Déanann an tAire Sláinte agus an Príomhoifigeach Altranais Lá Idirnáisiúnta na nAltraí 2022 a chomóradh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, ar Lá Idirnáisiúnta na nAltraí 2022, thug an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, aitheantas do na haltraí go léir atá ag obair ar fud cúram sláinte in Éirinn:
>“Tá áthas orm a bheith in éineacht libh inniu chun Lá Idirnáisiúnta na nAltraí a cheiliúradh. Ba mhaith liom an deis a thapú chun aitheantas a thabhairt don ghairmiúlacht agus don tiomantas leanúnach a léirigh altraí ar fud na hÉireann maidir le cúram a thabhairt d'othair, go háirithe le dhá bhliain anuas. Cuireann altraí cúram agus comhbhá ar fáil d'othair agus dá dteaghlaigh ag na hamanna is dúshlánaí dá saol.
“Bhí an-áthas orm aitheantas a thabhairt do Lá Idirnáisiúnta na gCnáimhseach an tseachtain seo caite freisin. Ag Comhdháil Náisiúnta Chnáimhseachais na seachtaine seo caite: ‘Coming Together to Celebrate and Showcase', thaispeáin cnáimhseacha an méid atá á dhéanamh acu d'eispéiris agus torthaí sláinte ban agus naíonán. Oibríonn altraí agus cnáimhseacha le chéile chun an toradh is fearr is féidir a bhaint amach d'othair.
“De réir mar a mheasann sibh an tionchar an-dearfach atá agaibh ar chúram sláinte inniu, is féidir libh a bheith bródúil as an ngairm atá agaibh agus as an difríocht atá á déanamh agaibh i saol na n-othar."
Dúirt an Príomhoifigeach Altranais sa Roinn Sláinte, Rachel Kenna:
>“Agus muid ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na nAltraí 2022, ba mhaith liom an deis seo a thapú chun aitheantas a thabhairt don mhéid a dhéanann altraí na hÉireann atá ag obair sa bhaile agus thar lear, na haltraí go léir ó thar lear a oibríonn i gcóras cúram sláinte na hÉireann agus ár gcomhghleacaithe altranais go léir atá ag obair i ngach cearn den domhan.
“Anois níos mó ná riamh, tá tuiscint againn ar chomh tábhachtach agus atá an fórsa saothair altranais, maidir le seachadadh cúraim ar an oiread sin leibhéal ar fud an chórais, lena n-áirítear ar an líne tosaigh, foirne a threorú agus a bhainistiú, taighde a dhéanamh, cleachtas bunaithe ar fhianaise a threorú, tionchar a imirt ar bheartas a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus oideachas a chur ar altraí agus cnáimhseacha sna glúnta amach romhainn.
"Is é téama an lae inniu do Lá Idirnáisiúnta na nAltraí ná Nurses: A Voice to Lead – Invest in nursing and respect rights to secure global health. Ciallaíonn Sláinte Dhomhanda nó “Sláinte do chách” cúram sláinte ardchaighdeáin a thabhairt chuig gach náisiún ar domhan. Mar altraí, táimid suite go uathúil agus tá scileanna ar leith againn chun ról suntasach a imirt chun é seo a bhaint amach agus chun tionchar a imirt ar fhorbairt an chúraim sláinte.
“Tugann an feachtas #Here for Life Príomhoifigigh Altranais (CNOanna) in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe le chéile le Fondúireacht Choláiste Ríoga an Altranais (RCN) chun gairmeacha altranais agus cnáimhseachais a cheiliúradh. Is deis iontach í seo chun iomlán rannchuidiú na ngairmeacha altranais agus cnáimhseachais a roinnt agus a thuiscint. Bunaithe ar an gCreat nua um Ghairmiúlacht a Chumasú, a seoladh ar Lá Idirnáisiúnta na gCnáimhseach an tseachtain seo caite, tá baill foirne altranais agus cnáimhseachais ag roinnt a gcuid saineolais agus gairmiúlachta trí fhíseáin nó grianghraif ar a meáin shóisialta inniu.
“Táim an-bhródúil as a bheith i m'altra agus is mór an onóir dom a bheith i mo phost CNO agus an ról tábhachtach seo a bheith agam maidir le bonn eolais a chur faoi bheartas agus tionchar a imirt ar bheartas ag leibhéal an Rialtais, le go ndéanfaidh sé infheistíocht ionainn ionas gur féidir linn tionchar dearfach a imirt ar ghairmeacha altranais agus cnáimhseachais, ar na hothair a mbímid ag tabhairt aire dóibh agus ar na córais ina mbímid ag obair iontu.
“Thar mo cheann féin agus thar ceann mo chomhghleacaithe in Oifig CNO, buíochas as an gcúram, as an gcomhbhá agus as an tiomantas a léiríonn sibh ar chuid mhór bealaí. Glac am inniu, le bhur dtoil, chun ceiliúradh a dhéanamh oraibh féin, ar ár ngairm, agus ar an difríocht a dhéanann sibh d'othair. Bainigí sult as bhur lá.”
CRÍOCH