Tríd an Íocaíocht Tacaíochta Clár, tugtar aitheantas don am breise a éilítear ar sholáthraithe na gclár atá maoinithe ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, idir clár luathfhoghlama agus cúraim agus clár cúraim leanaí ar aois scoile, chun an obair riaracháin a bhaineann leis an scéim a chur i gcrích. Aithnítear chomh maith go bhfuil am ag teastáil chun gníomhaíochtaí a dhéanamh lasmuigh d'uaireanta teagmhála le leanaí, gníomhaíochtaí ar nós ábhar i gcomhair seisiún luathfhoghlama agus cúraim a ullmhú agus cúnamh a thabhairt do thuismitheoirí chun a chur in iúl dóibh conas gur féidir leo leas a bhaint as scéimeanna cúraim leanaí an Stáit.