Fógraíonn an tAire iarratas pleanála d’athfhorbairt mhór i nGailearaí Ealaíne Crawford
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, iarratas pleanála d’athfhorbairt mhór i nGailearaí Ealaíne Crawford. Is tionscadal suaitheanta é seo i gclár infheistíochtaí an Aire faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, ina ndéanfar go leor dár bhForais Náisiúnta Cultúir a bhfuil meas mór orthu a athchóiriú, a athnuachan agus a chosaint don todhchaí agus do na glúnta atá le teacht.
Ag labhairt faoin iarratas pleanála, dúirt an tAire Martin:
"Lá thar a bheith tábhachtach atá ann, ní hamháin do Ghailearaí Ealaíne Crawford, ach dár n-éiceolaíocht chultúrtha níos leithne. Tá iarratas pleanála á chur isteach againn inniu do thionscadal uaillmhianach a athróidh an Gailearaí, a chruthóidh spásanna poiblí nua le haghaidh léiriú cultúrtha agus dioscúrsa cathartha, agus go ríthábhachtach, déanfar an foirgneamh oidhreachta seo a athchóiriú agus a athnuachan go dtí na caighdeáin is airde inbhuanaitheachta."
Dhear foireann deartha idirdhisciplíneach an tionscadal faoi stiúir Grafton Architects a bhfuil go leor duaiseanna buaite acu, le maoiniú a chuir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar fáil. Soláthróidh an dearadh spásanna suntasacha taispeántais agus poiblí nua, áis nua Foghlama agus Iniúctha chun lucht féachana nua a mhealladh, agus gailearaí poiblí nua ina mbeifear in ann cuid mhaith den chathair a fheiceáil as. Tabharfar aghaidh sa tionscadal freisin ar dhúshláin fhadtéarmacha maidir le creatlach an fhoirgnimh stairiúil, cruthóidh sé spásanna stórála sainoiriúnaithe dár mBailiúchán Náisiúnta luachmhar, agus feabhsóidh sé go suntasach inbhuanaitheacht an fhoirgnimh chun tacú lenár spriocanna náisiúnta a bhaint amach maidir le laghdú astuithe. Cruthóidh an tionscadal bealach nua isteach ó Phlás Emmet, plás uirbeach nua i gcroílár shaol cultúrtha na cathrach.
Tá an tionscadal á sholáthar mar chuid de Chlár Infheistíochta an Aire sna Forais Náisiúnta Cultúir faoin bPlean Forbartha Náisiúnta. Faoin gCód Caiteachais Phoiblí, tá Gailearaí Ealaíne Crawford agus Oifig na nOibreacha Poiblí i gceannas ar sheachadadh an tionscadail ó lá go lá.
Inniu cuirtear isteach go foirmiúil iarratas ar chead pleanála d’athfhorbairt Ghailearaí Ealaíne Crawford, tar éis don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é a cheadú.
Tá an tionscadal mar chuid de chlár infheistíochta suntasach an Aire sna Forais Náisiúnta Cultúir, faoin bPlean Forbartha Náisiúnta.
Soláthrófar na nithe seo a leanas sa tionscadal:
Athdhíriú suntasach spás reatha an Ghailearaí, agus athlonnú an bealach isteach nua go dtí foirgneamh stairiúil Theach an Chustaim, ag féachaint amach ar Phlás Emmet.
Cuirfear spásanna nua agus feabhsuithe suntasacha ar fáil sa tionscadal lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
Déanfar na gailearaithe agus na spásanna poiblí atá ann cheana féin a dhéanamh níos inrochtana agus níos cuimsithí go sóisialta.
Déanfar creatlach stairiúil an fhoirgnimh a chosaint agus an foirgneamh a chaomhnú don todhchaí le infheistíocht shuntasach ina inbhuanaitheacht.