Tá fáilte curtha ag an Aire Hackett as maoiniú ar mhaithe le hOrgánaic, Foraoiseacht agus Gairneoireacht le taca a chur faoi threo straitéiseach fad-téarmach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta le freagracht as Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett, roimh thacaíocht láidir airgid don fheirmeoireacht orgánach, don fhoraoiseacht agus earnáil na gairneoireachta i mBuiséad 2024.
Agus tacaíochtaí Bhuiséad 2024 don trí phríomhearnáil seo á bplé aici, dúirt an tAire Hackett:
“Seo buiséad atá dírithe go mór ar an timpeallacht, laistigh do mo roinn féin agus ar fud an Rialtais araon. Tá an-áthas orm go bhfuair mé €57 milliún mar mhaoiniú d'fheirmeoirí orgánacha in 2024. Is léiriú é an méadú seo ar mhaoiniú ar an spéis mhór atá i bhfeirmeoireacht orgánach, agus an bealach a bhfuiltear ag cur léi, dá bharr sin. Tá dhá oiread feirmeoirí orgánacha ann agus tá an limistéar talaimh atá faoi fheirmeoireacht orgánach méadaithe faoi dhó ó tháinig an Rialtas seo chun cumhachta, agus táimid ar an mbealach ceart lenár sprioc de 10% den uile talamh feirme a bheith faoi thairgeadh orgánach faoi 2030, a bhaint amach. Beidh mé ag oscailt scéim na feirmeoireachta orgánaí d'iarrthóirí nua go han-gairid chun leanacht leis an móiminteam seo chun tosaigh.”
I ndáil leis an bhForaoiseacht, dúirt an tAire Hackett:
“Is é an Clár Foraoiseachta nua an ceann is uaillmhianaí ariamh ó bunaíodh an Stát. Cuirfidh maoiniú na bliana seo chugainn, arb fiú €110 milliún é, bonn an-láidir leis an earnáil ionas go mbeidh muid in ann cur leis na leibhéil churaíochta bhliantúla ó 2024 ar aghaidh. Leis an bpacáiste seo, spreagfar feirmeoirí chun crainn a chur mar chuid dár gcuid iarrachtaí le hastaíochtaí a laghdú agus leis an mbithéagsúlacht agus caighdeán an uisce a fheabhsú, leis an Scéim Limistéar Crann Áitiúil agus leis an Scéim Foraoiseachta, atá níos leithne araon. Tá sé ar intinn againn plean a fhoilsiú leis na moltaí ón Athbhreithniú Neamhspleách ar Chríonadh Siar Fuinseoige a chur chun feidhme sna seachtainí atá amach romhainn.”
Chuir an tAire Hackett béim chomh maith ar an tacaíocht don earnáil ghairneoireachta i mBuiséad 2024:
“Tá an earnáil ghairneoireachta mar phríomhchúram dom, agus tá ríméad orm go bhfuair mé pacáiste iomlán de €14.35 milliún don earnáil don bhliain atá amach romhainn. Leis seo, tabharfar tacaíocht do chlár leanúnach infheistíochta caipitil de €10 milliún, agus €1.35 milliún le tacú leis an Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta a thabhairt chun críche. Thairis sin, tá ríméad orm a dhearbhú go bhfuil mé ag leithdháileadh €3 mhilliún le haghaidh luathíocaíochtaí d'Eagraíochtaí Táirgeora faoin scéim arna maoiniú ag an Aontas Eorpach don earnáil torthaí agus glasraí.”
Tá an tAire Hackett freagrach as Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha laistigh den Roinn Talmhaíochta, agus chuir sí fáilte roimh an €18 milliún a chuirfear ar fáil do EIPanna in 2024:
“Tá an rath go deo ar scéimeanna atá faoi thionchar áitiúil agus atá dírithe ar thorthaí, le roinnt blianta anuas, do fheirmeoirí agus don chomhshaol araon. Sin é an fáth go raibh mé go láidir ar son mhúnla, atá faoi thionchar áitiúil agus atá dírithe ar thorthaí, a bheith mar pháirt lárnach dár bPlean Straitéiseach CBT tríd na Tionscadail Chomhoibrithe ACRES. Sa bhreis ar an €200 milliún de mhaoiniú ACRES a mbainfidh feirmeoirí i dTionscadail Chomhoibrithe ar fud na tíre tairbhe as, caithfidh muid €18 milliún ar EIPanna in 2024. Leis an maoiniú seo, tabharfar tacaíocht d'fheirmeoirí le gníomhaíocht spriocdhírithe a dhéanamh ar leibhéal áitiúil mar chuid de scéimeanna arna ndíriú ar chaighdeán uisce, pórúchán lapairí, feirmeoireacht ar thalamh portaigh, agus EIPanna nua le maoiniú faoi ghlao le haghaidh moltaí tionscadail, go luath sa bhliain seo chugainn.”
Chuir an tAire Hackett fáilte roimh mhaoiniú le haghaidh tuilleadh sampláil ithreach agus báinseacha il-speiceas mar bhearta tábhachtacha i ndáil le sláinte cré, agus í ag rá:
“Tá sláinte cré ríthábhachtach dár mbeatha in iomlán, agus dá mó atá ar eolas againn faoi, is mó an t-eolas a bheith againn maidir lena cinntí atá le déanamh againn lena chaomhnú agus lena athnuachan. Tá an-áthas orm go bhfuil €8.8 milliún leithdháilte don chlár sampláil agus anailíse cré lena a chuirfidh ar chumas feirmeoirí cinntí eolacha dírithe a dhéanamh ar an láthair agus sa deireadh laghdófar a spleáchas ar ionchuir cheimiceacha. Leis an maoiniú de €2.5 mhilliún atá leithdháilte againn do bháinseacha
il-speiceas in 2024 cuirfear ar chumas feirmeoirí ionchuir cheimiceacha a laghdú agus cré shláintiúil a chruthú trí bháinseach níos ilghnéithí
Agus í ag déanamh cur síos ar chomhthéacs níos leithne, lena bhain a cuid fógraí maidir leis an mbuiséad, chinn an tAire Hackett:
“Is léir gur garsprioc thábhachtach d'aon earnáil é Lá an Bhuiséid, ach níl i gceist le leithdháileadh maoinithe ach píosa amháin den scéal. Ní mór dúinn airgead na gcáiníocóirí a úsáid i gcaoi atá dírithe go straitéiseach, leis na cuspóirí fadtéarmach gur mian linn a bhaint amach. Cuireann an Straitéis Náisiúnta don Ghairneoireacht treochlár ar fáil don earnáil ghairneoireachta, a chuireann taca faoi thiomantas an Rialtais don earnáil ghairneoireachta agus don iomad saoránach atá ag brath uirthi. Ar an mbealach céanna, d'fhoilsigh mé Straitéis Foraoiseachta na hÉireann go 2030 níos túisce sa mhí seo, agus cinntítear leis seo chomh maith go bhfuil creat soiléir straitéiseach mar threoir dár gcuid caiteachais, ionas go mbeidh muid in ann na cuspóirí uaillmhianacha atá leagtha amach againn dúinn féin a bhaint amach. Tá an earnáil orgánaice ag dul ó neart go neart, agus chun leanacht ag cur leis an móiminteam, tá muid ag obair faoi láthair ar Straitéis Orgánaice Náisiúnta uasdátaithe lenár gcuspóirí méadaithe d'earnáil a chur san áireamh, rud a fhoilseoidh muid an bhliain seo chugainn.”