Tugann an tAire Butler cuairt ar Shainseirbhís Mheabhairshláinte Imbhreithe ag Ospidéal an Rotunda
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan agus mar chuid de Sheachtain Shláinte na mBan 2022, thug an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD, cuairt ar shainseirbhís mheabhairshláinte imbhreithe in Ospidéal an Rotunda.
Soláthraíonn an sainseirbhís mheabhairshláinte imbhreithe ag an Rotunda tacaíochtaí meabhairshláinte riachtanacha do mháithreacha le linn na tréimhse imbhreithe, lena n-áirítear CBT, clinic tráma breithe agus grúpaí tacaíochta dúlagar iarbhreithe. Tá roinnt tionscnamh forbartha ag an tseirbhís freisin ag obair le grúpaí imeallaithe, lena n-áirítear oibriú i gcomhar le baill den lucht siúil chun feasacht a mhéadú ar thacaíochtaí meabhairshláinte imbhreithe.
Dúirt an tAire Butler:
"Is minic a bhíonn an tréimhse le linn toirchis, chomh maith leis an mbreith, ina tréimhse an-dúshlánach do mháithreacha, go háirithe maidir lena meabhairshláinte. Dá bhrí sin tá sé ríthábhachtach go mbraitheann mná go dtacaítear leo i rith na tréimhse seo agus go bhfaigheann siad an cúram cuí. Ba phribhléid é a bheith in ann cuairt a thabhairt ar an tseirbhís sa Rotunda agus an obair riachtanach a dhéantar ann chun tacú le meabhairshláinte na mban a fheiceáil go pearsanta.''
Rud atá tábhachtach, is seirbhísí phoiblí iad Seirbhísí Meabhairshláinte Imbhreithe atá ar fáil do na mná go léir. Ag teacht leis an tSamhail Cúraim do Mheabhairshláinte Imbhreithe, cuirtear ceisteanna ar gach bean anois ní hamháin faoina sláinte fhisiciúil ach cuirtear ceisteanna orthu freisin faoina riachtanais mheabhairshláinte nuair a fhaigheann siad rochtain ar sheirbhísí máithreachais den chéad uair.
Dúirt an tAire Butler:
“Is príomhchuspóir i gcónaí domsa agus don Rialtas ina iomláine seirbhísí meabhairshláinte imbhreithe a fheabhsú. Tá ríméad orm gur féidir líonra meabhairshláinte imbhreithe a chur i bhfeidhm go hiomlán ar fud na hÉireann mar gheall ar ár n-infheistíocht go dtí seo. Is í an chéad chéim ríthábhachtach eile i dtreo feabhas a chur ar ár sainseirbhísí meabhairshláinte imbhreithe ná forbairt a dhéanamh ar an gcéad Aonad Máithreacha agus Naíonán meabhairshláinte d’othair chónaitheacha in Éirinn, agus táim tiomanta go láidir don tseirbhís riachtanach seo a chur chun cinn.”
Tagann cuairt an Aire Butler tar éis seoladh an Phlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan 2022-2023 níos luaithe inniu, arb é an chéad phlean gníomhaíochta um Shláinte na mBan a foilsíodh in Éirinn. Soláthraíonn an Plean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan creat straitéiseach chun tosaíocht a thabhairt do chúram sláinte na mban sa todhchaí, ag aithint bearnaí i seirbhísí sláinte na mban agus ag freagairt dóibh agus ag an am céanna ag obair chun eispéiris na mban ar chúram sláinte a fheabhsú.
Ar deireadh dúirt an tAire Butler:
“Tá áthas ar leith orm go leagtar béim sa Phlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan 2022/2023 ar an ngá atá le tacaíochtaí láidre meabhairshláinte do mhná agus do chailíní. Is tosaíocht dom é, mar Aire le freagracht as meabhairshláinte, a chinntiú go bhfuil ár seirbhísí meabhairshláinte inscne-íogair agus go bhfaigheann mná agus cailíní seirbhísí agus tacaíochtaí meabhairshláinte ardchaighdeáin go tráthúil. Is príomhthosaíocht é sláinte na mban don Rialtas seo agus tacaítear go láidir leis i mBuiséad 2022 le maoiniú breise €31 milliún d'fhorbairtí nua i sláinte na mban.
CRÍOCH