Héileacaptair Nua de Gharda Chósta na hÉireann ag dul beo ag Aerphort na Sionainne
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an chéad ceann de na heileacaptair nua AW 189 de Gharda Chósta na hÉireann á oibriú ag Bristow Ireland, an tsoláthróir nua de sheirbhísí eitlíochta an Gharda Chósta, tar éis tosú ag feidhmiú ó Aerphort na Sionainne ag meán-oíche, Dé Sathairn 8 Nollaig. Thosaigh an t-aistriú de bhunáit na Sionainne ar 1 Samhain, nuair a d’aistrigh pearsanra, lena n-áirítear píolótaí, criúanna teicniúla, innealtóirí, agus foireann tacaíochta, ó CHC to Bristow Ireland. Ligfidh an t-aistriú do leanúnachas de sheirbhísí, lena n-áirítear Cuardach agus Tarrtháil ar muir agus intíre, Seirbhís Éigeandála Leighis Héileacptair, tacaíocht don Seirbhís Náisiúnta Otharcharranna maraon le tacaíocht aeraileighis lae agus oíche do na hoileáin amach ón gcósta.
Aithníonn An Roinn Iompair agus Garda Chósta na hÉireann an comhoibriú dearfach idir CHC agus Bristow Ireland lena gcuid iarrachtaí i leith aistrithe sábháilte agus éifeachtach de sheirbhísí a chinntiú agus admhaíonn siad freisin tacaíocht níos leithne an phobail Chuardach agus Tarrtháil, lena n-áirítear Aonaid an Gharda Chósta, RNLI, agus foirne tarrtháil sléibhe, lena gcabhair leis an traenáil chríochnúil a stiúir Bristow Ireland.