Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 29 Márta 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.
4,667 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 28 Márta, cuireadh 539 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 235,078* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Amhail 8am inniu, tá 331 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 70 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 19 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 26 Márta 2021, bhí 786,569 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.
Contae | Cásanna an lae inniu (go meán oíche 28 Márta 2021) | Meán gluaiseachta 5 lá (go meán oíche 28 Márta 2021) | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (15 Márta 2021 go 28 Márta 2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (15 Márta 2021 go 28 Márta 2021) |
Éire | 539 | 591 | 163.7 | 7,796 |
Uíbh Fháilí | 21 | 27 | 455.4 | 355 |
Dún na nGall | 17 | 36 | 282 | 449 |
Baile Átha Cliath | 262 | 249 | 248.9 | 3,353 |
An Iarmhí | 30 | 21 | 218.5 | 194 |
Cill Dara | 32 | 39 | 217.1 | 483 |
An Mhí | 21 | 29 | 215.3 | 420 |
An Longfort | 9 | 7 | 212.9 | 87 |
Laois | 16 | 15 | 180.6 | 153 |
Tiobraid Árann | 8 | 18 | 166.7 | 266 |
An Cabhán | 14 | 13 | 157.5 | 120 |
Lú | 13 | 18 | 156 | 201 |
Loch Garman | 8 | 16 | 146.3 | 219 |
Ros Comáin | <5 | 6 | 131.7 | 85 |
Port Láirge | <5 | 7 | 120.5 | 140 |
Gaillimh | 26 | 18 | 117.8 | 304 |
Cill Mhantáin | <5 | 14 | 111.6 | 159 |
Luimneach | 17 | 18 | 99 | 193 |
Ceatharlach | <5 | 2 | 98.4 | 56 |
Maigh Eo | 9 | 9 | 65.1 | 85 |
Liatroim | <5 | 2 | 62.4 | 20 |
Sligeach | <5 | 1 | 61 | 40 |
An Clár | <5 | 5 | 58.9 | 70 |
Cill Chainnigh | <5 | 4 | 47.4 | 47 |
Muineachán | <5 | 2 | 45.6 | 28 |
Corcaigh | 15 | 18 | 40.9 | 222 |
Ciarraí | <5 | 1 | 31.8 | 47 |
~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.