Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin, an 11 Márta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 uirthi tar éis bás a fháil. Chónaigh an t-othar in oirthear na tíre agus bhí bunriocht leighis uirthi.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
“Ba mhaith liom mo chomhbhrón a dhéanamh le teaghlach agus cairde an othair. Mholfainn do na meáin agus don phobal príobháideacht na ndaoine sin a urramú ag an am deacair seo.
“Leanfaimid lenár gcuid oibre chun cur isteach ar tharchur an víris. Is gá dúinn go léir obair le chéile chun go n-éireoidh linn é sin a dhéanamh. Déarfainn le daoine leanúint de bheith ag cloí le comhairle sláinte poiblí.”
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte freisin faoi naoi gcás dheimhnithe nua de COVID-19 in Éirinn:
Ceathrar fear a chónaíonn i ndeisceart na tíre. Baineann na cásanna sin leis an taisteal
Bean amháin a chónaíonn i ndeisceart na tíre. Baineann an cás sin le teagmháil le cás deimhnithe
Fear amháin a chónaíonn i ndeisceart na tíre. Baineann an cás sin le teagmháil le cás deimhnithe
Triúr fear a chónaíonn in oirthear na tíre. Baineann dhá cheann de na cásanna sin leis an taisteal agus baineann an ceann eile le teagmháil le cás deimhnithe
Tá 43 chás dheimhnithe de COVID-19 ann in Éirinn anois.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair go tapa anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh na hothair i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.
Dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur paindéim í an ráig de COVID-19.
Táimid ag bogadh anois i dtreo ár mbearta um shrianadh a bhreisiú. Tá trí chéim i gceist leis na bearta sin:
Moltar duit, mar dhuine den phobal:
Táthar ag iarraidh ar gach oibrí cúram sláinte innéacs an amhrais a ardú i leith COVID-19.
Cuirfidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mór lena hacmhainn rianú teagmhála agus faireachais thar na laethanta atá le teacht.
CRÍOCH
Tagann na háiteanna seo a leanas faoin sainiú cáis ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí: an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Chóiré Theas, an Iaráin, ceithre réigiún i dtuaisceart na hIodáile (an Lombaird, Veneto, Emilia-Romagna agus Píodmant) agus mórthír na Síne.
Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim COVID-19 (Coróinvíreas) le brath.
Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:
Is féidir le COVID-19 (Coróinvíreas) a bheith ina chúis le tinnis níos troime freisin, lena n-áirítear niúmóine.
Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar COVID-19 (Coróinvíreas):
Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe: