Ag teacht chun cinn ón bpaindéim, tá méadú tagtha ar éilimh ar fhuinneamh ar fud an domhain mar gheall ar ghníomhaíocht idirnáisiúnta shóisialta agus eacnamaíoch. Chomh maith leis an ngéarchéim dhaonnúil phráinneach, tá dúshláin nua fuinnimh tagtha chun cinn mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin – ar fud na hEorpa. Mar thoradh air seo tá méaduithe suntasacha ar phraghas ola agus gáis nádúrtha, rud a d'fhág, dá bharr sin, go raibh praghsanna miondíola níos airde ann do pheitreal, díosal, ola téimh, gás agus leictreachas – ní hamháin in Éirinn, ach go hidirnáisiúnta.