Maoiniú €12m d’fheidhmiú an ábhair Eolaíocht na hArdteistiméireachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley TD, sonraí faoi Dheontas Tacaíochta nua um Fheidhmiú na Eolaíochta ar fiú €12 milliún é chun tacú le scoileanna ábhair eolaíochta na Sraithe Sinsearaí athbhreithnithe a fheidhmiú go céimneach.
Tá athbhreithniú déanta ar thrí ábhar eolaíochta – Bitheolaíocht, Ceimic agus Fisic – mar chuid den chéad chéim den athfhorbairt ar ábhair na Sraithe Sinsearaí. San áireamh sna sonraíochtaí athbhreithnithe tá gnáthmheasúnú scríofa traidisiúnta ar fiú 60% é agus comhpháirt nua measúnaithe breise, ar fiú 40% é,
Tabharfar Bitheolaíocht, Ceimic nó Fisic “sa Chleachtas” ar an gcomhpháirt measúnaithe breise agus leathnófar na cineálacha measúnaithe a úsáidtear sa tSraith Shinsearach. Déanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit measúnú seachtrach ar chomhpháirt measúnaithe breise gach scoláire.
Inniu, d’fhógair an tAire Foley go bhfuil €12 milliún á chur ar fáil mar mhaoiniú do Dheontas Tacaíochta nua um Fheidhmiú na hEolaíochta, agus go n-íocfar le scoileanna go luath é.
Gheobhaidh gach scoil sa scéim saoroideachais maoiniú breise le buníocaíocht íosta de €13,000 suas go huasmhéid de €22,000. Ní bheidh aon phróiseas iarratais ann, agus déanfar an íocaíocht ar bhonn uathoibríoch.
Déanfar na sonraíochtaí athbhreithnithe don Bhitheolaíocht, don Cheimic agus don Fhisic a fheidhmiú i scoileanna ar fud na tíre do scoláirí an cúigiú bliain ón scoilbhliain seo chugainn (2025/26), ag tosú i mí Lúnasa/Meán Fómhair 2025.
Sa chomhpháirt measúnaithe breise i ngach ábhar beidh ar scoláirí an t-eolas agus na scileanna atá á bhfoghlaim acu le linn an chúrsa a úsáid le himscrúdú a dhéanamh. I gceist ansin beidh:
• Feidhmiú na heolaíochta sa saol réadúil;
• scileanna imscrúdaithe a léiriú;
• a gcuid oibre imscrúdaithe a cheangal le hobair eolaithe sa tsochaí;
• a gcuid torthaí a chur in iúl go cuí agus go héifeachtach
Déanfaidh scoláirí a gcuid oibre ar an imscrúdú sa Bhitheolaíocht, san Fhisic nó sa Cheimic le linn an chúrsa. Déanfaidh siad loga imscrúdaithe a chomhlánú ar bhealach a fhéadfaidh siad a úsáid mar chabhair chun a dtuairisc dheiridh a thiomsú do Choimisiún na Scrúduithe Stáit.
Mar thús, déanfaidh siad taighde eolaíoch ar shaincheist a bhaineann leis an gcoimre eolais. Déanfaidh siad eolas ó fhoinsí tánaisteacha a bhailiú, a phróiseáil agus a mheas. D’fhéadfadh sé go gcabhródh an t-eolas a fhaightear ón gcéim seo den imscrúdú chun a gcuid oibre turgnamhaí a threorú.
Ansin ginfidh siad hipitéis agus déanfaidh siad a dturgnamh a phleanáil agus a dhearadh. Déanfaidh siad a dturgnamh agus baileoidh siad sonraí príomhúla. Nuair a bheidh a bpríomhshonraí bailithe acu, déanfaidh siad anailís ar na sonraí agus tiocfaidh siad ar chonclúidí.
I mbliain a dó, cuirfidh siad fianaise faoi bhráid Choimisiún na Scrúduithe Stáit lena marcáil, ag taispeáint a gcumais maidir le taighde eolaíoch a dhéanamh ar an gcoimre eolais agus sonraí príomhúla cuí a úsáid chun gnéithe den choimre eolais a fhiosrú.
Déanfar maoiniú don Deontas Tacaíochta um Fheidhmiú na hEolaíochta a leithdháileadh bunaithe ar cheithre bhanda rollaithe, ag cinntiú go bhfuil an maoiniú cothrom agus comhréireach. Tá raon méide sna bandaí rollaithe ó scoileanna suas go dtí 300 dalta sa bhanda is ísle, go dtí scoileanna le breis agus 900 dalta sa bhanda is airde.
Beidh ardú 10% sa bhreis ar an Deontas Tacaíochta um Fheidhmiú na hEolaíochta do scoileanna DEIS. Ciallaíonn sé sin go bhfaighidh scoil DEIS 10% sa bhreis ar an íosmhéid maoinithe dá mbanda rollaithe. Tá sé sin ag teacht le hardú DEIS a cuireadh i bhfeidhm roimhe seo i samhlacha maoinithe na Roinne, lena n-áirítear an deontas do bhonneagar TFC.
Beidh neamhspleáchas ag scoileanna maidir le húsáid a bhaint as an maoiniú a chuirtear ar fáil faoin Deontas Tacaíochta um Fheidhmiú na hEolaíochta ar an mbealach is fearr a oireann dá gcomhthéacs scoile agus é a úsáid dá riachtanais Eolaíochta a aithnítear go háitiúil. Táthar ag súil go dtabharfaidh scoileanna tús áite do cheannach tomhaltán agus riachtanais ghaolmhara trealaimh. Féadfar an maoiniú a úsáid chun tacú le feidhmiú eolaíochtaí nua na sraithe sinsearaí nó níos ginearálta chun tacú leis an gclár eolaíochta níos leithne a bhféadfadh, mar shampla, Eolaíocht Talmhaíochta, Eolaíocht na Idirbhliana nó Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí a bheidh san áireamh ann.
Chomh maith leis sin, tá an fógra seo ag teacht le Ráiteas Beartais Oideachais STEM na Roinne 2017-2026, ina n-aithnítear an tábhacht a bhaineann le tionscnaimh a mhúsclaíonn feasacht agus spéis in STEM, agus an gá atá le hoideachas STEM a fheabhsú. Chomh maith leis sin, tá an maoiniú sa bhreis ar an tacaíocht atá ann cheana féin, ar tacaíocht í a chuirtear ar fáil do scoileanna a sholáthraíonn Fisic, Ceimic agus Fisic & Ceimic le chéile.
Tá oiliúint múinteoirí faoi lánseol - tá oiliúint curtha ar bhreis is 11,000 múinteoir iar-bhunscoile ó thús na scoilbhliana, lena n-áirítear breis agus 1,000 múinteoir eolaíochta. Leanfar den oiliúint chun a chinntiú go bhfuil múinteoirí réidh do na hathruithe seo.
Tagann an maoiniú de €12 milliún mar bhreis an €30 milliún a leithdháileadh i mBuiséad 2025 le haghaidh athchóiriú curaclaim lena n-áirítear athfhorbairt eolaíocht na sraithe sinsearaí.
Banda Rollaithe | Buníocaíocht | Íocaíocht DEIS (ardú 10%) |
1-300 | 13,000 | 14,300 |
301-599 | 16,000 | 17,600 |
600-89 | 19,000 | 20,900 |
900+ | 22,000 | 24,200 |
Chuir an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) tús le hobair ar a Tuarascáil Chomhairleach ar an athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach in 2016. Faoin gclár um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, tá an Roinn Oideachais agus CNCM ag obair le comhpháirtithe oideachais chun nuashonrú agus athdhearadh a dhéanamh ar Churaclam na Sraithe Sinsearaí chun freastal ar riachtanais daoine óga sa lá atá inniu ann.
Tá athruithe á dtabhairt isteach de réir a chéile, ag tosú an bhliain seo chugainn agus ag leanúint ar aghaidh go dtí 2029. Faoi 2031, leanfaidh gach scoláire a dhéanfaidh an Ardteistiméireacht an curaclam nuashonraithe. San áireamh ansin beidh measúnuithe breise ar nós obair thionscadail nó chúrsa a thabharfaidh deiseanna do scoláire scileanna a bhaineann leis an saol réadúil a léiriú.
Mar chuid d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, tabharfar isteach sonraíochtaí athbhreithnithe do sheacht n-ábhar Ardteistiméireachta seanbhunaithe (Bitheolaíocht, Fisic, Ceimic, Araibis, Laidin, Sean-Ghréigis, agus Gnó) i scoileanna ó scoilbhliain 2025/26 ar aghaidh.
Cuimseoidh gach ceann de na sonraíochtaí ábhair nua agus athbhreithnithe sin comhpháirteanna breise nach gnáthscrúdú scríofa iad, ar fiú 40% ar a laghad de na marcanna atá ar fáil iad agus a ndéanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) measúnú seachtrach orthu.
Chun tacú leis na hathruithe sin, tá €30 milliún leithdháilte i mBuiséad 2025 le haghaidh athchóiriú curaclaim lena n-áirítear athfhorbairt na sraithe sinsearaí.
• Bhí múinteoirí agus a n-ionadaithe páirteach san obair go léir a bhain le hathfhorbairt na Sraithe Sinsearaí go dtí seo – chuir siad le forbairt na sonraíochtaí nua agus na socruithe measúnaithe athbhreithnithe. Cuimsíonn 50-70% de bhallraíocht Ghrúpaí Forbartha Ábhar CNCM múinteoirí atá i mbun cleachtais.
•Tá sé mar aidhm ag an obair thábhachtach seo an t-eispéireas oideachais a fheabhsú agus foghlaim agus gnóthachtáil fhiúntach a chinntiú do gach foghlaimeoir sa tsraith shinsearach. Féach https://ncca.ie/en/senior-cycle/senior-cycle-redevelopment/
• Tá sonraí maidir le hAthfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, lena n-áirítear na nótaí faisnéise a eisítear go rialta chuig scoileanna, le fáil ag na naisc seo a leanas: : https://www.gov.ie/seniorcycle, https://ncca.ie/en/senior-cycle/senior-cycle-redevelopment/, chomh maith le www.curriculumonline.ie ar féidir na doiciméid nua agus athbhreithnithe go léir a foilsíodh le déanaí maidir le hábhar\modúl\clár a fháil air.
• Tá sceideal foilsithe ag CNCM chun athbhreithniú a dhéanamh ar churaclaim nó ar shonraíochtaí uile na n-ábhar Ardteistiméireachta a chuimsíonn cúig thráinse bhliantúla ón mbliain seo chugainn (2025). Tá an sceideal sin ar fáil ag an nasc thuas.
• Is cuspóir comhroinnte é an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go gcuirtear tacaíocht imleor ar fáil do mhúinteoirí agus do scoileanna chun na sonraíochtaí nua a fheidhmiú.
• Tá acmhainní breise á gcur ar fáil. Mar chuid de Bhuiséad 2025, tá thart ar €30 milliún de mhaoiniú breise á chur ar fáil chun leanúint d’fhorbairt agus d’athchóirithe tábhachtacha curaclaim agus don oideachas múinteoirí atá gaolmhar leo. Baineann sé seo go háirithe le soláthar leanúnach Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí agus Creatchuraclam na Bunscoile mar aon le réimse feabhsuithe pleanáilte eile ar an gcaoi a ndéantar an t-oideachas a theagasc agus a fhoghlaim inár scoileanna.
• Maidir leis na trí shonraíocht eolaíochta nua, mar shampla, baineann na comhpháirteanna measúnaithe nua le scoláirí píosa oibre a chomhlánú mar fhianaise ar a gcumas taighde eolaíoch a dhéanamh ar cheist ar leith agus sonraí príomhúla cuí a úsáid chun gnéithe den tsaincheist sin a fhiosrú. Níl sé i gceist go mbeadh na himscrúduithe seo teoranta d'obair shaotharlainne amháin.
• Tá acmhainní breise geallta do na hábhair nua agus roghnaíodh 100 scoil le bheith ar na chéad scoileanna a chuirfidh Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta, agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe ar fáil.
• Mar chuid den chlár um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, déanfar athbhreithniú ar na sonraíochtaí do gach ábhar Ardteistiméireachta, agus cuimseofar Comhpháirt Measúnaithe Breise (AAC) ar fiú 40% ar a laghad de na marcanna atá ar fáil í, ag leathnú an réimse scileanna is féidir a bheith mheas agus ag tabhairt aitheantais do chineálacha éagsúla foghlama agus ag laghdú na béime atá ar scrúduithe scríofa ceann cúrsa.
• Leathnóidh tabhairt isteach AACanna an réimse scileanna is féidir a mheas, agus ar an gcaoi sin tabharfar aitheantas do chineálacha éagsúla foghlama agus laghdófar an bhéim ar scrúduithe scríofa ceann cúrsa. Ba cheart na AACanna a thuiscint mar chuid chomhtháite de theagasc agus d’fhoghlaim an ábhair a éascaíonn agus a thacaíonn le dea-chleachtais teagaisc agus foghlama thar dhá bhliain an chúrsa agus a chuireann ar chumas na scoláirí cuspóirí shonraíocht an ábhair a chomhlíonadh.
• Ba chóir a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil comhpháirt arb ionann í agus comhpháirt AAC cheana féin ag trí ceathrú de na hábhair Ardteistiméireachta go léir. Tá an dara comhpháirt ar a laghad ag 29 de na 41 ábhar curaclaim Ardteistiméireachta reatha a thuigimid anois mar AAC faoi Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí. Bíonn cruthanna éagsúla orthu seo faoin gcóras reatha lena n-áirítear béaltrialacha, cluastuiscint, trialacha praiticiúla nó léiriú agus obair chúrsa.
• Cuireadh scoileanna ar an eolas i mí na Bealtaine faoi sceideal chun ábhair shamplacha measúnaithe a scaoileadh chun cabhrú le pleanáil agus oiliúint múinteoirí. Foilseofar an chéad chuid, Treoirlínte ar na Comhpháirteanna Breise Measúnaithe (AACanna), go luath, agus foilseofar scrúdpháipéir shamplacha ina dhiaidh sin in Earrach na bliana 2025. Ciallaíonn sé sin go mbeidh níos mó ná dhá bhliain ag scoileanna le hullmhú sula ndéanfaidh scoláirí na scrúduithe sin agus roinnt míonna sula gcuirfidh scoláirí tús leis na hábhair nua nó nuashonraithe sa chúigiú bliain.
•Tá obair fhorbartha ar ábhair Thráinse 2 agus Thráinse 3 ag dul chun cinn laistigh de struchtúir CNCM agus beidh comhairliúcháin phoiblí ar ghnéithe éagsúla de na hábhair sin sna míonna seo amach romhainn sula dtabharfar isteach iad don chúigiú bliain faoi seach ó 2026 agus 2027.
• Ó 2023 i leith, tá a threoirlínte nuashonraithe ag CSS chun aghaidh a thabhairt ar ábhar a ghintear in le IS. I dtaca le 2024, áiríonn gach treoir rialacha maidir le húsáid IS. Cuirfidh rannpháirtíocht rialta, chuimsitheach le hobair gach scoláire ar a C(h)omhpháirt Measúnaithe Breise ar chumas múinteoirí aon obair atá á cur isteach le haghaidh measúnaithe a fhíordheimhniú go muiníneach agus go dlisteanach.