Taighde nua ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha agus an dúlagar agus an imní
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., torthaí chomhshaothar taighde le Staidéar Fadaimseartha na hÉireann ar Dhul in Aois, i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Leanann an an tuarascáil, a choimisiúnaigh clár Éire Ildánach, tuarascáil a rinneadh sa Staidéar roimhe seo, ‘Gníomhaíocht Chruthaitheach sa Daonra atá ag dul in Aois’ a eisíodh i mí na Samhna 2021. Scrúdaítear sa tuarascáil nua seo na naisc atá idir rannpháirtíocht daoine fásta níos sine i ngníomhaíochtaí ealaíon, cruthaitheacha agus cultúrtha in Éirinn. Rinneadh iarracht sa tuarascáil seo scrúdú a dhéanamh ar an mbaint atá idir na gníomhaíochtaí seo agus torthaí sláinte coirp, meabhrach agus iompraíochta, chomh maith leis na tairbhí fadtéarmacha a bhaineann le rannpháirtíocht.
Príomhthorthaí
Tá baint ag rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí ealaíon, cruthaitheacha agus cultúrtha le caighdeán maireachtála níos airde agus leibhéil ísle dúlagair, struis, imní agus uaignis.
I bhfianaise na dtorthaí dearfacha cruthaithe do dhaoine níos sine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí cruthaitheacha, d’éiligh an taighde go gcuirfí clár cruthaitheach ar fáil chun rannpháirtíocht i ngrúpaí i mbaol a mhéadú. Leag sé béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le rochtain mhéadaithe ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha le fócas ar leith ar phobail lasmuigh de Bhaile Átha Cliath; chomh maith le tacú le filleadh ar rannpháirtíocht dóibh siúd a ghlac páirt roimhe seo ach nach ndéanann a thuilleadh.
Dúirt an tAire Martin:
“Daingnítear sa tuarascáil seo torthaí na tuarascála a rinneadh roimhe seo agus forbraíonn sí ar an bhfianaise láidir ar an nasc dearfach idir rannpháirtíocht sa saol cruthaitheach a chur chun cinn agus braistint sláinte agus folláine, i measc daoine níos sine inár bpobal. Leanfaidh mé ag díriú ar thacú le tionscnaimh a fheabhsaíonn folláine daoine níos sine trí rannpháirtíocht sna healaíona cruthaitheacha.”
Dúirt Príomh-Imscrúdaitheoir an Staidéir, an tOllamh Regius Rose Anne Kenny:
“Tar éis níos mó ná deich mbliana de thaighde cuimsitheach, tá tacar sonraí eisceachtúil agus luachmhar ag an Staidéar a nochtann gnéithe suntasacha de dhul in aois rathúil. Scrúdaítear sa tuarascáil nua seo ón Staidéar, i gcomhar le hÉire Ildánach, na gaolmhaireachtaí idir rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí seo agus gnéithe éagsúla de shláinte fhisiciúil, mheabhrach agus iompraíochta, chomh maith le buntáistí fadtéarmacha rannpháirtíochta den sórt sin a fhiosrú, ag leathnú ar thorthaí obair na Comhairle roimhe seo. Ina theannta sin, déantar iniúchadh ann ar réimse na ngníomhaíochtaí, na spreagthaí agus na mbac ar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha.”
Dúirt an tOllamh Kenny, chomh maith,
“Go háirithe, ba le linn phaindéim COVID-19 a bhí an tréimhse bailithe sonraí, tréimhse ina raibh bearta sláinte poiblí a chuir srianta ar thionóil shóisialta, imeachtaí, iompar, agus oibriú ionaid chultúrtha in Éirinn, agus mar sin tá na torthaí seo thar a bheith tábhachtach. Chun rannpháirtíocht níos mó daoine fásta níos sine i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha a chothú, tá sé riachtanach beartais a bhunú a éascaíonn a rannpháirtíocht agus ag an am céanna deireadh a chur le baic inrochtaineachta, beag beann ar mhíchumas. D’fhéadfadh bearta den sórt sin feabhas a chur ar shláinte agus ar fholláine daonra atá ag dul in aois go tapa.”
Tá an tuarascáil - Gníomhaíocht Chruthaitheach sa Daonra atá ag Dul in Aois: Torthaí ó Bhabhta 6 den Staidéar Éireannach Fadaimseartha ar Dhul in Aois - ar fáil anseo: https://tilda.tcd.ie/publications/reports/
Déanfar torthaí na tuarascála a phlé ar sheimineár gréasáin a d’óstáil Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Clár Éire Ildánach ar an 1 Meitheamh 2023 ag 1 i.n. Ticéid saor in aisce ar fáil ar Eventbrite, https://www.eventbrite.com/e/638027937737
Mhaoinigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an taighde trí Chlár Éire Ildánach.
Nótaí don eagarthóir:
Clár Éire Ildánach
Is tionscnamh uile-Rialtais, cultúrbhunaithe é Clár Éire Ildánach, faoi stiúir na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a dearadh chun folláine aonair, pobail agus náisiúnta a chur chun cinn. Tá an clár bunaithe ar an gcreideamh go bhfuil inniúlachtaí cruthaitheacha ag gach duine, a gcuireann a fhorbairt lena bhfolláine phearsanta chomh maith le folláine ghinearálta ár bpobail agus ár sochaí.
Staidéar Fadaimseartha na hÉireann ar Dhul in Aois
Is staidéar fadaimseartha ar aosú in Éirinn ar scála mór, ionadaíoch go náisiúnta é an Staidéar Fadaimseartha Éireannach ar Aosú atá lonnaithe i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bailítear sa Staidéar faisnéis faoi gach gné de chúinsí sláinte eacnamaíocha agus sóisialta ó dhaoine níos sine ná 45 in Éirinn i sraith babhtaí bailithe sonraí uair amháin gach dhá bhliain. Úsáidtear an fhaisnéis seo le haghaidh go leor tionscadail taighde agus cabhraíonn sé le tosaíochtaí agus beartais náisiúnta a aithint maidir le ceisteanna amhail sláinte agus folláine, riachtanais chúram sláinte, cúram agus scor. Ó cuireadh tús leis in 2009, tá os cionn 8,500 duine ar fud na hÉireann tar éis páirt a ghlacadh sa Staidéar.
Mhaoinigh an Roinn Sláinte an Staidéar tríd an mBord Taighde Sláinte, agus The Atlantic Philanthropies.