Ráiteas ón Aire Ryan ar thuarascáil an lae inniu ó IPCC ar thionchair an Athraithe Aeráide
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
"Is é an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) an comhlacht eolaíochta aeráide is údarásaí ar domhan agus is meabhrúchán lom í tuarascáil an lae inniu dúinn go léir gur gá gníomhú chun na héifeachtaí is díobhálaí agus is tubaisteaí a bhaineann leis an athrú aeráide a sheachaint.
"Sonraítear sa tuarascáil seo – Athrú Aeráide 2022: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht – tionchair an athraithe aeráide. Tugann sé rabhadh faoin tionchar a bheidh ag an ngéarchéim aeráide ar ár n éiceachórais agus ar ár mbithéagsúlacht, agus ar an gcaoi a rachaidh sí i bhfeidhm ar shaol daoine – ní amháin thar lear ach anseo in Éirinn. Tá tionchar forleathan cheana féin ag an athrú aeráide, arna spreagadh ag daoine, lena n-áirítear aimsir eisceachtúil níos minice. Tá na milliúin nochtaithe aige do ghéar-neamhshlándáil bia agus do shlándáil uisce laghdaithe.
"Deimhnítear sa tuarascáil gur réaltacht dhochúlaithe anois iad tionchair aeráide do gach tír. Tá tús á chur le teorainneacha cheana féin cé go bhfuil roinnt leochaileachtaí aeráide laghdaithe ag iarrachtaí oiriúnaithe go dtí seo. Is féidir na tionchair is tromchúisí a sheachaint fós trí iarrachtaí oiriúnaithe agus maolaithe feabhsaithe. Tá am ann fós ach tá an deis ag imeacht go tapa, mura mbeidh laghduithe doimhne ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta amach romhainn.
"Cé go bhfuil tionchar uilíoch ag an athrú aeráide agus nach bhfuil aon tír díolmhaithe óna héifeachtaí, is minic gurb í na tíortha is leochailí, nár chuir mórán leis an bhfadhb, is mó atá thíos leis. Ní mór tacaíochtaí a mhéadú dóibh siúd is mó atá faoi lé na haimsire eisceachtúla seo. Leanann maoiniú idirnáisiúnta na hÉireann den troid ar son riachtanais na ndaoine is leochailí ó thaobh na haeráide de, agus tús áite á thabhairt do thacaíocht d'oiriúnú don athrú aeráide. Le linn COP26, gheall Éire go gcuirfeadh sí €225 mhilliún in aghaidh na bliana de mhaoiniú ar fáil do thíortha i mbéal forbartha don troid in aghaidh an athraithe aeráide faoi 2025.
"Tá €3 mhilliún á chur ar fáil ag mo Roinnse do Chiste Iontaobhais ar leith, a bunaíodh trí Bhanc Forbartha na hÁise, chun tacú le Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha freagairt d'éifeachtaí an athraithe aeráide. Tá €2 mhilliún tugtha againn do Chlár Oiriúnaithe Feabhsaithe don Chiste Idirnáisiúnta um Fhorbairt Talmhaíochta do Ghnólachtaí Beaga Talmhaíochta – atá deartha ar mhaithe le hathléimneacht aeráide daoine leochaileacha, go háirithe mná agus daoine óga, a mhéadú. Tá €10 milliún ar a laghad geallta ag Éirinn don Chiste Oiriúnaithe idir 2021 agus 2022, agus €5 mhilliún do Líonra Santiago (€4 mhilliún ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus €1m ó Chúnamh Éireann). Bunaíodh Líonra Santiago chun cúnamh teicniúil a sholáthar ar mhaithe le tacaíocht a chur ar fáil do thíortha i mbéal forbartha a bhfuil caillteanas agus damáiste a bhaineann leis an aeráid acu.
"Tá sé soiléir sa tuarascáil seo gur féidir le hoiriúnú feabhsaithe, mar aon le cosaint agus bainistiú éiceachórais feabhsaithe, rioscaí ó athrú aeráide ar bhithéagsúlacht agus daoine i ngach áit a laghdú. Is léir freisin, áfach, go bhfuil gá le bearta claochlaitheacha chun dul i ngleic leis na dúshláin.
"Leagtar amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 ár bhfreagairt – mar thír – ar an ngéarchéim aeráide. Tá an plean seo claochlaitheach. Sonraítear ann an méid nach mór dúinn a dhéanamh chun an dúshlán seo agus ár gcuspóirí aeráide náisiúnta a bhaint amach – chun astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa a laghdú faoi 51% faoi 2030 agus chun astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050.
"Cuimsíonn an plean go leor beart oiriúnaithe, lena n-áirítear gníomhartha a thugann aghaidh ar thuilte, timpeallacht thógtha, iompar agus líonraí fuinnimh agus cumarsáide in Éirinn. Déantar na gníomhartha seo a phríomhshruthú i gcaibidlí earnála cuí an phlean. Ina theannta sin, tá tús curtha ag mo Roinn leis an athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta um Oiriúnú. Tuairisceofar torthaí an athbhreithnithe seo dom faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair [na bliana seo].
"Tá obair sa réimse seo ag dul ar aghaidh go leanúnach. D'fhaomh an Chomh-Aireacht an clár buiséid carbóin Dé Máirt na seachtaine seo caite. Déanfar dul chun cinn chun uasteorainneacha astaíochtaí earnála a shocrú – lena gcinnfear conas a chuirfidh gach earnáil den gheilleagar lenár spriocanna níos leithne.
"Treisíonn tuarascáil an lae inniu go soiléir an teachtaireacht go bhfuil an t-am le gníomhú anois. Tá an rialtas seo á dhéanamh sin; tríd an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide táimid ag cur ar ár gcumas do gach saoránach, do gach gnó agus do gach pobal an t-aistriú cóir a dhéanamh – chuig todhchaí shábháilte, shláintiúil agus inbhuanaithe dár leanaí agus do na glúnta atá le teacht."
CRÍOCH
Tagann an ráiteas seo sna sála ar fhoilsiú tuarascála ó IPCC (An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide).
Tá a Shéú Tuarascáil Mheasúnaithe (AR6) á hullmhú ag IPCC faoi láthair. Is éard atá i gceist leis sin ná ranníocaíochtaí ó thrí Ghrúpa Oibre IPCC agus Tuarascáil Sintéise (SYR). Pléann Grúpa Oibre I le bonn na heolaíochta fisiciúla don athrú aeráide; Pléann Grúpa Oibre II le tionchair, oiriúnú agus leochaileacht; agus pléann Grúpa Oibre III le maolú an athraithe aeráide. Comhtháthaíonn an Tuarascáil Sintéise ranníocaíochtaí an Ghrúpa Oibre agus na Tuarascálacha Speisialta a tháirgtear sa timthriall seo. Tabharfar na ranníocaíochtaí eile ón nGrúpa Oibre le AR6, Grúpa Oibre III, chun críche in 2022 agus críochnófar Tuarascáil Sintéise AR6 sa dara leath de 2022.
Is comhlacht na Náisiún Aontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide é an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC). Soláthraíonn sé measúnuithe rialta ar bhonn eolaíoch an athraithe aeráide, ar a thionchair agus ar rioscaí amach anseo, agus ar roghanna maidir le hoiriúnú agus maolú.
Chruthaigh an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (WMO) agus Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP) an Painéal sa bhliain 1988. Is éard atá mar chuspóir IPCC ná faisnéis eolaíoch a sholáthar do rialtais, ar gach leibhéal, ar féidir leo a úsáid chun beartais aeráide a fhorbairt. Is príomhionchur iad tuarascálacha IPCC sa chaibidlíocht idirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide.
Is eagraíocht rialtas é IPCC atá ina mbaill de na Náisiúin Aontaithe nó de WMO. Tá 195 ball ag IPCC i láthair na huaire. Cuireann na mílte duine ó gach cearn den domhan le hobair IPCC.
Féach ar shuíomh gréasáin IPCC chun tuilleadh faisnéise a fháil faoina chuid oibre agus sainchúram.
Shínigh Éire, trí Chúnamh Éireann, socrú le Banc Forbartha na hÁise (ADB) chun Ciste Iontaobhais Deontóirí Aonair nua a bhunú – Ciste Iontaobhais na hÉireann chun Athrú Aeráide agus Athléimneacht Tubaiste a Thógáil i Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha ag cruinniú bliantúil ADB i bhFidsí in 2019. Tá gealltanas tugtha ag Éirinn €12 mhilliún a chur ar fáil thar na sé bliana 2019-2024 chun tacú le SIDanna freagairt d'éifeachtaí an athraithe aeráide. Cuirfidh an Ciste Iontaobhais tacaíocht ar fáil den chuid is mó trí dheontais le haghaidh cúnamh teicniúil. Is é seo an chéad chiste iontaobhais deontóirí aonair dá leithéid atá urraithe ag Éirinn agus soláthraíonn sé feithicil d'Éirinn le haghaidh comhoibriú um fhorbairt leis na Stáit seo. Tá dlúthchomhar le comhpháirtithe SIDS curtha le dearadh an Chiste Iontaobhais, chun a chinntiú go léirítear taithí SIDS ina chur chun feidhme. Méadaíonn ranníocaíocht de €3 mhilliún ón Roinn an leibhéal maoinithe atá ar fáil do SIDS tríd an gCiste Iontaobhais in 2022.
Is colún amháin é ASAP+ de Chlár nua Athléimneachta Tuaithe (2RP) an Chiste Idirnáisiúnta um Fhorbairt Talmhaíochta (IFAD) atá dírithe ar na nithe is cúis le neamhdheimhneacht an tsoláthair bia, agus imirce neamhrialta agus díghrádú talún a mhaolú. Tá ASAP+ tiomanta do mhaoiniú don aeráid a dhíriú ar tháirgeoirí ar mhionscála chun cabhrú leo dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le cúiseanna sóisialta na neamhshlándála bia. Thug Cúnamh Éireann €2 mhilliún do chlár ASAP+ in 2021 agus tá €2 mhilliún eile curtha ar fáil ag an Roinn.