Fógraíonn an Coiste Comhairleach um Othair Ailse glao ar léirithe spéise do bhaill
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu glao ar léirithe spéise do bhallraíocht ar an gCoiste Comhairleach um Othair Ailse.
Bunaíodh an Coiste Comhairleach um Othair Ailse in 2019 chun ionchur a sholáthar i bhforbairt clár d'othair a bhfuil ailse orthu.
Tá sé comhdhéanta go príomha de dhaoine a bhfuil taithí dhíreach acu ar chóireáil ailse, mar othair nó iad siúd a thacaíonn le hothair ailse nó iad siúd a thugann tacaíocht d'othair ailse mar chuid dá gcuid oibre.
Ag seoladh an ghlao le haghaidh léirithe spéise, dúirt an tAire Donnelly:
“Cuidíonn ionchur an Choiste Chomhairligh um Othair Ailse i gceapadh agus i bpleanáil beartas lena chinntiú go leanann ár seirbhísí ailse ag freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag maireachtáil le hailse agus ina diaidh go dtí an caighdeán is airde is féidir. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill an Choiste as a dtiomantas agus a gcion go dtí seo.Bhí sé seo thar a bheith luachmhar maidir le hionchur díreach agus éifeachtach othar ailse a sholáthar i bhforbairt clár agus seirbhísí.”
Dúirt Michael Nowlan, ball den Choiste:
“Mar pháirt den Choiste Comhairleach bhí deis agam athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais agus tionscadail nua ailse agus labhairt go díreach leo siúd a chruthaigh na beartais agus na tionscadail sin faoi mo chuid smaointe maidir le conas a d'fhéadfaí iad a fheabhsú, agus bhí deis dom taithí saoil na hailse a thabhairt do lucht déanta beartais. Mholfainn iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht do dhuine ar bith ar mian leo a n-ionchur ar sheirbhísí ailse a roinnt."
Is féidir an fhoirm Léirithe Spéise a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne Sláinte .
Mairfidh an tréimhse iarratais go dtí an 10 Feabhra 2023. Tá tuilleadh faisnéise faoin gCoiste ar fáil anseo . Tá téacs iomlán na Straitéise Náisiúnta Ailse ar fáil freisin.
Is iad ceithre aidhm uileghabhálacha na Straitéise Náisiúnta Ailse ná:
Bunaíodh an Coiste Comhairleach um Othair Ailse in 2019, de réir Mholadh 39 den Straitéis Náisiúnta Ailse 2017 -2026, a deir: “Bunóidh an Roinn Sláinte Coiste Comhairleach um Othair Ailse chun ionchur a sholáthar i bhforbairt clár d'othair a bhfuil ailse orthu."
Léireoidh ballraíocht an choiste seo cineál éagsúil na n-othar ailse atá ag maireachtáil le héifeachtaí ailse agus cinnteoidh siad go ndéanfar ionadaíocht ar riachtanais na n-othar ailse a chónaíonn i gceantair iargúlta.
Tá 15 ball ar an gCoiste, chomh maith le Cathaoirleach (An Roinn Sláinte). Freastalaíonn ionadaí ón gClár Náisiúnta um Rialú Ailse ar chruinnithe an Choiste. D'eascair na folúntais atá le líonadh ó láimhdeachas beartaithe sa bhallraíocht.
Déanfaidh grúpa ar a mbeidh ionadaithe ó Chumann Ailse na hÉireann, Clár Náisiúnta um Rialú Ailse FSS, an Roinn Sláinte agus ball d’Fhóram na nOthar Ailse an próiseas roghnúcháin.