Leathnaíonn na hAirí Humphreys agus McGrath ‘Dlí Catherine‘ chun na bacainní atá roimh mhic léinn PhD faoi mhíchumas a bhaint tuilleadh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Rialacháin sínithe go foirmiúil ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath TD, lena mbainfear na bacainní atá roimh mhic léinn PhD atá dall.
Ciallaíonn na bearta go ndéanfar dámhachtainí scoláireachta do mhic léinn PhD a eisiamh anois ón tástáil acmhainne do Phinsean na nDall.
Tá thart ar 1,000 duine ag fáil Phinsean na nDall in Éirinn.
Tugadh bearta an lae inniu isteach beagnach bliain tar éis don Aire Humphreys agus don Aire McGrath ‘Dlí Catherine‘ a chur i bhfeidhm go foirmiúil.
Ainmníodh an dlí seo i ndiaidh mac léinn PhD Catherine Gallagher, a bhí ag fáil Liúntas Míchumais.
Mar thoradh ar na bearta a tugadh isteach i mí an Mhárta, d'fhéadfadh Catherine agus mic léinn eile leanúint ar aghaidh lena gcuid scoláireachtaí agus a Liúntas Míchumais a choinneáil.
Dúirt an tAire Humphreys agus an tAire McGrath go bhfágfaidh rialacháin an lae inniu go mbainfear tuilleadh bacainní atá roimh mhic léinn PhD faoi mhíchumas.
Ag labhairt di tar éis na rialacháin a shíniú, dúirt an tAire Humphreys:
“Mar Rialtas, is mian linn gach rud is féidir linn a dhéanamh chun cabhrú le daoine faoi mhíchumas a gcuid oideachais a chur chun cinn.
“Tá an-áthas orm, dá bhrí sin, in éineacht leis an Aire McGrath, na Rialacháin nó, mar a thugtar orthu anois, ‘Dlí Catherine' a leathnú do mhic léinn atá ag fáil Phinsean na nDall.
“Beart é seo a caibidlíodh mar chuid den Bhuiséad agus beidh feidhm aige maidir le daoine a bhfuil Pinsean na nDall á fháil acu ar bronnadh scoláireacht nó sparánacht orthu chun PhD a dhéanamh.
“Tá sé ríthábhachtach go mbainfí bacainní inár gcóras oideachais agus tá áthas orm an chéim thábhachtach seo a fhógairt inniu."
Ag fáiltiú dó roimh na bearta, dúirt an tAire McGrath:
“Bhí Catherine Gallagher inspioráideach ina habhcóideacht ar son cearta daoine faoi mhíchumas.
“Tá sé tábhachtach i gcónaí go n-éisteann an Rialtas go cúramach le fíor-thaithí saoil na saoránach agus tá áthas orm gur réitíodh an cheist a tharraing Catherine aird uirthi agus gur féidir le mic léinn PhD leanúint lena gcuid scoláireachtaí agus a Liúntas Míchumais á choinneáil acu.
“Tá áthas orm freisin go bhfuil an beart a comhaontaíodh mar chuid den Bhuiséad á chur i bhfeidhm agam féin agus ag an Aire Humphreys a leathnóidh ‘Dlí Catherine‘ chuig mic léinn PhD a bhfuil Pinsean na nDall á fháil acu."
Leanann na Rialacháin seo iad siúd a tugadh isteach i mí an Mhárta seo caite nuair a thug an bheirt Airí neamhaird ioncaim d'fhaighteoirí an Liúntais Mhíchumais a mbronntar sparánacht, stipinn nó scoláireacht orthu chun PhD a chríochnú.
Tá an neamhaird faoi réir teorainn €20,000 in aghaidh na bliana agus tá feidhm aici freisin sa chás go bhfaigheann an mac léinn PhD níos mó ná sparánacht amháin. Tá an neamhaird ar fáil ar feadh suas le ceithre bliana.
Is éard is Pinsean na nDall ann ná íocaíocht de réir tástála acmhainne a íoctar le daoine dalla agus le daoine a bhfuil lagamharc acu, atá 18 mbliana d'aois agus suas go dtí 66 bliana d'aois agus a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát.
Tá thart ar 1,000 duine ag fáil Phinsean na nDall faoi láthair.
Críoch.