Freagra tugtha ag an Aire Martin agus ag an Aire Calleary ar an bhfógra go bhfuil Corn Ryder curtha siar
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dúirt an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Dara Calleary inniu go bhfuil díomá orthu faoin bhfógra atá déanta go bhfuil Corn Ryder 2020, a bhí in ainm is a bheith ar siúl i Whistling Straits, Wisconsin i mí Meán Fómhair, curtha siar go dtí an bliain 2021. Tuigeann siad áfach na húdair a bhfuil an cinneadh sin glactha ag an US PGA, i bhfianaise na paindéime leanúnaí, agus an gá ríthábhachtach atá ann sábháilteacht an phobail a chosaint.
Beidh Corn Ryder, a bhí le bheith ar siúl in Áth Dara sa bhliain 2026, le hathsceidealú anois mar gheall ar an gcinneadh sin. Tharla cás mar seo cheana nuair a bhí Éire i mbun na hócáide ollmhóire seo. Mar gheall ar an méid a tharla ar an 11 Meán Fómhair 2001, cuireadh siar Corn Ryder, a bhí in ainm is a bheith ar siúl i dTeach Straffan i gCo. Chill Dara sa bhliain 2005, siar go dtí an bhliain 2006.
Leanfaidh an Roinn de bheith ag obair le Turas na hEorpa faoin sceideal agus beimid ag cur lenár gcuid pleananna leis an Corn Ryder is fearr fós a chur ar bun nuair a fhillfidh an ócáid ar an tír seo. Gné eile a bhainfeadh le Corn Ryder a bheith ar siúl anseo in Éirinn in 2027 ná go mbeifear ag comóradh 100 bliain an imeachta speisialta seo, imeacht a tionóladh den chéad uair sa bhliain 1927.
CRÍOCH