Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí- 25 Feabhra 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tástáladh 90 ceann de chásanna amhrasta Covid-19 (Coróinvíreas) in Éirinn.
**Ní raibh aon chásanna deimhnithe Covid-19 (Coróinvíreas) ann in Éirinn go dtí seo.
Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inniu (Dé Máirt an 25 Feabhra) mar chuid dá measúnú leanúnach ar fhreagairt agus ullmhacht na hÉireann do Covid-19.**
Mhol an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí inniu:
Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe de chuid na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí, dúirt Simon Harris, an tAire Sláinte:
“Leanann an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le faireachán a dhéanamh ar ullmhacht na hÉireann i bhfianaise na staide a bhíonn ag athrú san Eoraip agus ar fud an domhain.
“Tá na moltaí a rinneadh inniu mar fhianaise ar an measúnú leanúnach a bhíonn á dhéanamh ar fhreagairt na hÉireann do COVID-19 agus ar chumas oiriúnaithe na freagartha sin. Leanfar leis an obair sin de réir mar a fhorbraíonn an staid.
“Fáiltím roimh an moladh go gcealófaí an tsraith cluichí rugbaí idir Éire agus an Iodáil, ar moladh é a rinneadh ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí.”
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
“Tar éis measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí le déanaí san Eoraip agus ar fud an domhain, tá Éire fós i gCéim an tSrianta. Bunaithe ar threoirlínte ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, áfach, tá údar ann le mórthionóil a chealú sa chéim seo in imthosca eisceachtúla. Maidir leis an moladh a rinneadh inniu go gcealófaí an tsraith cluichí rugbaí idir Éire agus an Iodáil, tá sé bunaithe ar chineál na ráige atá i réim i dtuaisceart na hIodáile, ar ráig í a bhíonn ag athrú go tapa, agus ar an mbaol iarmhartach go n-allmhaireofaí cásanna isteach in Éirinn dá rachadh na cluichí ar aghaidh.
“Ina theannta sin, bhunaigh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí foghrúpa chun critéir a fhorbairt le haghaidh measúnú riosca a dhéanamh ar mhórthionóil eile. Beidh na critéir sin bunaithe ar an treoir ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.”
Shainaithin an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí sainiú cáis nua, rud a dtagann na háiteanna seo a leanas faoi: an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Chóiré Theas, an Iaráin, ceithre réigiún i dtuaisceart na hIodáile (an Lombaird, Veneto, Emilia-Romagna agus Píodmant) agus mórthír na Síne.
Dá bhrí sin, tugadh an chomhairle sláinte poiblí ó Éirinn cothrom le dáta chun na daoine seo a leanas a chumhdach:
Tabharfar na halgartaim atá in úsáid cothrom le dáta chun an liosta méadaithe réigiún atá thíos leis an víreas a léiriú agus dáilfear na halgartaim nua ar fud an chórais sláinte.
Ag labhairt dó go sonrach faoi dhaoine atá ag filleadh ar ais ó na réigiúin i dtuaisceart na hIodáile atá thíos leis an víreas, dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
“Tá lia-chleachtóirí ginearálta in ann measúnú a dhéanamh ar gach cás a dhéanann teagmháil leis an tseirbhís agus féadfaidh siad an cás a chur ar aghaidh chuig céim na tástála, má mheasann siad gur gá déanamh amhlaidh tar éis measúnú riosca a dhéanamh.
“Aon duine a bhí sna réigiúin atá thíos leis an víreas i dtuaisceart na hIodáile - an Lombaird, Veneto, Emilia-Romagna agus Píodmant - sna 14 lá seo a chuaigh thart agus a bhfuil casacht, giorra anála nó fiabhras air/uirthi nó a bhfuil deacrachtaí análaithe aige/aici, ba cheart dó/di é/í féin a leithlisiú agus glao a chur ar a lia-chleachtóir ginearálta lom láithreach.
“Aon duine a thaistil ó na réigiúin atá thíos leis an víreas i dtuaisceart na hIodáile agus nach bhfuil aon siomptóim air/uirthi, ba cheart dó/di dul chuig www.HSE.ie chun comhairle a fháil.
“Is é an rud is tábhachtaí is féidir linn a dhéanamh chun sinn féin a chosaint ar Covid-19 ná ár lámha a ní go rialta agus cloí le dea-shláinteachas riospráide.”
Molann an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí freisin go dtosófaí ar chásanna amhrasta COVID-19 (Coróinvíreas) a leithlisiú i suíomhanna pobail tar éis iad a thástáil.
Ag teacht sna sála ar an méadú i gcásanna COVID-19 san Iodáil, measann an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú anois gur idir measartha agus ard atá an baol go dtiocfaidh braislí cásanna den chineál céanna chun cinn i dtíortha eile den Aontas Eorpach.
CRÍOCH
Áirítear iad seo a leanas leis na príomhghnéithe de phleananna ullmhachta na hÉireann:
Ullmhacht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Shainaithin gach ospidéal géarmhíochaine saoráidí leithlisithe atá sainiúil do Covid-19 (Coróinvíreas)
Tá coistí ildisciplíneacha ullmhachta do COVID-19 (Coróinvíreas) á mbunú ag ospidéil ghéarmhíochaine chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart Cosanta Sláinte
Chuir na seirbhísí cúraim chriticiúil treoir bainistíochta le chéile le haghaidh cúram a thabhairt d’aon othair ar a bhfuil COVID-19 (Coróinvíreas) agus óna dteastaíonn a gcuid seirbhísí
Tá ról gníomhach á imirt ag an tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr i measúnú riosca a dhéanamh ar gach cás amhrasta COVID-19 agus sa fhreagairt chuí do chásanna a aithint agus a shrianadh
Dáileadh níos mó ná 13,500 ceann de phacaí trealaimh chosanta pearsanta ar Sheirbhísí Lia-Chleachtóirí Ginearálta Lasmuigh de Ghnáthuaireanta Oibre, ar Rannóga Sláinte Poiblí agus ar Chleachtaí Lia-Chleachtóirí Ginearálta
Calafoirt agus Aerfoirt
Ní ann d’aon srianta iontrála in Éirinn faoi láthair.
Níor mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ná an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú go dtí seo go ndéanfaí scagadh ar iontráil ag calafoirt agus aerfoirt.
Tá na nithe seo a leanas i measc na bprótacal éifeachtach sláinte poiblí atá i bhfeidhm ag calafoirt agus aerfoirt:
Comhairle d’fhostóirí
Mura bhfuil aon siomptóim ar d’fhostaithe, ní gá duit aon bhearta a dhéanamh san áit oibre.
Ní bheidh orthu fanacht sa bhaile ná fanacht glan ar dhaoine eile.
Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim COVID-19 (Coróinvíreas) le brath.
Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:
Is féidir le COVID-19 (Coróinvíreas) a bheith ina chúis le tinnis níos troime freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:
Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar COVID-19 (Coróinvíreas):
Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe: