Fógraíonn an tAire Hackett ráta nua deontais 60% do Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánaice ar fiú €1.5 milliún é
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go mbeidh ráta deontais de 60% i bhfeidhm ar infheistíochtaí atá maoinithe ag an Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánaice (SDIPO) sa bhliain nua. Tá buiséad de €1.5 milliún ag an scéim chun tacú le hinfheistíochtaí in earnáil phróiseála orgánaí na hÉireann.
Ag fógairt na scéime, dúirt an tAire Hackett:
Tá an fheirmeoireacht orgánach ag dul ó neart go neart le dúbailt ar líon na bhfeirmeoirí orgánacha i mbliana go 4,000. Tá sé fíorthábhachtach go gcinnteoimid go bhfaightear biseach margaidh le haghaidh aschuir orgánacha. Tá infheistíocht inár n-earnáil phróiseála, a chabhraíonn le phróiseálaithe orgánacha éifeachtúlachtaí agus acmhainn táirgthe a mhéadú, ríthábhachtach chuige seo.”
Cuireann an scéim SDIPO maoiniú ar fáil do phróiseálaithe ar mian leo infheistíocht a dhéanamh i saoráidí a fhorbairt chun táirgí orgánacha a phróiseáil, a ullmhú, a ghrádú, a phacáil agus a stóráil.
Lean an tAire Hackett ar aghaidh:
Táim ag súil le suim shuntasach ó thionscal sa scéim SDIPO a bheidh ar oscailt ar an 1 Eanáir agus a fhanfaidh ar oscailt go dtí an 31 Eanáir. Léiríonn an scéim seo, mar aon leis an maoiniú tionscnaimh a fógraíodh le déanaí do Bhord Bia, d’fheirmeoirí orgánacha go bhfuil gach iarracht á déanamh chun a chinntiú go mbeidh éileamh ar a gcuid táirgí i margaí baile agus idirnáisiúnta araon. Anois an t-am d'fheirmeoirí an rogha a dhéanamh teacht ar bord leis líon méadaitheach d’fheirmeoirí orgánacha na hÉireann.”
Mar fhocal scoir, mheabhraigh an tAire d’fheirmeoirí go bhfuil síneadh curtha leis an dáta deiridh chun iarratais a fháil ar an Scéim Feirmeoireacht Orgánaí go dtí Dé hAoine 15 Nollaig, agus go leanfar ag glacadh le hiarratais suas go dtí an dáta seo.
Nótaí d'Eagarthóirí
Osclófar Scéim SDIPO ina tráinsí; beidh an tráinse seo ar oscailt ón 1 Eanáir go dtí an 31 Eanáir 2024. Tá cóipeanna de théarmaí agus de choinníollacha Scéim na nDeontas, mar aon le foirmeacha iarratais, ar fáil ón Rannóg um Thacaíochtaí Orgánacha agus Margaidh, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Caisleán Bhaile Sheonach, Loch Garman agus ar shuíomh Gréasáin na Roinne ag Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánaice: Téarmaí agus coinníollacha.
Tá an scéim tacaíochta orgánaí seo á maoiniú ag an Státchiste Náisiúnta.
Iarratais le bheith faighte tríd an bpost nó le ríomhphost ar nó roimh 31 Eanáir 2024.
Tá téarmaí agus coinníollacha na Scéime mar aon leis na foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne.