Fógraíonn an tAire Heydon maoiniú €750,000 do Thaighde ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, a bhfuil freagracht speisialta air as taighde agus nuálaíocht, Martin Heydon TD, dámhachtainí dar luach €750,000 inniu as taighde i réimse na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR).
Chomh maith leis sin, sheol an tAire Heydon oscailt gairm taighde Eorpach nua i réimsí sláinte agus leasa ainmhithe. Tá €1 mhilliún á ghealladh ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun rannpháirtíocht taighdeoirí Éireannacha sa tionscnamh seo a chumasú.
Dámhachtainí Taighde AMR
Tar éis gairm tograí faoin gComhthionscnamh Clárúcháin Eorpach um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha (JPIAMR), gheobhaidh trí thionscadal a mbeidh eolaithe Éireannacha ó Theagasc, ó Ollscoil Mhá Nuad agus ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath páirteach iontu, agus iad ag comhoibriú le roinnt Eagraíochtaí Feidhmithe Taighde Eorpacha, maoiniú dar luach €750,000. Déanfaidh siad imscrúdú ar fhorbairt straitéisí, uirlisí, teicneolaíochtaí agus modhanna nuálacha chun diagnóisic agus faireachas a dhéanamh ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha na bpataiginí is criticiúla a théann i bhfeidhm ar phlandaí agus ainmhithe.
Dúirt an tAire Heydon agus na dámhachtainí á bhfógairt aige:
“Tacóidh an maoiniú atá á fhógairt agam inniu do na trí thionscadal seo le taighdeoirí Éireannacha oibriú le heolaithe eile ar fud na hEorpa chun réitigh a fhorbairt a chabhróidh linn dul i ngleic le bagairt dhomhanda na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha atá ag gabháil i méid.”
Oscailt Ghairm ar Shláinte agus Leas Ainmhithe
Ar leithligh, d'fhógair an tAire go n-osclófar an chéad ghairm taighde faoin gComhpháirtíocht Taighde Eorpach um Shláinte agus Leas Ainmhithe. Dúirt an tAire Heydon:
“Is í an Chomhpháirtíocht Eorpach um Shláinte agus Leas Ainmhithe an dara ceann de na comhpháirtíochtaí taighde Eorpacha nua atá á gcur i bhfeidhm go céimneach faoi Fís Eorpach tar éis sheoladh na Comhpháirtíochta Agra-éiceolaíochta an mhí seo caite. Geallfaidh mo Roinn €1 mhilliún chun cur ar chumas taighdeoirí Éireannacha comhoibriú le comhghleacaithe Eorpacha i dtograí don chéad Ghairm faoin gComhpháirtíocht seo. Tá sé seo tábhachtach dúinn mar go gceadóidh sé taighde i réimsí ar nós teicneolaíochtaí chun sláinte agus leas ainmhithe a chosc, a bhrath, a mheas agus a bhainistiú”.
DEIREADH
Nótaí don Eagarthóir
1. Dámhachtainí Taighde AMR
Cuirtear tacaíocht airgeadais na hÉireann do Thaighde JPIAMR ar fáil trí Chlár Taighde RTBM. Is ionann maoiniú iomlán na Roinne do rannpháirtithe na hÉireann thar na cúig thionscadal faoin dá Ghairm agus €749,025.
Is é is aidhm ag Comhthionscnamh Clárúcháin um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha (JPIAMR) tionscadail taighde a mhaoiniú atá dírithe ar straitéisí, uirlisí, teicneolaíochtaí agus modhanna nua a fhorbairt, nó feabhas a chur ar straitéisí, uirlisí, agus modhanna atá ann cheana le haghaidh diagnóis agus/nó faireachas AMR One Health.
Roghnaíodh trí thionscadal le rannpháirteachas Éireannach do mhaoiniú:
• AEROBIOMICS-AMR: AEROBIOMICS - AMR: Faireachas géanómaíoch bunaithe ar an aerai-bhithóm ar fhrithsheasmhacht in aghaidh fuingicíde chun forbairt agus leathadh AMR i bpataiginí plandaí agus sa timpeallacht níos leithne a rianú. An Dochtúir Steven Kildea, Teagasc. €249,396
• MEGAISurv: MEGAISurv: Faireachas frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha le bonn eolais curtha faoi ag meitighéanóm: Leas a bhaint as seicheamhú fadléite le haghaidh creat anailíseach, táscaire agus measúnaithe riosca. An tOllamh Seamus Fanning, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. €249,867
• NewResGenes: Bonn eolais a chur faoi fhaireachas géanómaíoch a trí ghéinte frithsheasmhachta in aghaidh antaibheathaigh nua a nochtadh, a fheinitíopáil agus a chur in ord tosaíochta. An tOllamh Fiona Walsh, Ollscoil na hÉireann Má Nuad. €249,762
2. Oscailt Ghairm ar Shláinte agus Leas Ainmhithe
Cúlra – Comhpháirtíochtaí
Tugann Comhpháirtíochtaí Eorpacha an Coimisiún Eorpach agus comhpháirtithe príobháideacha agus/nó poiblí le chéile chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin is práinní san Eoraip trí thionscnaimh chomhbheartaithe taighde agus nuálaíochta. Is príomhuirlis forfheidhmithe d’Fhís Eorpach iad. Cumasaíonn comhoibriú níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí náisiúnta agus Eorpacha trí shaineolas agus acmhainní a chur le chéile, chomh maith le leas a bhaint as infheistíochtaí taighde príobháideacha agus poiblí breise.
An 1d Ghairm Chómhaoinithe ar Thionscadail Taighde Chomhoibritheacha Trasnáisiúnta: “Ag Tacú le Todhchaí Sláinte agus Leas Ainmhithe”
Topaicí Gairmeacha
Tá an ghairm seo oscailte do thograí a thugann aghaidh ar na hábhair thaighde a ndéantar cur síos orthu thíos, ag díriú ar ainmhithe talún agus uisceacha, ar shláinte beach, nó ar fhiadhúlra i gcás inarb ábhartha (tarchur galair a bhfuil tionchar acu ar bheostoic nó galair zónóiseacha).
Topaic 1: Teicneolaíochtaí Nua chun Sláinte agus Leas Ainmhithe a Chosc, a Bhrath, a Mheas, agus a Bhainistiú.
Áirítear leis an topaic seo tionscadail taighde a dhíríonn ar theicneolaíochtaí nuálacha a chruthú agus a chur chun cinn chun Sláinte agus Leas Ainmhithe a fheabhsú.
Topaic 2: Taighde Bunúsach do Shláinte agus Leas Ainmhithe.
Baineann an topaic seo le taighde chun eolas agus tuiscint eolaíoch ar na meicníochtaí bitheolaíocha, imdhíoneolaíocha agus fiseolaíocha a mbíonn tionchar acu ar Shláinte agus Leas Ainmhithe talún agus uisceacha a chur chun cinn.
Topaic 3: Sláinte agus Leas Ainmhithe agus an tSochaí.
Cumhdaíonn an topaic seo staidéir shóisialta, eacnamaíocha nó eiticiúla a scrúdaíonn conas a d'fhéadfadh pataiginí nó teicneolaíochtaí nua nó leas feabhsaithe ainmhithe tionchar a imirt ar fheirmeoirí, iascairí, táirgeoirí dobharshaothraithe, tomhaltóirí, nó ar an slabhra táirgthe.
Tacaíocht Airgeadais
Tá tacaíocht airgeadais na hÉireann á cur ar fáil trí Chlár Taighde RTBM agus trí Chlár Scoláireachtaí Walsh Theagasc. Is é €1,248,000 maoiniú iomlán RTBM/Teagasc don Ghairm. Cuirfidh an Roinn/Teagasc maoiniú ar fáil d’iarratasóirí Éireannacha rathúla a dhéanann iarratas faoi thrí théama na Gairme.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar: