Baineann Caisleán na Cathrach an bua mar an láthair is fearr déanta scannán san Eoraip
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Caisleán na Cathrach ina sheasamh le breis agus 700 bliain ar oileán carraige in Abhainn na Siúire, agus tá sé anois faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW). Bhain sé an Gradam mar an láthair is féarr déanta scannán san Eoraip in 2021, a bhronn an European Film Commissions Network (EUFCN). D’ainmnigh Fís Éireann an Caisleán mar an láthair le haghaidh The Green Knight. Bhuaigh Caisleán na Cathrach vótaí an phobail i gcoinne ceithre láthair eile san Eoraip – an Iorua (Dune), an Spáinn (The Crown), an Chróit (Murina) agus an Ghearmáin (The Queen’s Gambit). Fógraíodh an Gradam ag Berlinale – Margadh Scannán na hEorpa – oíche Dé Máirt (15.02.2022).
Tá Caisleán na Cathrach ar cheann de na caisleáin stairiúla is mó agus is fearr caomhnaithe in Éirinn, agus bhí sé mar láthair ag iliomad aonad scannán le blianta fada anuas. Sa scannán The Green Knight ag David Lowery – athinsint fantaise ar scéal cáiliúil meánaoiseach an Ridire Gawain agus an Ridire Glas – tá an dún, a tógadh san 13ú aois, léirithe mar Camelot na bhfinnscéal Artúrach, ról a bhí ag an gcaisleán cheana san scannán Excalibur (1981).
Ag glacadh leis an nGradam dó i gCaisleán na Cathrach Dé Máirt, dúirt an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O’Donovan, T.D.:
“Tá áthas orm agus is mian liom buíochas a ghabháil le gach duine anseo in Éirinn agus thar lear a fhreagair an glaoch agus a chaith vóta ar son Chaisleán na Cathrach chun Gradam Láthair 2021 EUFCN a bhua. Aithníonn an gradam seo ceann de na láithreacha is taibhsiúla in Éirinn chomh maith le saothar saineolaithe oidhreachta agus caomhnaithe OPW, a athchóiríonn, a chaomhnaíonn agus a chothaíonn oidhreacht chultúrtha na hÉireann, um thaitneamh an phobail, inniú agus amach anseo. Déanann OPW cúram de 780 de na láithreacha oidhreachta is íocónaí in Éirinn. Mar chuid den mhisean sin, cuirtear na láithreacha seo ar fáil do lucht déanta scannán ó gach cearn den domhan, agus oibríonn foireann OPW le haonaid scannán chun na caighdeáin is airde sábháilteachta, iomláine agus údarachta a choinneáil.”
Dúirt Rosemary Collier, Leas-Rúnaí agus Ceannasaí Seirbhísí Oidhreachta agus Oibreacha Caipitiúla OPW:
“Tá áthas ar Oifg na nOibreacha Poiblí agus ar an bpobal áitiúil gur bhuaigh Caisleán na Cathrach gradam céimiúil EUFCN i mbiana. Do dhuine ar bith a thug cuairt anseo, is léir gur láthair iontach an Caisleán seo os cionn na Siúire do scannáin de cháil idirnáisiúnta mar The Green Knight nó Excalibur. Is pribhléid againn cúram a dhéanamh de Chaisleán na Cathrach agus é a chaomhnú agus tá súil againn fáilte a chur roimh na sluaite a chonaic an áit ar an scáileán chuig an láthair oidhreachta íocónach seo de chuid na hÉireann.”
Dúirt Eleanor Morrissey, bainisteoir OPW ag Caisleán na Cathrach:
“Is onóir dúinn uile anseo atá ag obair i gCaisleán na Cathrach an gradam seo agus táimid mortasach go dtugtar aitheantas don chaisleán in Éirinn agus san Eoraip araon. Bhí sé iontach a bheith ag obair anseo agus an scannán The Green Knight á dhéanamh – na clóis gléasta don scannánaíocht, agus athchruthú déanta ar chuma agus atmasféar na meánaoiseanna. Is iontach an cúlra é ceardaíocht na saor cloiche meánaoiseacha don scéal seo a chuimsíonn onóir, crógacht agus misneach, ach is spéisiúil freisin é scéal an chaisleáin féin, mar a léirítear ins na turais treoraithe agus sa bhfíseán ilteangach againn.”
Níos déanaí an mhí seo, le linn Féile Scannán Bhaile Átha Cliath, foilseoidh OPW bróisiúr faoi na láithreacha stairiúla atá ar fáil le haghaidh scannánaíochta.
-CRÍOCH-
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Tá breis eolais faoin ghradam agus faoi na láithreacha eile a bhí ar ghearrliosta le fáil ag eufcn.com/eufcn-location-award-2021-the-finalists .