Roimh fhógra ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nach éigeandáil sláinte poiblí domhanda a thuilleadh é an víreas Mbolgaí.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann an tAire Sláinte, Stephen Donnelly agus an príomhoifigeach leighis Breda Smyth fáilte roimh fhógra ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) inniu nach éigeandáil sláinte poiblí domhanda a thuilleadh é an víreas bolgaí moncaí.
Tagann an fógra tar éis an 5ú chruinniú den Choiste Éigeandála um Rialachán Sláinte Idináisiúnta ar Mbolgaí agus tagann sé le fógra na seachtaine seo chaite ar chríoch éigeandáil sláinte poiblí domhanda COVID-19.
Luaigh ard-stiúrthóir EDS Tedros Adhanom Ghebreyesus an "dul chun cinn seasta maidir leis an ráig a rialú bunaithe ar na ceachtanna faoi VEID agus ar an obair dlúth leis na pobail is mó atá buailte," ach tugann sé rabhadh nach bhfuil an troid i gcoinne an víris thart agus go gcruthaíonn an galar dushláin fós don sláinte phoiblí.
Agus é ag cur fáilte roimh an bhfógra, dúirt an tAire Donnelly:
"Cuirimid fáilte roimh an dul chun cinn dearfach seo a thagann leis an bhfógra ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a léiríonn an rath ar an troid i gcoinne an ghalair seo. Bhí ról ríthábhachtach ag feachtais feasachta agus comhoibriú leis an bpobal buailte le sláinte phoiblí chun cabhrú le smacht a chur ar an ngalar. Leanaimid orainn ag obair i dtreo díbirt fadtéarmach an ghalair, agus mholfainn dóibh siúd atá incháilithe don vaicsín cuimhnigh ar choinne a dhéanamh. Tá coinní fós ar fáil trí shuíomh gréasáin an FSS."
Dúirt an tOllamh Breda Smyth:
"Tagann an fógra seo le laghdú suntasach i líon na gcásanna agus cuirimid fáilte roimh an dul chun cinn seo. Fós é féin, tá sé tábhachtach go leanann grúpaí ardriosca comhairle shláinte phoiblí chomh maith le cleachtais sláinte ghnéis shábháilte. Beidh ról tábhachtach fós ag bearta sláinte phoiblí, ar nós vacsíní, agus sinn ag obair le cinntiú go bhfanfaidh an galar seo ó dhoras agus mholfainn dóibh siúd atá incháilithe teacht chun vaicsín a fháil."
Is féidir teacht ar an gcomhairle shláinte phoiblí is déanaí anseo.
Tuairiscíodh cásanna Mbolgaí (ar a dtugtaí Bolgaí moncaí tráth), lasmuigh de cheantair eindéimeacha ó mhí Bealtaine 2022. Aimsíodh formhór na gcásanna i bhfireannaigh idir 18-40 bliain d'aois, agus go príomha i measc fir óga a fheinaithníonn mar aerach, déghnéasach nó i measc fir a mbíonn gnéas acu le fir (adFGF).
Ar an 23 Iúil 2022, d'fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur Éigeandáil Shláinte Poiblí ar leibhéal idirnáisiúnta é ráig an víris bolgaí moncaí. Is é seo an rabhadh is airde a bhféadfadh an EDS a thabhairt.
Tuairiscíodh an buaicleibhéal de chásanna seachtainiúla Mbolgaí lár 2022, agus ó shin tugadh laghdú seasta faoi deara, a bhain an leibhéal is ísle amach le figiúirí an-íseal ó dheireadh Mhí Nollag 2022. Tá cásanna fós ag teacht chun cinn thall is abhus.
Tá coinní vacsaínithe fós ar fáil ar www.hse.ie d'aon duine sa ghrúpa atá i mbaol ar mhaith leo vaicsín a fháil.
Tá an FSS ag obair go dlúth leis an EDS ar bhearta breise chun baol an víris agus ráigeanna eile a laghdú
Má tá comharthaí Mbolgaí agat nó má tá imní ort go bhfuil comharthaí Mbolgaí agat, teigh i dteagmháil le do chlinic sláinte ghnéis áitiúil nó le do dhochtúir ginearálta chun do chomharthaí a phlé. Ná téigh go clinic nó go dochtúir ginearálta gan glaoch a chur roimh ré.
Tá liosta na seirbhísí ionfhabhtú gnéas-tarchurtha poiblí ar fáil ar shuíomh gréasáin folláine ghnéis an FSS https://www.sexualwellbeing.ie/sexual-health/hse-sti-services-in-ireland.html