seo den bhliain, ag féachaint go háirithe ar na dúshláin a bhaineann leis an gCostas Maireachtála atá le sárú ag daoine.
“Sa bhreis ar an méadú a fógraíodh mar chuid den Bhuiséad, tá sé fógartha agam go mbeidh íocaíocht bhreise €100 á cur ar fáil chun cabhrú le teaghlaigh.
“Tá na próisis chuí bunaithe ag mo Roinn go tapa – rud a chinnteoidh go mbeidh an t-airgead breise seo á íoc ón Luan seo chugainn ar aghaidh.
“Cúis áthais dom a fhógairt freisin, mar thoradh ar na hathruithe a fógraíodh mar chuid den Bhuiséad, go méadófar na rátaí íocaíochta atá á bhfáil ag tuismitheoirí aonair.
“Baineann tábhacht ar leith leis na hathruithe agus méaduithe seo chun cabhrú le teaghlaigh éide scoile a cheannach agus costais scoile eile a íoc.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys freisin:
“Próiseálfaidh agus íocfaidh mo Roinn íocaíochtaí le thart 124,000 teaghlach an tseachtain seo agus mholfainn do gach teaghlach a incháilitheacht don scéim thábhachtach seo a sheiceáil agus iarratas a dhéanamh roimh an 30 Meán Fómhair.
“Chomh maith leis sin, íocfar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua le teaghlaigh atá ag baint tairbhe as an Treoir um Chosaint Shealadach don Úcráin bunaithe ar na critéir incháilitheachta céanna atá sonraithe do theaghlaigh Éireannacha.
“Mholfainn d’aon duine a bhfuil tuilleadh eolais á lorg aige faoi scéim seo teagmháil a dhéanamh lena hIonad Intreo áitiúil nó cuairt a thabhairt ar MyWelfare.ie.”
Soláthraíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua íocaíocht aonuaire do theaghlaigh incháilithe chun cabhrú leo íoc as éadaí agus coisbheart scoile.
Íocfar liúntas €260 le haghaidh gach leanbh incháilithe idir 4-11 bhliain d’aois ar nó roimh an 30 Meán Fómhair 2022 agus íocfar liúntas €385 le haghaidh gach leanbh incháilithe idir 12-22 bliain d’aois ar nó roimh an 30 Meán Fómhair 2022. Ní mór go mbeadh mic léinn idir 18-22 bliain d’aois ag filleadh ar oideachas dara leibhéal lánaimseartha i scoil nó coláiste aitheantas i bhfómhar na bliana 2022 chun teidlíocht d’íocaíocht a choimeád.
Beidh línte teileafóin speisialta, 071-919-3318 agus 0818-11-11-13, á gcur ar fáil ag an Roinn chun aon cheisteanna a bhaineann leis an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua a fhreagairt, i rith gnáthuaireanta gnó, Luan - Aoine idir 9am - 5pm. Chomh maith leis sin, is féidir le daoine ríomhphost a sheoladh chuig an Roinn ag bscfa@welfare.ie má tá ceist acu maidir lena n-iarratas nó teidlíocht.
Is é an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua an 30 Meán Fómhair 2022.
Tá tuilleadh eolais maidir leis na critéir incháilitheachta atá luaite leis an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua le fáil ag www.gov.ie/bscfa