Preasráitis
Ráiteas ón Tánaiste agus Mícheál Ó Muircheartaigh ar slí na fírinne
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá brón an domhain orm faoi bhás Mhícheál Ó Muircheartaigh, glór íocónach na gCluichí Gaelacha.
B’fhíorlaoch de chuid mhuintir na hÉireann é. Bhí guth álainn aige agus aird dhochreidte ar mhionsonraí.
Thug sé beocht do gach cluiche ar an raidió. Bhí comhbhá agus meas an-mhór aige ar lucht spóirt i gcoitinne agus dhein sé iarracht iad a thuiscint níos doimhne ná daoine eile. Bhí grá aige do shaol an spóirt.
B’as Gaeltacht Chorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí é, bhí Gaeilge álainn nádúrtha aige agus bhí sé ar dhuine de na hambasadóirí ba mhó dá cuid.
Mo chomhbhrón ó chroí le muintir Uí Mhuircheartaigh.