Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 28 Samhain 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh 3,735* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 566 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 117 acusan san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Cé go bhfuil go leor airde ar leaganacha nua, tá minicíocht an athraithe delta de COVID-19 fós ró-ard in Éirinn, le hionfhabhtú forleathan sa phobal. Tá a fhios againn go léir na gníomhartha chun leathadh COVID-19 a chosc - sláinteachas maith láimhe, clúdach aghaidhe a chaitheamh, bualadh le daoine eile lasmuigh nuair is féidir agus, nuair a bhíonn tú taobh istigh, fuinneoga a oscailt agus aeráil mhaith a chinntiú, coinneáil amach ó dhaoine eile agus, ar ndóigh, vacsaín agus teanndáileog a fháil nuair atá tú incháilithe.
“Leanann Foireann Faireachais Eipidéimeolaíoch NPHET ag teacht le chéile an deireadh seachtaine seo chun monatóireacht a dhéanamh ar an leagan nua SARS-CoV-2 Athraitheach B.1.1.529 (Omicron) agus tá rialacháin á dtarraingt suas chun éifeacht a thabhairt do na beartais nua um thaisteal agus choraintín.
“Idir an dá linn, moltar dóibh siúd a thaistil ó Bhotsuáin, Eswatini, Leosóta, Mósaimbíc, an Namaib, an Afraic Theas nó an tSiombáib go hÉirinn ón 1 Samhain gur chóir dóibh aonrú agus táistáil PCR a dhéanamh, beag beann ar stádas na siomtóm. Is féidir é seo a chur in áirithe saor in aisce ar HSE.ie."
CRÍOCH
Ní bhíonn tionchar ag éagsúlacht ó lá go lá ar líon na gcásanna COVID-19 a dtuairiscítear ar anailís ar threochtaí lárnacha. Réitíonn anailísiú thar thréimhse ama níos faide mar sheachtain nó 14 lá, aon éagsúlachtaí a thugtar isteach le hamanta próiseála, agus soláthraíonn sé léargas níos seasmhaí den treocht.
Beidh líon na bhfógraí ar CIDR difriúil ó fhoinsí sonraí FSS eile, cosúil le torthaí dearfacha SARS-CoV-2 a uaslódáiltear chuig an Rianaire Cúraim COVID, ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear:
D’fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú mar gheall ar bhailíochtú sonraí sa todhchaí.
Tá staitisticí ar fáil ar an Deais COVID-19