Pacáiste tacaíochta breise ar luach €79.5 milliún faofa d'Fheirmeoirí a ndeachaigh Galar Chríonadh Siar na Fuinseoige i bhfeidhm orthu
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fháiltigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, an Seanadóir Pippa Hackett agus Martin Heydon TD, roimh cheadú an Rialtais inniu do Phlean Gníomhaíochta chun tacaíochtaí breise a chur ar fáil d'fheirmeoirí a bhfuil fáschoillte acu a bhfuil thíos le galar chríonadh siar na fuinseoige.
Ag labhairt di tar éis chruinniú na Comh-Aireachta inniu, dúirt an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett:
“Tá ríméad orm gur thacaigh mo chomhghleacaithe Rialtais leis an bPlean Gníomhaíochta seo um Chríonadh Siar na Fuinseoige. Bhí rún daingean agam plean gníomhaíochta a thabhairt chun tosaigh a thabharfadh aghaidh ar ábhair imní na bhfeirmeoirí agus na n-úinéirí talún araon a raibh tionchar ag críonadh siar na fuinseoige orthu, agus ar mholtaí an ghrúpa athbhreithnithe neamhspleách a choimisiúnaigh mé anuraidh. Creidim go seasann an plean seo leis an dá bheart sin agus tá áthas ar leith orm a bheith in ann €79.5 milliún breise de mhaoiniú a chur i bhfeidhm a ligfidh dúinn Íocaíocht Feidhmíochta um Ghníomhú ar Son na hAeráide nua de €5,000 in aghaidh an heicteáir a íoc le húinéirí fáschoillte fuinseoige atá thíos le críonadh siar na fuinseoige a chuaigh i ngleic go hiomlán le scéimeanna athbhunaithe mo Roinne.”
Tá roinnt gnéithe ag baint leis an tacaíocht airgeadais d'fheirmeoirí a bhfuil tionchar ag críonadh siar na fuinseoige ar a bhfáschoillte, is é sin:
• Méadú 100% ar an ráta deontais do ghlanadh láithreáin, ó €1,000 go €2,000, faoin gClár Foraoiseachta nua i gcomparáid leis an scéim athbhunaithe roimhe seo;
• Rátaí deontais athphlandaithe feabhsaithe faoin gClár Foraoiseachta nua, de réir an chineáil foraoise atá roghnaithe. Mar shampla, meallfaidh Cineál Foraoise FT12 (buaircíneach) €3,858 in aghaidh an heicteáir, agus meallfaidh plandáil Chineál Foraoise 1 (crainn dhúchasacha) €6,744 in aghaidh an heicteáir, agus agrafhoraoiseacht €8,555 in aghaidh an heicteáir. Is ionann na rátaí deontais nua seo agus méadú thart ar 20% orthu siúd atá ar fáil faoin gclár roimhe seo;
• Na hiarratasóirí sin a bhfuil a suíomhanna fós faoi phréimh, leanfaidh siad den phréimh atá dlite do na blianta atá fágtha a fháil. Gheobhaidh siad íocaíocht bhreise aonuaire freisin arb ionann í agus an difríocht idir an phréimh atá ann cheana agus an phréimh nua ghaolmhar de Chineál Foraoise faoin gClár nua. Mar shampla, feirmeoir a bhfuil préimh seacht mbliana fágtha aige a théann isteach sa Scéim Athbhunaithe chun FT1 (foraois dhúchasach) a chur, beidh sé i dteideal íocaíocht chnapshuime de thart ar €3,336 in aghaidh an heicteáir a fháil.
• Is ionann an chomhpháirt airgeadais nua de Phlean Gníomhaíochta an lae inniu - Íocaíocht Feidhmíochta um Ghníomhú ar son na hAeráide (CAPP) agus €5,000 in aghaidh an heicteáir do rannpháirtithe i scéimeanna athbhunaithe. Cuirfear an íocaíocht seo ar fáil do gach úinéir foraoise fuinseoige atá, nó a bheidh, ag plé go hiomlán le scéimeanna na Roinne um chríonadh siar na fuinseoige, chun láithreáin a ghlanadh agus athphlandú a dhéanamh.
• Beidh an pacáiste foriomlán atá á chur ar fáil d'úinéirí fáschoillte fuinseoige níos mó ná €230 milliún.
Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D:
“Léiríonn an Plean Gníomhaíochta seo diongbháilteacht mo Roinne chun déileáil go cinntitheach leis an tsaincheist maidir le críonadh siar na fuinseoige, agus chun aghaidh iomlán a thabhairt ar ábhair imní feirmeoirí agus úinéirí talún eile, mar atá leagtha amach i dtuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách. Is freagra cuimsitheach é, agus tá súil agam go méadóidh sé spéis agus rannpháirteachas i gClár Foraoiseachta 2023-2027 na hÉireann.”
D'fháiltigh an tAire Stáit, a bhfuil freagracht speisialta air maidir le taighde agus forbairt, sábháilteacht feirme agus forbairt margaidh nua, Martin Heydon T.D, roimh an méid a d’fhaomh an Chomh-Aireacht inniu freisin. Dúirt sé:
“Is chun leas gach duine é go dtacaítear le feirmeoirí déileáil le críonadh siar na fuinseoige trí fháschoillte atá buailte a ghlanadh, go háirithe ó thaobh sábháilteacht feirme de. Soláthraíonn an Plean Gníomhaíochta atá á fhógairt inniu na huirlisí riachtanacha chun an cuspóir sin a bhaint amach, agus impím ar fheirmeoirí dul i dteagmháil le Scéim Athbhunaithe mo Roinne a luaithe agus is féidir."
Mar fhocal scoir, dheimhnigh an tAire Hackett go bhfuil an Plean Gníomhaíochta foilsithe ag a Roinn anois, agus go gcuirfidh sí an obair a theastaíonn chun na gníomhartha a chur i bhfeidhm chun cinn láithreach. Dúirt sí:
“Cuirfidh mo Roinn na socruithe riachtanacha i bhfeidhm anois chun leanúint ar aghaidh leis na gníomhartha mar atá leagtha amach. Go deimhin, tá cuid mhaith den obair seo ar siúl cheana féin. Tá foghrúpa den Choiste Comhairleach um Straitéis Foraoiseacht a tionóladh le déanaí á bhunú agam freisin, ar a bhfuil na páirtithe leasmhara ábhartha go léir, chun freagairt chomhordaithe a éascú agus chun an Plean Gníomhaíochta um Chríonadh Siar na Fuinseoige a chur i bhfeidhm go tapa. An tascfhórsa seo, a thugann aghaidh ar cheann eile de phríomh-mholtaí an Ghrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách, tiocfaidh sé le chéile sna seachtainí amach romhainn.”
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá an Plean Gníomhaíochta ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne anseo .
Tá an Scéim Athbhunaithe do Chríonadh Siar na Fuinseoige, faoin gClár Náisiúnta Foraoiseachta nua 2023 -2027 ar fáil anseo: gov - Scéim Athbhunaithe agus Fophlandáil (Críonadh Siar na Fuinseoige) (www.gov.ie)
Cúlra