€177 milliún daingnithe ag McConalogue chun tacú leis an earnáil bia mara in 2025
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, leithdháileadh suntasach buiséid de €177 milliún a bheith daingnithe aige do 2025 chun tacú leis an earnáil bia mara.
Tá an tAire McConalogue muiníneach go gcumasóidh sé seo dlús a chur le bearta atá á maoiniú faoin gClár Forbartha Bia Mara, leanúint le hinfheistíocht ríthábhachtach sna Lárionaid Chuanta Iascaigh agus maoiniú riachtanach a chur ar fáil do na gníomhaireachtaí muirí a dtacaíonn a ngníomhaíochtaí leis an earnáil iascaireachta agus bia mara.
“Tá Clár Forbartha Bia Mara mo Ranna cómhaoinithe ag Éirinn agus ag an°AE. Is é an príomhphacáiste maoinithe é chun tacú leis an earnáil bia mara tráchtála, le pacáiste maoinithe foriomlán de €258 milliún thar shaolré an chláir.
Tacaíonn an clár le réimse leathan tacaíochtaí airgeadais a sholáthar d'iascaigh, d'fhiontair dhobharshaothraithe agus phróiseála bia mara agus d'fhiontair, do ghrúpaí agus do dhaoine aonair i bpobail chósta, lena n-áirítear tacaíochtaí d'infheistíocht chaipitil, nuálaíocht, seirbhísí comhairleacha gairmiúla agus margaíocht.”
Ag trácht dó ar Bhuiséad 2025 dúirt an tAire McConalogue:
“Fáiltím roimh an leithdháileadh maoinithe de €177 milliún i mbuiséad an lae inniu. Cuireann an leithdháileadh seo réimse tacaíochtaí ar fáil don earnáil bia mara in 2025.” I measc na dtacaíochtaí sin tá:
o Scéim Measúnaithe Eacnamaíochta an Chabhlaigh Cladaigh: gheobhaidh rannpháirtithe sa scéim seo a mhairfidh go 2025, íocaíochtaí idir €3,500 agus €5,000, ag brath ar fhad an tsoithigh.
o Scéim Iascaigh Cois Cladaigh: Cuireann an scéim seo tacaíochtaí spriocdhírithe ar fáil do na soithí iascaireachta cósta beaga, ar soithí iascaireachta cláraithe iad atá níos lú ná 12 mhéadar ar fad agus nach n-úsáideann trealamh iascaireachta tarraingthe. Cuirtear rátaí déine deontais feabhsaithe idir 80% agus 100% ar fáil do na soithí sin chun tacú le hinfheistíocht ar bord agus ar tír araon, agus rannpháirteachas i mbearta caomhnaithe.
o Tá Scéim V-eangúcháin ghliomaigh ar siúl a leanann leis an dea-obair a rinneadh faoi scéimeanna V-eangúcháin roimhe seo chun inbhuanaitheacht an iascaigh seo a fheabhsú, rud a bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leis don chabhlach iascaireachta cladaigh go háirithe.
o Cuireann an Scéim Iascaigh Inbhuanaithe tacaíocht ar fáil do gach soitheach iascaireachta cláraithe (seachas na soithí iascaireachta cósta beaga) le haghaidh infheistíochta ar bord. Tacaíonn an Scéim Iascaigh Cladaigh agus an Scéim Iascaigh Inbhuanaithe araon le hinfheistíocht ó shoithí iascaireachta i dtrealamh níos roghnaithí a laghdaíonn gabhálacha speiceas óg agus/nó speiceas thar an cuóta, agus é mar aidhm dheiridh acu inbhuanaitheacht an iascaigh a fheabhsú.
o Soláthraíonn an Scéim Infheistíochta Caipitil um Próiseáil Bia Mara tacaíocht thábhachtach d'infheistíocht chaipitil san earnáil próiseála bia mara. Leanfaidh sí ar aghaidh leis na tacaíochtaí a cuireadh ar fáil don earnáil i rith 2022 agus 2023 faoin Scéim Tacaíochta Caipitil Próiseála Brexit agus cuirfidh sí leo. Is scéim í sin arna maoiniú faoin gCúlchiste Coigeartaithe Brexit (BAR), áit a bhfuair an tionscal maoiniú os cionn €30 milliún le haghaidh infheistíocht chaipitil san earnáil sin.
o Cuireann an Scéim Infheistíochta Caipitil um Dobharshaothrú tacaíocht ar fáil d'oibreoirí dobharshaothraithe le haghaidh infheistíocht chaipitil chun gníomhaíochtaí dobharshaothraithe atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn agus chun iomaíochas an táirgthe dobharshaothraithe a neartú
o Tacaíonn an Scéim Oiliúna Bia na Mara le scileanna agus eolas a fhorbairt ar fud na n-earnálacha Iascaigh, Dobharshaothraithe agus Próiseála Bia Mara
o Cuireann Scéim na nIascairí Óga tacaíocht ar fáil do dhaoine faoi 40, a bhfuil taithí 5 bliana+ agus/nó oiliúint ábhartha acu, chun cabhrú leo a gcéad shoitheach a cheannach. Is féidir teacht ar chúnamh deontais suas le 40% de chostas an tsoithigh faoin scéim seo, faoi réir uasíocaíocht de €250,000. Tá roinnt srianta ann maidir le haois agus fad na soithí a d'fhéadfaí a cheannach faoin scéim seo.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire;
“Táim muiníneach go gcuirfidh na scéimeanna seo tacaíocht atá riachtanach ar fáil don earnáil bia mara agus áireofar ar scéimeanna amach anseo in 2025 scéimeanna chun tacú leis na hEagraíochtaí Táirgeoirí, forbairt áitiúil faoi cheannas an phobail trí na Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh (FLAG) agus scéim nuálaíochta bia mara.”
Deireadh