Ár nOileáin Bheo: €2.25 milliún ar mhaithe le hoibreacha caipitil ar ár n-oileáin chósta fógartha ag an Aire Humphreys
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, €2.25 milliún inniu le haghaidh oibreacha caipitil ar ár n-oileáin chósta.
Déanfar uasghrádú ar bhóithre, céanna, cosaint cósta, soilsiú sráide agus tionscadail eile bonneagair leis an infheistíocht seo
Bainfidh pobail na n-oileán ó cheann ceann na tíre leas as an maoiniú, san áireamh beidh:
Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh an tAire Humphreys an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn faoi pholasaí náisiúnta an rialtais ‘Ár nOileáin Bheo’, a thacaíonn le pobail bhríomhara, inbhuanaithe ar na hoileáin.
Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Is gealltanas lárnach faoin bpolasaí oileáin deich mbliana ‘Ár nOileáin Bheo’ é cumasú pobail ár n-oileán le hinfheistíocht i mbonneagar. Tá ríméad orm a fhógairt inniu go bhfuil maoiniú €2.25 milliún curtha ar fáil le tacú leis na scórtha tionscadail bhonneagair agus uasghrádú a chur i gcrích ar na hoileáin amach ón gcósta. Idir bhóithre, chéanna, chosaint chósta agus shoilsiú sráide – tá na tionscadail seo riachtanach chun cur le saol na n-oileán do na pobail atá ina gcónaí ar na hoileáin agus don iliomad turasóirí a thugann cuairt orthu.
Ár nOileáin Bheo - Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn
Foilsíodh an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn faoin bpolasaí ‘Ár nOileáin Bheo’ inniu freisin.
Léiríonn an tuarascáil go bhfuil 10 gcinn de na 28 gníomh don chéad bhliain curtha i gcrích agus go bhfuil 15 ceann idir lámha.
De réir na tuarascála:
Dúirt an tAire Humphreys inniu agus í ag seoladh an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn:
“Sheol mé “Ár nOileáin Bheo” anuraidh, an chéad pholasaí náisiúnta do na hOileáin le 27 bliain. I gcomhar leis an mbabhta nua maoinithe seo, tá ríméad orm na gníomhartha atá á ndéanamh faoin bpolasaí “Ár nOileáin Bheo” a leagan amach, le go mbeidh pobail ár n-oileán níos bríomhara, go bhféadfaidh daoine maireachtáil agus obair ar na hoileáin ar bhealach inbhuanaithe agus go bhféadfaidh daoine cuairt a thabhairt ar na hoileáin. Tá sé soiléir go bhfuil tionchar mór ag an bpolasaí seo ar shaol na n-oileán cheana féin, ach an oiread leis an infheistíocht shuntasach seo. Tá mé diongbháilte go leanfaidh an dul chun cinn seo ar aghaidh – agus go n-éireoidh linn i gcúrsaí sláinte, oideachais, iompair agus timpeallachta.”
Seo na leithdháiltí foriomlána a cheadaigh an tAire Humphreys inniu:
Clúdóidh an maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail suas le 90% de chostais chaipitil na dtionscadal agus clúdóidh na húdaráis áitiúla an chuid eile de.
Bainfidh na hoileáin seo leas as an maoiniú; Árainn Mhór, Toraigh, Inis Meáin agus Uaigh i gContae Dhún na nGall, Cliara, Inis Toirc agus Inis Laidhre i gContae Mhaigh Eo, Inis Bó Finne, Árainn (Inis Mór), Inis Meáin agus Inis Oírr i gContae na Gaillimhe agus An tOileán Mór (Béarra), Inis Uí Drisceoil agus Inis Arcáin i gContae Chorcaigh.