Leis an mBeartas nua maidir le Breoslaí In-athnuaite Iompair, tabharfar Éire níos gaire dá spriocanna um iompar inbhuanaithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Iompair, Eamon Ryan TD, inniu gur foilsíodh an Beartas maidir le Breoslaí In-athnuaite Iompair 2023-2025 .
Leagtar amach sa leagan is déanaí seo den Bheartas rátaí nuashonraithe do bhreoslaí iompair in-athnuaite sa dá bhliain amach romhainn agus leagtar amach ann na céimeanna nach mór a ghlacadh chun na rátaí beartaithe sin a bhaint amach, i gcomhréir le ceanglais Eorpacha agus le cuspóirí náisiúnta um ghníomhú ar son na haeráide. Agus é sin á dhéanamh, soláthraítear cinnteacht maidir leis an mbeartas freisin d'oibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus do pháirtithe leasmhara ábhartha, mar shampla soláthróirí breosla iontaise agus táirgeoirí agus soláthróirí breoslaí iompair in-athnuaite, atá ríthábhachtach chun spriocanna um laghdú astaíochtaí a bhaint amach san earnáil iompair.
Tabharfaidh an beartas bonn taca don aistriú chuig na spriocanna maidir le bithbhreoslaí sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023 (CAP23), is iad sin ar a laghad B20 (coibhéis bhithdhíosail) i ndíosal agus E10 (Eatánól) i bpeitreal faoi 2030 (agus sprioc eatramhach de B12/E10 faoi 2025). Le hanailís shamhaltaithe, réamh-mheastar coigilteas 1.08 MtCO2eq faoi 2030 ón sprioc bithbhreosla sin.
Tá an t-aistriú chuig E10 i bpeitreal faoi lán seoil cheana féin agus tiocfaidh sé i bhfeidhm níos déanaí an tseachtain seo, an 1 Iúil. Tagann sé seo sna sála ar phróiseas comhairliúcháin agus ar fheachtas feasachta poiblí fairsing. Déanfar dul chun cinn ar spriocanna eile sna blianta amach romhainn.
Dúirt an tAire Iompair Eamon Ryan “Tá an Beartas maidir le Breosla Iompair In-athnuaite ina chuid thábhachtach dár n-aistriú chuig earnáil iompair níos inbhuanaithe i gcónaí. Cé go bhfuil béim á cur againn i gcónaí ar an taisteal poiblí agus gníomhach a mhéadú, chomh maith leis an aistriú chuig feithiclí leictreacha a spreagadh, is é fírinne an scéil go leanfaidh feithiclí innill dócháin inmheánaigh (ICE) de bheith mar chuid den mheascán modhanna iompair atá againn go ceann i bhfad. Cuidíonn an beartas nua seo le tionchar truaillithe peitril agus díosail a laghdú agus tugann sé níos mó cinnteachta dóibh siúd a bhfuil baint acu le táirgeadh, dáileadh agus úsáid bithbhreoslaí, bithgháis agus breoslaí ardfhorbartha in-athnuaite.”
Chun laghdú 50% ar astaíochtaí carbóin san earnáil iompair a bhaint amach faoi 2030, soláthrófar 13.7% den dícharbónú san earnáil iompair faoi 2030 leis an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, in éineacht le bearta chun méadú a chur ar shoghluaisteacht inbhuanaithe agus ar thaisteal poiblí agus gníomhach, leictriú an iompair de bhóthar, agus méadú a chur ar bhithbhreoslaí a úsáid san iompar mar bheart idirthréimhseach.
Nótaí don Eagarthóir
Cuireadh 307m lítear (9.6 PJ) de bhithbhreoslaí leachtacha agus 0.04 PJ de bhreoslaí gásacha ar an margadh in 2022, arb ionann é sin agus méadú ó 246m lítear (7.6 PJ) de bhithbhreoslaí leachtacha agus 0.2 PJ de bhreoslaí gásacha in 2021.
Is é an sprioc maidir le bithbhreoslaí sa CAP ná ar a laghad B20 (coibhéis bhithdhíosail) i ndíosal agus E10 (Eatánól) i bpeitreal faoi 2030 (agus sprioc eatramhach de B12/E10 faoi 2025).
Le hanailís shamhaltaithe ar sprioc an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, réamh-mheastar coigilteas laghdaithe 1.08 milliún tona de choibhéis CO2 (MtCO2eq) faoi 2030 ón sprioc bithbhreosla seo.
Ach na spriocanna bithbhreosla a bhaint amach, rannchuideofar go mór leis an sprioc fhoriomlán de laghdú 50% ar astaíochtaí san earnáil iompair, mar a leagtar amach sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023 agus sna oibleagáidí faoi Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus faoi Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Cáilíocht Bhreosla.
Ó 2009 i leith, tá peitreal E10 mar chaighdeán curtha i bhfeidhm i 15 thír san Eoraip agus i dtíortha eile ar fud an domhain, amhail na Stáit Aontaithe agus an Astráil. Leis an mbeart seo, cuirfear an soláthar peitril a úsáidtear in Éirinn faoi láthair i gcomhréir leis an soláthar peitril a úsáidtear sa Bhreatain Mhór agus i dTuaisceart Éireann.
Is é an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023 (CAP23), a seoladh i mí na Nollag 2022, an dara nuashonrú bliantúil ar Phlean na hÉireann um Ghníomhú ar son na hAeráide 2019. Is é an plean seo an chéad cheann a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021 agus tar éis buiséid charbóin ar fud an gheilleagair agus uasteorainneacha astaíochtaí earnála a thabhairt isteach. Le cur i bhfeidhm an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, cruthófar poist agus deiseanna nua eacnamaíocha agus cosnófar daoine agus an pláinéad. Is féidir leat teacht ar an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023 agus ar an iarscríbhinn gníomhartha a ghabhann leis trí chuairt a thabhairt ar www.gov.ie/climateaction .