Go luath i Mí Aibreáin tagann bláth ar na crainn róslabhrais i ngarraithe Chill Mochura, atá dhá chéad bliain d’aois. Baineann suntas na gcrann ársa seo le ceangail fada na háite le Garraithe Náisiúnta na Lus ag Glas Naíon. Ba iad muintir Acton a thóg Cill Mochura agus bhí caidreamh fada torthúil acu le David Moore, agus níos déanaí lena mhac Sir Frederick Moore, comeádaithe ag Glas Naíon. Ó thús na 1850idí, chuir muintir Moore comhairle ar mhuintir Acton faoi chúrsaí garraíodóireachta agus bhronn plandaí orthu, go háirithe ó na sléibhte Himalaya. Ar feadh breis agus 70 bliain d’fhás garraithe Chill Mochura go rabhadar ar cheann de na garraithe príobháideacha is fearr raidhse ins na hoileáin seo. Inniu tá 180 speiceas róslabhras ann agus breis agus 420 cineál éagsúil. Ón uair a ghlac Garraithe Náisiúnta na hÉireann cúram na háite in 1996, tá athchóiriú agus leathnú mór curtha ar an mbailiúchán crann ann.
Ócáid bhliantúil is ea Seachtain na Róslabhras ar bun gach bliain, tráth a léirítear an bailiúchán agus na scéalta a bhaineann leis na crainn ann. I mbliana tá sraith imeachtaí ar bun gach lá le linn na seachtaine.
Imeasc na láithreoirí tá Matthew Jebb, Stiúrthóir ar Gharraithe Náisiúnta na Lus in Éirinn; Seamus O’Brien, Ard-Gharraíodóir, Garraithe Náisiúnta na Lus, Cill Mochura. Aoí speisialta i mbliana is ea Marie-Louise Agius, Stiúrthóir ar Gharraithe Exbury i ndeisceart Shasana, garraí Róslabhrais de cháil domhanda a chlúdaionn thart faoi 200 acra, a chruthaigh a sin-seanathair Lionel de RothschildIs moltóir í Marie-Louise ag an Royal Horticultural Society agus tá bonn óir buaite aici ag Taispeántas Bláth Chelsea; saineolaí aitheanta í freisin ar róslabhras, asáilia, caiméilia chomh maith le crainn agus toir neamhchiotianta.
Pé áit a bhfuil cónaí ort, tá áthas orainn na himeachtaí seo a chur i láthair duit, i bpearsain nó ar líne.
CRÍOCH
Turas siúlóide le Seamus O'Brien, Ard-Gharraíodóir, Garraithe Náisiúnta na Lus, Cill Mochura.
Teideal: Restoring Kilmacurragh’s historic rhododendron collection.
Áirithint riachtanach (eventbrite) .
Saor in aisce – líon teoranta áit.
Féach botanicgardens.ie um eolas iomlán.
_______________________________________________________________
Caint léirithe le Seamus O’Brien, Ard-Gharraíodóir
Teideal: The Moores and Glasnevin - The Irish Rhododendron Story
Tá an chaint seo san Halla Éisteachta, Garraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 9.
Áirithint riachtanach (Eventbrite) .
Saor in aisce – líon teoranta áit.
Féach botanicgardens.ie um eolas iomlán.
___________________________________________________________________
Caint léirithe le Marie-Louise Agius, Stiúrthóir ar Gharraithe Exbury, Sasana
Teideal: Exbury Gardens, Past and Present
Tá an chaint seo san Halla Éisteachta, Garraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 9.
Áirithint riachtanach (Eventbrite) .
Saor in aisce – líon teoranta áit.
Féach botanicgardens.ie um eolas iomlán.
___________________________________________________________________________
Turais treoraithe saor in aisce gach lá ag Garraithe Náisiúnta na Lus, Cill Mochura, Co. Chill Mhanntáin ag 12nóin agus 3pm gach lá. .
Eolas/áirithint: kilmacurraghgardens@opw.ie nó (0404)48844
Uaslódáilfear Físeáin - “Plant Highlights” agus “Historic links between Glasnevin and Kilmacurragh” ar mheáin shóisialta agus ar chainéal YouTube Gharraithe Náisiúnta na Lus in Éirinn.
Um breis eolais nó chun íomhánna a iarraidh, déan teagmháil le OPW - Garraithe Náisiúnta na Lus ag kilmacurraghgardens@opw.ie . Más mian leat agallamh a chur ar Matthew Jebb nó Seamus O’Brien chun na Garraithe agus na hImeachtaí a phlé, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie .