Faomhann an Rialtas dréachtú an Bhille um Chreidmheas do Thomhaltóirí (Leasú), 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leis an mBille um Chreidmheas do Thomhaltóirí (Leasú) 2021, cuirfear srian ar an ráta a ghearrann iasachtóirí airgid, déanfar an earnáil a nuachóiriú agus tabharfar cosaint fheabhsaithe dóibhsean a dteastaíonn iasacht ghearrthéarmach airgid uathu - Donohoe
Cheadaigh an Rialtas dréachtú an Bhille um Chreidmheas do Thomhaltóirí (Leasú) 2021; is é an príomhchuspóir atá leis ná costas iomlán an chreidmheasa ar iasachtaí airgid a shrianadh.
Déantar sé é sin trí chaipín a thabhairt isteach le haghaidh an ráta úis is féidir le hiasachtóir a ghearradh ar iasacht, agus fágann sé sin gur féidir an ráta sin a choigeartú amach anseo le hOrdú Aireachta, agus cosc a chur ar iasachtóirí airgid táille a ghearradh ar sheirbhísí bailithe tí.
Tá raon beart sa Bhille chun an earnáil a nuachóiriú agus a shruthlíniú freisin, lena n-áirítear:
Tagann an reachtaíocht sna sála ar athbhreithniú cuimsitheach atá déanta ar an earnáil iasachta airgid a rinne an Roinn Airgeadais agus cuirtear san áireamh sna moltaí na haighneachtaí a fuarthas ón gcomhairliúchán poiblí a bhí curtha ar siúl ag an Roinn maidir leis an gceist.
In éineacht le Scéim Ghinearálta na reachtaíochta, tá an tAire Donohoe ag foilsiú Tuarascáil ar Thograí Airgid maidir le hathchóiriú na hearnála iasachtaí airgid.
Agus é ag caint inniu, dúirt an tAire:
'Féachfaidh an Bille seo leis an gcothroime a chinntiú do thomhaltóirí i dtéarmaí an ráta a ghearrann iasachtóirí airgid, agus ag an am céanna ligfidh sé d’iasachtóirí airgid leanúint ar aghaidh ag feidhmiú nuair atá éileamh ar an tseirbhís sin. Tríd an ráta atá á ghearradh a shimpliú agus a laghdú, agus céimeanna a ghlacadh chun an earnáil a nuachóiriú, is féidir linn cosaint níos fearr a thabhairt dóibh siúd a bhaineann leas as na seirbhísí gearrthéarmacha seo’.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
I mí na Bealtaine 2019, sheol an Roinn Airgeadais comhairliúchán poiblí chun tuairimí a bhailiú faoinar cheart don Rialtas caipín ráta úis reachtúil a thabhairt isteach ar iasachtóirí airgid ceadúnaithe agus ar ábhair eile atá gaolmhar leis sin.
Rinneadh staidéar ar na freagraí a fuarthas sa chomhairliúchán sin agus tá siad sin áirithe mar chuid den bhonn leis an Tuarascáil ar Thograí Airgid, agus is é sin is cúis leis an Scéim Ghinearálta seo.
Tá dhá chaipín rátaí molta sa reachtaíocht, ceann amháin le haghaidh iasachtaí airgid, agus ceann eile le haghaidh cuntas reatha (tá siad cosúil le cártaí creidmheasa idirnasctha, agus is minic a úsáideann cuideachtaí catalóige iad).
Maidir le hiasachtaí airgid, moltar ráta úis simplí 1% in aghaidh na seachtaine, suas go dtí uasmhéid 48% in aghaidh na bliana, ar an méid a fuarthas ar iasacht. Tá sé seo simplí agus trédhearcach go leor, agus tá sé oiriúnach don chineál iasachtaí lena mbaineann, freisin.
Beidh iasachtaí airgid tirim ag teacht faoi réir uastréimhse 12 mhí freisin.
Maidir le hiasachtaí a sholáthraítear ar bhonn cuntas reatha, ceadófar ús ainmniúil 2.83% in aghaidh na míosa ar an iarmhéid atá gan íoc.
Na chéad chéimeanna eile
Scríobhfaidh an tAire Airgeadais chuig Cathaoirleach an Choiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú agus chuig an Taoiseach maidir le grinnscrúdú réamhreachta. Rachaidh oifigigh i dteagmháil le hOifig Chomhairle Pharlaiminte an Rialtais chun tús a chur le dréachtú na reachtaíochta ar aon dul leis an Scéim Ginearálta atá foilsithe inniu.
Faisnéis faoin margadh
Faoi láthair, tá 35 iasachtóir airgid ceadúnaithe liostaithe i gclár an Bhainc Cheannais. Leis an bhfigiúr seo, cuimsítear Provident Personal Credit, a d’fhógair an 10 Bealtaine go scoirfeadh sé ó oibríochtaí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.
An 28 Meitheamh, chuir Provident in iúl do chustaiméirí gur éirigh sé as íocaíochtaí a bhailiú. Anois, beidh aon iarmhéid atá fágtha ag an iasachtaí amhail an dáta sin díscríofa.
Measann an Banc Ceannais go raibh iarmhéideanna iasachta airgid gan íoc ag 313,500 custaiméir in 2018.