Ráiteas Catherine Martin T.D., An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar atá ráite agam cheana go poiblí, cuireann an drochíde a tugadh do Máiría Cahill, agus an crá croí a d’fhulaing sí ina dhiaidh sin uafás orm. Bhí an chaoi a ndearna Roy Greenslade iarracht tochailt faoi Máiría Cahill trína cúiseanna a cheistiú, cé nár thug sé a dhílseachta féin le fios, déistineach.
Táim tar éis machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna a d’ardaigh Máiría Cahill liom féin agus leis an Taoiseach. Léigh mé pardún Alan Rusbridger, ráiteas an lae inniu le Coimisiún Thodhchaí na Meán agus comhfhreagras a fuair mé ar maidin ó Alan Rusbridger ina maíonn sé nach raibh sé ar an eolas faoi phóstáil blag Roy Greenslade nuair a foilsíodh é nó faoi chomhfhreagras dlíthiúil ina dhiaidh sin le The Guardian ar son Máiría Cahill.
Tar éis dom labhairt leis an Taoiseach, atá tar éis dó labhairt faoin ábhar seo le ceannairí pháirtithe comhrialtais eile, táimid tar éis teacht ar an tuiscint gur cheart d’Alan Rusbridger fanacht ar Choimisiún Thodhchaí na Meán.
Tuigimid go mbeidh díomá ar Máiría Cahill faoi seo, agus ní raibh sé éasca dúinn teacht ar an tuiscint seo.
Is grúpa neamhspleách é Coimisiún Thodhchaí na Meán, a bhunaigh an Rialtas an bhliain seo caite tar éis gealltanais i gClár an Rialtais. Roghnaíodh na baill go cúramach bunaithe ar a dtaithí idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúil agus na dearcthaí éagsúla a thugann siad do Choimisiún Thodhchaí na Meán. Baineann a Théarmaí Tagartha le conas is ceart spriocanna seirbhíse poiblí a bhaint amach tríd na meáin in Éirinn sa deich mbliana atá romhainn agus le todhchaí gheal agus láidir a chruthú do na meáin in Éirinn.
Tá an obair seo ríthábhachtach agus bhuail Coimisiún Thodhchaí na Meán le chéile sé huaire cheana féin, trí phlé théamúla san áireamh. Ghlac na céadta saoránach páirt sna comhráite seo, agus ghlac an Coimisiún le thart ar 850 aighneacht mar chuid dá chomhairliúchán poiblí. Tiocfaidh sé chun críche sna míonna atá romhainn.
Mhaígh Coimisiún Thodhchaí na Meán go gcuirfear na ceisteanna a d’ardaigh Máiría Cahill maidir le trédhearcacht agus caighdeáin na meán san áireamh in obair leanúnach an Choimisiúin.