Glao ar Léirithe Spéise le haghaidh Ballraíochta ón gCoiste Comhairleach um Othair Ailse
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, glao inniu ar léirithe spéise le haghaidh ballraíochta ón gCoiste Comhairleach um Othair Ailse, chun folúntais a líonadh atá ag teacht chun cinn de réir mar a thagann téarmaí roinnt ball chun deiridh.
Bunaíodh an Coiste Comhairleach um Othair Ailse in 2019, de réir Mholadh 39 den Straitéis Náisiúnta Ailse 2017-2026, a deir:
“Bunóidh an Roinn Sláinte Coiste Comhairleach um Othair Ailse chun ionchur a sholáthar i bhforbairt clár d’othair a bhfuil ailse orthu. Léireoidh ballraíocht an choiste seo cineál éagsúil na n-othar atá ag maireachtáil le héifeachtaí ailse agus cinnteoidh siad go ndéanfar ionadaíocht ar riachtanais na n-othar a chónaíonn i gceantair iargúlta."
Go príomha beidh an Coiste comhdhéanta díobh siúd a bhfuil taithí dhíreach acu ar chóireáil ailse mar othar. Féadfar daoine a thacaigh le ball teaghlaigh nó dlúthchara trí chóireáil ailse, nó iad siúd a thacaíonn le hothair ailse mar chuid dá gcuid oibre, a mheas freisin.
Ag seoladh an ghlao le haghaidh léirithe spéise, dúirt an tAire Donnelly,
“Cuidíonn ionchur an Choiste Chomhairligh um Othair Ailse i gceapadh agus i bpleanáil beartas lena chinntiú go leanann ár seirbhísí ailse ag freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag maireachtáil le hailse agus ina diaidh go dtí an caighdeán is airde is féidir. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill an Choiste as a dtiomantas agus a gcion go dtí seo. Bhí sé seo thar a bheith luachmhar maidir le hionchur díreach agus éifeachtach othar ailse a sholáthar i bhforbairt clár agus seirbhísí."
Dúirt Ken Loughran, ball den Choiste
“Mar chuid den Choiste Comhairleach um Othair Ailse d’éirigh liom mo thuairimí a sholáthar ar bheartais agus ar thionscnaimh éagsúla a raibh tionchar dáiríre acu ar sheirbhísí ailse in Éirinn. Mholfainn d’éinne ar spéis leo iarratas a dhéanamh, mar tugann an Coiste deis luachmhar d’othair a guth a chloisteáil i gceapadh beartais agus i gcinnteoireacht. Tá sé seo chun leasa gach othair ailse ar deireadh thiar."
Is féidir an fhoirm Léirithe Spéise a fháil anseo . Mairfidh an tréimhse iarratais go dtí an 10 Nollaig 2021.
Tá tuilleadh faisnéise faoin gCoiste ar fáil anseo . Tá téacs iomlán na Straitéise Náisiúnta Ailse ar fáil freisin.
CRÍOCH
An Straitéis Náisiúnta Ailse 2017-2026
Is iad ceithre aidhm uileghabhálacha na Straitéise Náisiúnta Ailse ná:
Tá 15 ball ar an gCoiste, chomh maith le Cathaoirleach (An Roinn Sláinte). Freastalaíonn ionadaí ón gClár Náisiúnta um Rialú Ailse ar chruinnithe an Choiste. D'eascair na folúntais atá le líonadh ó láimhdeachas beartaithe sa bhallraíocht.
Déanfaidh grúpa ar a mbeidh ionadaithe ó Chumann Ailse na hÉireann, Clár Náisiúnta um Rialú Ailse FSS, an Roinn Sláinte agus ball d’Fhóram na nOthar Ailse an próiseas roghnúcháin