Osclaíonn an tAire Smyth an Fóram Geallsealbhóirí Bochtaineachta Fuinnimh
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Osclóidh Ossian Smyth, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as Cumarsáid agus as an nGeilleagar Ciorclach, an Fóram Geallsealbhóirí Bochtaineachta Fuinnimh i lár cathrach Bhaile Átha Cliath inniu. Beidh an fóram ar an gcéad seisiún iomlánach riamh a reáchtálfar chun a chinntiú go gcuirfear tuairimí geallsealbhóirí san áireamh le linn próiseas tuarascála bliantúla an Phlean Gníomhaíochta um Thearcrochtain Fuinnimh. Lena linn, tabharfar deis don lucht déanta beartas agus do gheallsealbhóirí labhairt agus obair i gcomhar le chéile agus cuirfear fáilte roimh ionadaithe ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, ón earnáil tionsclaíochta agus ó chomhlachtaí poiblí.
Foilsíodh an Plean Gníomhaíochta um Thearcrochtain Fuinnimh i mí na Nollag 2022. Leagadh amach sa phlean an raon beart a cuireadh chun feidhme ar fud an Rialtais le linn gheimhreadh na bliana 2022/23, mar aon leis na beartais fhadtéarmacha atá á gcur i bhfeidhm chun a chinntiú gur féidir leis na daoine is mó atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh a dteach a théamh agus a chumhachtú go leordhóthanach. Bunaíodh Grúpa Stiúrtha trasrannach idirghníomhaireachta chun forbairt, cur chun feidhme agus formhaoirseacht a dhéanamh ar na beartais agus na bearta atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta. Cuid lárnach den obair sin a bhí i gcaidreamh struchtúrtha uile-Rialtais a éascú le príomh-gheallsealbhóirí. Beidh sé mar aidhm leis an imeacht inniu ardán a thabhairt do gheallsealbhóirí chun gur féidir leo obair i gcomhar le chéile, an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo a mheasúnú agus smaointe nua a ghiniúint ar mhaithe le bochtaineacht fuinnimh a chomhrac
Ag labhairt dó roimh oscailt an fhóraim, dúirt an tAire Smyth:
"Is saincheist thromchúiseach in Éirinn inniu í an bhochtaineacht fuinnimh agus tá rún daingean agamsa agus ag an Rialtas seo dul i ngleic léi. Trí imeachtaí amhail an Fóram Geallsealbhóirí Bochtaineachta Fuinnimh a bheidh ar siúl inniu, is féidir linn a fháil amach cé na fíorábhair imní atá ag na geallsealbhóirí sa réimse seo agus conas is fearr is féidir dul i ngleic leo. Is é an tosaíocht atá againn todhchaí níos cothromasaí agus níos inbhuanaithe a chruthú do gach duine sa tír seo."
Cuimseoidh an fóram clár oibre uileghabhálach atá deartha chun díospóireachtaí doimhne agus comhroinnt dhomhain eolais a éascú, agus láithreoireachtaí, ceardlanna, agus díospóireachtaí painéil ar siúl lena linn. Ar fud an lae, beidh deis ag na rannpháirtithe léargais luachmhara a ghnóthú uathu sin a bhfuil saineolas acu i réimsí na bochtaineachta fuinnimh agus na hinacmhainneachta fuinnimh, a n-eispéiris féin a chomhroinnt agus moltaí a dhéanamh maidir le roghanna beartais agus bearta tacaíochta amach anseo. Agus iad ag obair le chéile, iniúchfaidh na rannpháirtithe straitéisí agus réitigh nua ar féidir leo cabhrú le dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh agus cabhrú le todhchaí níos cothromasaí agus níos inbhuanaithe a chruthú do gach duine. Cabhróidh na haschuir ón lá le bonn eolais a chur faoin mbeartas Rialtais agus faoi leasuithe ar an bPlean Gníomhaíochta um Thearcrochtain Fuinnimh sa todhchaí.
Chun an Plean Gníomhaíochta um Thearcrochtain Fuinnimh a rochtain, téigh chuig suíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
CRÍOCH