Tosach Feidhme an Acht um Fhorais Náisiúnta Cultuir (An Ceoláras Náisiúnta) (Leasú) 2023
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Griangraf ar fáil anseo
Fógraíonn an tAire ceapachán nua ar Bhord an Cheolárais Náisiúnta
Inniu, an 28 Feabhra 2023, shínigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., ordú um thosach feidhme chun an tAcht um Fhorais Náisiúnta Cultúir (An Ceoláras Náisiúnta) (Leasú) 2023 a chur i bhfeidhm. Neartaítear sa reachtaíocht nua seo seasamh an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta laistigh den Cheoláras tar éis aistriú riaracháin na ceolfhoirne agus Chór Fiolarmónach RTÉ, Cór na nÓg RTÉ agus Cór Linn RTÉ ó RTÉ ar an 24 Eanáir 2022. Soláthraíonn an tAcht feidhm nua don Cheoláras Náisiúnta chun ceolfhoireann agus cóir a bhainistiú.
Foráitear san Acht nua freisin do ghuth na ceolfhoirne ag na leibhéil is airde den eagraíocht, trí chomhalta boird nua a sholáthar le saineolas ceolfhoirne. Tar éis glao poiblí ar iarratais ar www.Stateboards.ie agus próiseas measúnaithe, d’fhógair an tAire inniu gur ceapadh an tOllamh Cliona Doris ar bhord an Cheolárais Náisiúnta. Cuirfidh an tOllamh Doris téarma cúig bliana isteach.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Cuireann an píosa nua reachtaíochta seo an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta i gcroílár an Cheolárais Náisiúnta, ár bhForas Náisiúnta Cultúir don Cheol, ag cinntiú a todhchaí do na glúnta atá le teacht. Tagann an fógra seo ag am iontach don Cheoláras agus é ag ullmhú d’athfhorbairt fhairsing ar champas Ardán Phort an Iarla.
“Ceadaítear san Acht freisin don Cheoláras Náisiúnta cur lena bhord chun comhalta boird a bhfuil saineolas ceolfhoirne aige/aici a chur san áireamh, ag tacú tuilleadh leis an gCeolfhoireann Shiansach Náisiúnta agus na Cóir sa Cheoláras. Déanaim comhghairdeas leis an Ollamh Cliona Doris agus guím gach rath uirthi le linn a téarma. Tá bród orm an ceapachán seo a fhógairt agus gabhaim buíochas leis an Ollamh Doris as a cuid scileanna agus taithí ríthábhachtach a roinnt leis an gCeoláras Náisiúnta.”
D’fháiltigh Cathaoirleach an Cheolárais Náisiúnta, Maura McGrath roimh an gceapachán agus dúirt sí:
“Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh an Ollamh Cliona Doris chuig Bord an Cheolárais Náisiúnta. Tugann an tOllamh Doris, ollamh le TU Dublin Conservatoire agus cláirseoir ceolchoirme gairmiúil le taithí fhairsing mar cheoltóir aireagail agus ceolfhoirne, saibhreas taithí agus saineolais chuig bord an Cheolárais Náisiúnta, agus beidh sí ina guth tábhachtach go háirithe tar éis aistriú an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta. faoi shainchúram an Cheolárais anuraidh. Éascóidh saineolas an Ollaimh Doris go mór le seachadadh ár bhfís straitéiseach, lena n-áirítear cur chun cinn ár bpleananna athfhorbartha d’athchóiriú an Cheolárais Náisiúnta. Gabhaim buíochas freisin leis an Aire Martin agus lena comhghleacaithe sa Roinn as an ordú um thosach feidhme le déanaí a thug an tAcht um Fhorais Náisiúnta Cultúir (An Ceoláras Náisiúnta) (Leasú) 2023 i bhfeidhm, agus as tacú le seasamh ár gCeolfhoireann Shiansach Náisiúnta”.
CRÍOCH
An tOllamh Cliona Doris: Is léachtóir sinsearach le ceol í in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Tá taithí fairsing aici le go leor eagraíochtaí náisiúnta ceoil agus go hidirnáisiúnta leis an gComhdháil Náisiúnta Cruite. Is ceoltóir í féin a bhfuil neart saineolais aici ar chomhthéacsanna aonair, aireagail agus ceolfhoirneacha, agus tá spéis ar leith aici i gceol nua. Tá neart taithí ceolfhoirne aici mar gheall ar an ról a bhí aici roimhe seo mar Cheann an Léinn Cheolfhoirne in Conservatoire Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, agus trína cuid oibre mar chruitire le ceolfhoirne (lena n-áirítear an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta) i gcáil neamhspleách.