Déanann an tAire Martin agus Murphy comhráiteas maidir le turasóireacht inbhuanaithe
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar maidin, ag cruinniú earnála turasóireachta de chuid an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, dhearbhaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán, Catherine Martin T.D., agus an tAire Geilleagair, Conor Murphy CTR, a dtiomantas don turasóireacht inbhuanaithe.
Ba é seo an chéad chruinniú earnála turasóireachta de chuid an CATT ó athbhunaíodh Feidhmeannas Thuaisceart Éireann i mí Feabhra.
Roimh an gcruinniú, shínigh na hAirí Comhráiteas Aireachta a thacaíonn le Turasóireacht Inbhuanaithe.
Glacann formhór na ndaoine atá páirteach san earnáil leis an ngá atá le turasóireacht a bheith inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, go sóisialta agus go heacnamaíoch ar oileán na hÉireann. Táthar ag athrú polasaí sa dá dhlínse chun an réaltacht seo a léiriú.
Dhearbhaigh na hAirí a dtiomantas d’earnáil bhríomhar iomaíoch turasóireachta ar fud an oileáin, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, a chuidíonn le híomhá dhearfach oileán na hÉireann a chur chun cinn thar lear, agus a thagann pobail áitiúla faoi bhláth.
“Tá an turasóireacht ar cheann de na réimsí a roghnaíodh do chomhoibriú foirmiúil Thuaidh-Theas mar gheall ar a tábhacht, ar an dá thaobh den teorainn, agus an cur chuige comhpháirteach a glacadh chun an earnáil a chur chun cinn. Tá an comhoibriú sin thar a bheith tairbheach, agus tá earnáil na turasóireachta anois ina heiseamláir den mhéid is féidir a bhaint amach agus muid ag obair le chéile ar an oileán seo, le cuspóir chomhroinnte.
Ba iontach an rud é rannpháirtíocht aireachta Thuaidh Theas a atosú inniu maidir le cúrsaí turasóireachta. Tá áthas orm mo thiomantas a dhearbhú oibriú i gcomhar leis na páirtithe leasmhara go léir chun earnáil turasóireachta inbhuanaithe a bhaint amach. Ba mhaith liom earnáil bhríomhar turasóireachta a fheiceáil ina spreagtar leibhéil níos airde shástacht cuairteoirí le scaipeadh réigiúnach níos fearr ar fud an oileáin, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, a chuidíonn le híomhá dhearfach oileán na hÉireann a chur chun cinn thar lear, agus a imríonn tionchar dearfach ar phobail áitiúla.
Is ceist í seo atá i gcroílár an chreata nua polasaí turasóireachta náisiúnta atá á fhorbairt ag mo Roinnse. Déanfaidh an creat gnéithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a chomhtháthú ar fud na gcuspóirí beartais go léir.”
“Cuireann an turasóireacht go mór leis an ngeilleagar uile-oileáin. Caithfimid an deis a chuireann an earnáil ar fáil a thapú agus muid ag cur lenár ngeilleagar, ar bhealach inbhuanaithe. Feicim go bhfuil sé seo ríthábhachtach agus má dhéantar é mar is ceart, is féidir leis an aistriú go geilleagar níos glaise agus níos inbhuanaithe a bheith ina aistriú cóir a ghineann rathúnas do chách freisin.”
“Deimhnímid i ráiteas an chomh-Aireachta an tábhacht a bhaineann le hinbhuanaitheacht san earnáil turasóireachta agus bhí áthas orm an deis seo a bheith agam é seo a phlé ag an gcruinniú Aireachta Thuaidh Theas inniu.”
“Táimid tiomanta do chomhoibriú leanúnach idir ár ngníomhaireachtaí turasóireachta, an tionscal agus na páirtithe leasmhara agus muid ag tiomáint fás inbhuanaithe dár n-earnáil turasóireachta.”