Tháinig méadú 21% ar líon na dtithe ar tugadh cead pleanála dóibh in 2023
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
De réir sonraí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu, bhí méadú bliantúil de bheagnach 21% ar líon iomlán na gceadanna pleanála a ceadaíodh do thithe nua in 2023, 41,225 teach cónaithe in 2023 i gcomparáid le 34,177 in 2022.
In R4 2023, tháinig ardú 47% go 11,181 aonad ar líon iomlán na dtithe a raibh cead pleanála faofa faighte acu i gcomparáid le 7,597 aonad sa tréimhse chéanna anuraidh.
Ag teacht le tosaíochtaí Tithíocht do Chách chun fás dlúth agus inbhuanaithe a bhaint amach agus chun ionaid uirbeacha a athbheochan, bhí méadú bliantúil de 40% ar líon na dtithe ilfhorbartha a fuair cead pleanála in 2023.
Tháinig ardú beagnach 29% ar líon na n-árasán ar tugadh cead pleanála dóibh in 2023 i gcomparáid le 2022. Tháinig ardú 64% ar cheadanna pleanála a tugadh d’aonaid árasán in R4 2023 i gcomparáid le R4 2022. Ar fud na gceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath, b’ionann cead pleanála d’árasáin in 2023 agus beagnach dhá thrian (64%) de na hárasáin go léir ar tugadh cead pleanála dóibh sa stát.
Agus é ag trácht ar na figiúirí, dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien T.D.:
“Léiríonn figiúirí dearfacha an lae inniu go bhfuiltear fós ag déileáil leis an ngéarghá le tithe ar bhealach fiúntach. Bhí ceadanna pleanála láidir in 2023 agus, sa bhliain chéanna, lean ár bpríomhtháscairí tithíochta eile ar aghaidh ar bhealach dearfach.
“Anuraidh, chonacthas an líon is airde tosach bliantúil dár taifeadadh riamh, méadú 21.5% i gcomparáid le 2022 agus an líon is airde ó cuireadh tús le taifid in 2014. Bhí na críochnuithe anuraidh ar na cinn ab airde le 15 bliana, agus críochnaíodh 32,695 teach nua, ag sárú sprioc bhliantúil Tithíocht do Chách de 29,000 le beagnach 13%.’’
Is féidir teacht ar na sonraí is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh ar cheadanna pleanála anseo: Ceadanna Pleanála, Ráithe 4 agus Bliain 2023 - An Phríomh-Oifig Staidrimh
CRÍOCH