Seolann Airí scéimeanna chun cabhrú le nuálaíocht agus éagsúlú i measc táirgeoirí príomhúla san earnáil gairneoireachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD, in éineacht lena chomhghleacaí an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht le freagracht speisialta as Gairneoireacht, seoladh dhá scéim chun cabhrú le nuálaíocht agus éagsúlú a mhéadú i measc táirgeoirí príomhúla san earnáil gairneoireachta.
Dúirt an tAire Hackett;
“Tá tacaíocht don nuálaíocht agus don éagsúlú ar cheann de na príomhghníomhartha straitéiseacha sa Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta do 2023 go 2027, agus mar sin tá ríméad orm gur éirigh linn an dá scéim thábhachtacha seo a chur i gcrích. Tá suim nach beag ann san earnáil gairneoireachta le bheith nuálach agus éagsúlú a dhéanamh, rud a fhágfaidh go mbeidh éifeachtúlachtaí agus táirgiúlacht fheabhsaithe ann, agus a chumasóidh ar deireadh go mbeidh teacht níos fearr ann ar thorthaí agus glasraí a fásadh in Éirinn agus allmhairithe a chur as áit. Beidh na scéimeanna sin ina dtacaíocht ríthábhachtach do chuid dár dtáirgeoirí príomhúla maidir lena bpleananna a bhaint amach le bheith nuálach agus éagsúlú a dhéanamh, agus ar an gcaoi sin cabhrú le hacmhainneacht gairneoireachta na hÉireann a uasmhéadú agus a hinmharthanacht fhadtéarmach a dhaingniú mar chuid lárnach d'earnáil na talmhaíochta i gcoitinne.”
Dúirt an tAire McConalogue freisin:
“Cuireann an earnáil gairneoireachta go mór le geilleagar na hÉireann, le luach geata feirme de €566 milliún in 2023. Leagtar fís shoiléir amach sa Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta 2023-2027 chun earnáil bhreisluacha níos brabúsaí a fhás, spreagtha ag an nuálaíocht agus inbhuanaitheacht. Tacaíonn oscailt an dá scéim sin le buiséad iomlán de €1.35 mhilliún le cur i bhfeidhm leanúnach na straitéise agus soláthróidh sé tacaíocht do shaothróirí chun cur ar a gcumas deiseanna éagsúlaithe nua a iniúchadh agus infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí nuálacha.”
Tá Scéim um Nuálaíocht agus Éagsúlú sa Ghairneoireacht 2024 (Staidéar Féidearthachta / Deisce) agus Scéim um Nuálaíocht agus Éagsúlú sa Ghairneoireacht 2024 (Infheistíochtaí Caipitil) ceaptha chun cabhrú le nuálaíocht agus éagsúlú a mhéadú i measc táirgeoirí príomhúla san earnáil gairneoireachta. Tá Scéim um Nuálaíocht agus Éagsúlú sa Ghairneoireacht (Staidéar Féidearthachta / Deisce) 2024 dírithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá i mbun táirgeadh príomhúil gairneoireachta ar mhaith leo a bheith nuálach agus éagsúlú a dhéanamh i dtionscal na gairneoireachta ach ar gá dóibh staidéir shonracha a dhéanamh (indéantacht /deascbhunaithe) sula ndéanfaidh siad amhlaidh. Tá sé mar aidhm ag Scéim um Nuálaíocht agus Éagsúlú sa Ghairneoireacht 2024 (Infheistíochtaí Caipitil) nuálaíocht agus éagsúlú sa ghairneoireacht a mhéadú trí chúnamh deontais a thabhairt d'infheistíochtaí caipitil i ngléasra agus trealamh speisialaithe.
Nótaí d’Eagarthóirí
Maoiníonn an Státchiste Náisiúnta Scéim um Nuálaíocht agus Éagsúlú sa Ghairneoireacht 2024 (Staidéar Féidearthachta / Deisce) agus Scéim um Nuálaíocht agus Éagsúlú sa Ghairneoireacht 2024 (Infheistíochtaí Caipitil).
Is é meán oíche Dé hAoine, an 23 Lúnasa 2024 an spriocdháta chun iarratais chomhlánaithe a fháil faoin dá scéim sin.
Is féidir Foirmeacha Iarratais agus Téarmaí agus Coinníollacha na Scéime a fháil ar leathanach gréasáin Sceimeanna Gairneoireachta nó trí ríomhphost a sheoladh chuig Horticulturegrants@agriculture.gov.ie